Forbhreathnú
- Ról: Cuireann Cedefop ar fáil na sonraí a mbunaítear beartais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna orthu san Aontas Eorpach
- Stiúrthóir Gníomhach: Mara Brugia
- Bliain a bunaithe: 1975
- Líon ball foirne: 98
- Suíomh: Thessaloniki na Gréige
- Suíomh gréasáin: Cedefop
Cuidíonn an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) beartais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna an Aontais a cheapadh agus a chur i bhfeidhm. Déanann sé monatóireacht ar mhargaí saothair agus cuidíonn sé leis an gCoimisiún Eorpach, leis na Ballstáit, le heagraíochtaí fostóirí agus le ceardchumainn an saghas oiliúna a chuirtear ar fáil a chur in oiriúint do riachtanais an mhargaidh saothair.
A ndéanann sé
Is éard atá in Cedefop eagraíocht de chuid an Aontais a thugann i gceann a chéile lucht ceaptha beartas, eagraíochtaí fostóirí agus ceardchumann, institiúidí oiliúna, múinteoirí agus oiliúnóirí, agus foghlaimeoirí de gach aois, is é sin gach dream a mbaineann an gairmoideachas agus an ghairmoilúint leis.
Ós ní é gur ag an gcrosbhóthar idir córais oideachais agus an saol oibre atá sé suite, tá Cedefop mar a bheadh fóram ann inar féidir le dreamanna a mbaineann a chuid oibre leo smaointe a roinnt le chéile agus plé a dhéanamh ar an dóigh is fearr le feabhas a chur ar an ngairmoideachas agus ar an ngairmoiliúint san Eoraip. Roinneann sé a chuid saineolais le heagraíochtaí polaitiúla agus le lucht tionscadail sna Ballstáit chun cuidiú leo deiseanna foghlama agus oibre a chur ar fáil.
Iad sin a bhaineann leas as
A bhuí le cuid oibre Cedefop:
- cuidítear le daoine óga imeacht ón oideachas go dtí an margadh saothair
- cuidítear le luathfhágálaithe scoile dul i mbun oideachais agus oiliúna athuair
- cuidítear le daoine fásta atá dífhostaithe nó nach bhfuil a ndóthain fostaíochta acu filleadh ar an oideachas agus fócas a ngairm bheatha a athdhíriú
- cuirtear treoirfhoireann agus foireann chomhairleoireachta ar fáil a bhfuil dearcadh uile-Eorpach acu
- cuidítear le saoránaigh den Aontas aistriú go tíortha eile agus go córais eile agus a gcuid cáilíochtaí leanúint de bheith bailí
- cuidítear leis na Ballstáit na printíseachtaí a chuireann siad ar fáil a athchóiriú
- cuidítear le lucht ceaptha beartas ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus réigiúnach cinntí feasacha a dhéanamh faoin ngairmoideachas agus faoin ngairmoiliúint.
Féach freisin
Teagmháil
- Ainm
- an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (CEDEFOP)
- Suíomh gréasáin
- Seoladh ríomhphoist
- Uimhir ghutháin
- +30 2310 490 111
- Uimhir facs
- +30 2310 490 049
- Seoladh poist
- Europe 123, 57001 Thessaloniki (Pylea), An Ghréig
- Na meáin shóisialta