Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An chaoi a nglactar buiséad an Aontais Eorpaigh

Buiséad an Aontais

Tarraingíonn buiséad an Aontais Eorpaigh acmhainní ar leibhéal na hEorpa le chéile agus cuireann sé ar chumas thíortha an Aontais níos mó a bhaint amach i dteannta a chéile ná mar a dhéanfaidís ina n-aonar. Cabhraíonn an buiséad freisin chun airgead poiblí a shábháil trí mhaoiniú a chur ar fáil do thionscadail ar nós cláir bhonneagair agus thaighde, sin agus úsáideann sé infheistíochtaí ón Aontas atá sách beag ach lena mbaineann éifeacht iolraithe agus cosc á chur aige ag an am céanna ar an dúbailt iarrachtaí ar an leibhéal náisiúnta.

Buiséad infheistíochta atá i mbuiséad an Aontais go príomha agus cuireann sé le buiséid náisiúnta an Aontais mar gurb í an phríomhaidhm atá aige borradh a chur faoin bhfás agus faoin iomaíochas ar an leibhéal níos leithne Eorpach. Ní úsáidtear é ach amháin nuair is éifeachtaí airgead a chaitheamh ar leibhéal an Aontais ná ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta. Maoinítear gníomhaíochtaí leis, lena n-áirítear:

  • ceantair thuaithe a fhorbairt
  • comhtháthú a chur chun cinn agus an comhshaol a chaomhnú
  • tacú le cláir oideachais agus thaighde an Aontais Eorpaigh (Erasmus agus Fís)
  • teorainneacha seachtracha a chosaint
  • an comhar um fhorbairt a mhéadú
  • cearta an duine a chur chun cinn.

An méid a dhéantar le buiséad an Aontais: roinnt samplaí

Buiséad fadtéarmach

Tugtar an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) ar an mbuiséad fadtéarmach agus is iondúil gurb é a shainíonn na tosaíochtaí agus na teorainneacha caiteachais ar feadh 7 mbliana. Leagtar amach in CAI na huasmhéideanna bliantúla (uasteorainneacha) do chaiteachas an Aontais ina iomláine agus na príomhchatagóirí caiteachais (ceannteidil). Ina theannta sin cuireann sé ar chumas an Aontais a chláir chistiúcháin a phleanáil roinnt blianta roimh ré. 

Tá an CAI reatha i bhfeidhm ó 2021 go 2027. Bhí Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar fad páirteach sa chaibidlíocht a bhain leis.

Buiséad bliantúil

Déantar buiséad bliantúil nua a chaibidliú agus a ghlacadh gach bliain. Leagtar amach leis sin an caiteachas agus an t-ioncam don bhliain airgeadais laistigh de na teorainneacha a comhaontaíodh faoin CAI atá i bhfeidhm faoi láthair.

Bíonn deis ag Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar fad a dtuairimí a thabhairt faoi mhéid an bhuiséid bhliantúil, agus faoin dóigh a leithdháiltear é. Faoi na Conarthaí (Airteagal 17(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 317 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh), áfach, is é an Coimisiún atá freagrach as an mbuiséad a chur chun feidhme. Ag brath ar chineál an chistiúcháin lena mbaineann, d’fhéadfadh sé go mbeadh an buiséad á bhainistiú (i) ag an gCoimisiún agus ag na húdaráis náisiúnta i gcomhpháirt le chéile; (ii) go díreach ag an gCoimisiún nó (iii) go hindíreach ag údaráis eile laistigh nó lasmuigh den Aontas. Is iad tíortha an Aontais agus an Coimisiún le chéile atá freagrach as timpeall 80% den bhuiséad a chur chun feidhme.

Próiseas caibidlíochta an bhuiséid fhadtéarmaigh

An buiséad a thíolacadh

Tosaíonn próiseas na caibidlíochta maidir leis an mbuiséad fadtéarmach cúpla bliain sula nglacfar é ar deireadh.

Seolann an Coimisiún an próiseas foirmiúil trína phacáiste CAI a chur i láthair.

Áirítear sa phacáiste sin tograí le haghaidh na nithe seo a leanas:

  • Rialachán CAI, ina leagtar amach an méid airgid is féidir leis an Aontas Eorpach a chaitheamh
  • cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse, ina leagtar síos foinsí ioncaim an Aontais
  • reachtaíocht earnála lena rialaítear gach clár maoiniúcháin de chuid an Aontais

An buiséad a chaibidliú

Ullmhaíonn Comhairle an Aontais Eorpaigh a seasamh ina sainaithnítear na pointí ar gá do cheannairí an Aontais treoir pholaitiúil a thabhairt agus tosaíochtaí a shocrú ina leith. Cuidíonn a cuid torthaí leis an gComhairle Eorpach a dréachtchonclúidí maidir leis an bpacáiste CAI a tharraingt suas.

Cuireann ceannairí an Aontais sa Chomhairle Eorpach treoir pholaitiúil ar fáil maidir le príomhghnéithe an bhuiséid fhadtéarmaigh, rud a chuireann ar chumas na Comhairle a seasamh a bhaint amach.

Glacann Parlaimint na hEorpa seasamh bunaithe ar an Tuarascáil ón gCoimisiún freisin. Tosaíonn caibidlíocht thríthaobhach le Parlaimint na hEorpa a luaithe a bheidh a seasamh comhaontaithe ag an gComhairle Eorpach, d’fhonn toiliú Pharlaimint na hEorpa a fháil.

An buiséad a ghlacadh

Ansin glactar an buiséad fadtéarmach tar éis nós imeachta reachtach speisialta.

Glactar Rialachán CAI tar éis:

  • don Chomhairle teacht ar chomhaontú d’aon toil
  • do Pharlaimint na hEorpa a toiliú a thabhairt chun an próiseas cinnteoireachta a thabhairt chun críche (Féadfaidh Parlaimint na hEorpa an seasamh ón gComhairle a fhormheas nó a dhiúltú dó ach ní féidir léi leasuithe a dhéanamh air).

Sular féidir an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse a chur i bhfeidhm, tá gá leis an méid seo a leanas:

  • comhaontú d’aon toil lena ghlacadh sa Chomhairle
  • tuairim ó Pharlaimint na hEorpa
  • formheas ó gach tír san Aontas de réir a gceanglas bunreachtúil

CAI 2021-2027

An chaoi a ndéantar an buiséad fadtéarmach a chaibidliú

Míniú ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais

An próiseas caibidlíochta maidir leis an mbuiséad bliantúil

Bunús dlí

Is i gcomhpháirt le chéile a chinneann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle buiséad bliantúil an Aontais. Bunaítear an nós imeachta a leanann siad le hAirteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus cuirtear ar bun é an bhliain sula gcuirtear an bhuiséad chun feidhme.

Nós imeachta buiséadach caighdeánach

  • faoin 1 Iúil, cuireann institiúidí uile an Aontais a ráiteas meastachán faoi seach chuig an gCoimisiún, ráiteas a tharraingítear suas de réir a nósanna imeachta inmheánacha
  • faoin 1 Meán Fómhair, cuireann an Coimisiún a dhréachtbhuiséad bliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle bunaithe ar an Rialachán CAI atá i bhfeidhm agus ar na treoirlínte buiséid don bhliain atá le teacht. Go praiticiúil, tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún an dréachtbhuiséad a thíolacadh i mí an Mheithimh
  • faoin 1 Deireadh Fómhair, glacann an Chomhairle a seasamh maidir leis an dréachtbhuiséad (lena n-áirítear leasuithe)
  • leanann an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa laistigh de 42 lá (lena n-áirítear leasuithe)

Mura mbíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar aon intinn le chéile: 

  • tionóltar Coiste Idir-réitigh le hionadaithe ón dá chomhreachtóir agus cuirtear de chúram air teacht ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach laistigh de 21 lá tar éis do Pharlaimint na hEorpa a seasamh a ghlacadh
  • tá 14 lá ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle an téacs comhpháirteach a fhormheas nó a dhiúltú

Má fhormheastar an téacs comhpháirteach:

  • glacann Parlaimint na hEorpa an buiséad bliantúil

Má dhiúltaíonn an Chomhairle don téacs comhpháirteach:

  • is féidir le Parlaimint na hEorpa an buiséad a ghlacadh go fóill ach is gá tromlach sonrach a bheith ann chuige sin (tromlach chomhaltaí na Parlaiminte agus trí chúigiú de na vótaí a chaitear)

Má dhiúltaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon don dréacht comhpháirteach nó mura n-éiríonn leo teacht ar chomhaontú ina leith:

  •  diúltaítear don bhuiséad agus ní mór don Choimisiún dréachtbhuiséad nua a thíolacadh

Is féidir an buiséad bliantúil a leasú chun freagairt d’imthosca gan choinne nó i bhfianaise eolas nach bhfuil ar fáil tráth an togra ón gCoimisiún. Is féidir é sin a dhéanamh trí litir leasaitheach (sula nglactar go críochnaitheach é) nó trí bhuiséad leasaitheach (le linn an chur chun feidhme). Tá litreacha leasaitheacha agus buiséid leasaitheacha araon faoi réir na rialacha nós imeachta céanna leis an mbuiséad ginearálta.

Amlíne bhuiséad an Aontais

Ioncam agus caiteachas bhuiséad an Aontais

An chaoi a gcaitear buiséad bliantúil an Aontais