Forbhreathnú
- Ról: Tacaíocht riaracháin agus ghairme a thabhairt do Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC)
- Stiúrthóir: László Ignéczi
- Bliain a bhunaithe: 2010
- Líon ball foirne: 27
- Suíomh: Ríge (an Laitvia)
- Suíomh gréasáin: BEREC
Is éard atá in Oifig BEREC gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh a thugann tacaíocht riaracháin agus ghairme do Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach.
A ndéanann sé
Féachann BEREC leis go ndéantar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, sa chaoi is go bhfeidhmeoidh margadh an Aontais Eorpaigh i gcomhair cumarsáid leictreonach go réidh.
Cuireann BEREC comhairle ar na hInstitiúidí Eorpacha. Déanann sé sin ar iarratas agus as a stuaim féin. Bord Rialálaithe atá in BEREC; is éard atá sa Bhord sin na daoine uile (nó a n-ardionadaithe ainmnithe) atá ina gceann ar an rialálaí náisiúnta atá ag gach tír ar leith den Aontas Eorpach.
Iad sin a bhaineann leas as
Is orthu seo atá cuid oibre BEREC dírithe:
- institiúidí Eorpacha, réigiúnacha agus náisiúnta i réimse na teileachumarsáide leictreonaí
- gnólachtaí agus comhlachais lucht gairme na hearnála
- tomhaltóirí agus comhlachais tomhaltóirí
- cuideachtaí sainchomhairleoireachta, taighdeoirí agus meithleacha machnaimh
- acadóirí.
Féach freisin
Teagmháil
- Ainm
- Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC)
- Suíomh gréasáin
- http://berec.europa.eu/
- Seoladh ríomhphoist
- Uimhir ghutháin
- +371 6000 7600+371 6000 7602
- Uimhir ghutháin póca
- +371 66 117 560
- Seoladh poist
- Z.A. Meierovica Bulvaris 14, Riga, LV-1050, An Laitvia
- Na meáin shóisialta