Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Na tíortha a úsáideann an euro

Is é an euro an cruthúnas is léire dá bhfuil ann ar chomhtháthú na hEorpa: úsáideann thart ar 341 milliún duine gach lá é, agus fágann sin go bhfuil an euro ar an dara hairgeadra is mó úsáid ar domhan. Ní gá ach dul thar sáile nó siopadóireacht a dhéanamh ar líne ar shuíomhanna gréasáin atá lonnaithe i mBallstát eile den Aontas chun buntáistí an chomhairgeadra a thuiscint.

Na Ballstáit a úsáideann an euro

Faoi láthair, is é an euro (€) airgeadra oifigiúil 20 gcinn as na 27 mBallstát den Aontas Eorpach. An Limistéar Euro a thugtar ar na tíortha sin le chéile.

Conas a théann tíortha isteach ann

Chun dul isteach sa limistéar euro, ní mór don Bhallstát i gceist na ‘critéir um chóineasú’ a chomhlíonadh.

Comhaontaíodh na coinníollacha ceangailteacha eacnamaíocha agus dlíthiúla sin i gConradh Maastricht in 1992 agus sin é an chúis a dtugtar ‘critéir Maastricht’ orthu freisin. Ní mór do Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh, seachas an Danmhairg, an euro a ghlacadh agus dul isteach sa limistéar euro, nuair a bheidh na critéir ábhartha comhlíonta acu.

Níl aon amchlár ar leith leagtha síos sa Chonradh i leith Ballstát dul isteach sa limistéar euro; is é an chaoi a bhfágtar faoi na Ballstáit na coinníollacha maidir le glacadh an euro a chomhlíonadh ar an dóigh is fearr leo.

Is iad an Coimisiún Eorpach agus an Banc Ceannais Eorpach a dhéanann an cinneadh in éineacht a chéile, an bhfuil na coinníollacha comhlíonta ag an mBallstát atá ag iarraidh teacht isteach sa limistéar euro nó nach bhfuil. Tar éis measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis na critéir um chóineasú, foilsíonn an dá institiúid sin a gconclúidí ina dtuarascálacha féin. Déanann Comhairle ECOFIN na tuarascála sin a dhaingniú ansin i gcomhairle leis an bParlaimint agus leis na Cinn Stáit. Má thugtar tuairim fhabhrach, is féidir tús a chur le próiseas an euro a ghlacadh.