Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An chaoi a socraítear tosaíochtaí an Aontais

1 of 1

Roimh thús gach téarma reachtaigh nua – téarma oifige cúig bliana na gCoimisinéirí Eorpacha agus na bhFeisirí i bParlaimint na hEorpa – tagann cinn stáit/rialtais na mBallstát go léir le cheile sa Chomhairle Eorpach chun tosaíochtaí polaitiúla oifigiúla a leagan amach don Aontas. 

Is iad na tosaíochtaí sin i dteannta a chéile a chuimsítear sa chlár oibre straitéiseach – rud a chuidíonn chun institiúidí an Aontais a threorú agus a leagann amach conas na tosaíochtaí a bhaint amach.

Treoraíonn an clár oibre straitéiseach tosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin dá théarma oifige féin freisin, mar atá leagtha amach ina threoirlínte polaitiúla. Leis na tosaíochtaí sainaithnítear na príomhbheartais agus na príomhchéimeanna ginearálta atá sé beartaithe ag an gCoimisiún a leanúint chun deimhin a dhéanamh de go mbainfear amach na cuspóirí polaitiúla atá aige.

Is iad institiúidí an Aontais agus rialtais an Aontais, i gcomhar le chéile, a chuireann an clár oibre straitéiseach sin chun feidhme go comhpháirteach.

A luaithe is a leagann an t-iarrthóir ar an Uachtaránacht amach tosaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh, déantar an méid seo a leanas:

  • cuirtear i láthair iad do Pharlaimint na hEorpa ina hiomláine (i suí iomlánach)
  • déantar ráitis mhisin shonracha díobh do gach Coimisinéir iarrthach, agus cuirtear faoi bhráid an Choiste ábhartha de chuid na Parlaiminte iad.  

Tá na treoirlínte polaitiúla ina mbonn do chláir oibre bhliantúla an Choimisiúin. Leagtar amach iontu na tionscnaimh atá beartaithe chun na tosaíochtaí a chur i gcrích sa 12 mhí atá le teacht.

Cuirtear tús le hullmhú na gclár oibre leis an aitheasc bliantúil ar Staid an Aontais agus an Litir Intinne a ghabhann leis. 

Leis sin seoltar sraith cainteanna leis an bParlaimint agus le Comhairle an Aontais maidir leis na tosaíochtaí don chéad bhliain eile. Ag an am céanna, éisteann an Coimisiún le tuairimí Choiste Eorpach na Réigiún agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. 

Nuair a bhíonn clár oibre an Choimisiúin glactha, eisíonn an Coimisiún, an Pharlaimint agus an Chomhairle ráiteas comhpháirteach maidir le tosaíochtaí an Aontais, chun gníomhaíocht ghasta a chumasú agus chun a chinntiú go mbeidh an fócas polaitiúil ar na tosaíochtaí sin a chur i gcrích.

Chun pleanáil níos fadtéarmaí a chumasú, ag tús an téarma reatha in 2020 ghlac trí institiúid an Aontais, den chéad uair, conclúidí comhpháirteacha maidir le cuspóirí beartais agus tosaíochtaí le haghaidh an timthrialla reachtaigh iomláin (a mhairfidh go dtí 2024).

Grafaic faisnéise: An chaoi a socraítear tosaíochtaí an Aontais

An chaoi a gcuirtear Clár Oibre an Choimisiúin chun feidhme

Tosaíochtaí eile

I dteannta na dtosaíochtaí thuasluaite, leagann institiúidí eile de chuid an Aontais amach a dtosaíochtaí féin lena dtuairimí a léiriú.

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Bíonn Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh faoi rialtas éagsúil de chuid an Aontais gach 6 mhí. Is é an ról a bhíonn ag an Uachtaránacht gníomhú mar idirghabhálaí macánta, agus cainteanna sa Chomhairle – i measc thíortha uile an Aontais – maidir le reachtaíocht an Aontais a bhrú chun cinn. 

Sainaithníonn gach Uachtaránacht a tacar tosaíochtaí féin. Cinntear na tosaíochtaí de réir shaincheisteanna práinneacha an Aontais ag an am agus is é neartú an Aontais agus a chuid luachanna a chur chun cinn an sprioc fhoriomlán a bhíonn leo.

Tuilleadh eolais faoi thosaíochtaí Uachtaránacht reatha an Aontais

Parlaimint na hEorpa – grúpaí polaitiúla

Baineann formhór mór na 705 Fheisire le ceann de na 7 ngrúpa pholaitiúla reatha, iad eagraithe de réir páirtí seachas de réir náisiúntachta.

Leagann gach grúpa polaitiúil amach a thosaíochtaí féin, lena léirítear na saincheisteanna a mheasann a vótálaithe a bheith ríthábhachtach.

Roimh gach vóta i suí iomlánach, déanann na grúpaí polaitiúla scrúdú ar na tuarascálacha a bhíonn tarraingthe suas ag na coistí parlaiminteacha agus cuireann siad leasuithe síos orthu.

An seasamh a ghlacann an grúpa polaitiúil, tagann sé tar éis don ghrúpa plé a dhéanamh. Ní féidir iallach a chur ar Fheisire ar bith vótáil ar bhealach ar leith.

Tuilleadh eolais faoi thosaíochtaí ghrúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa

Tosaíochtaí uile Pharlaimint na hEorpa

Video gallery