Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Clean Aviation Joint Undertaking

Forbhreathnú

  • Ról: teicneolaíochtaí nuálacha a fhorbairt chun astaíochtaí CO2 agus gás eile ó aerárthaí, agus leibhéil torainn, a laghdú
  • Stiúrthóir: Axel Krein
  • Comhpháirtithe: An Coimisiún Eorpach, tionscal na haerloingseoireachta (fiontair bheaga agus mheánmhéide san áireamh), lárionaid taighde, lucht léinn
  • Bliain a bhunaithe: 2021
  • An líon foirne: 42
  • Láthair: An Bhruiséil (an Bheilg)
  • Suíomh Gréasáin: An Comhghnóthas um Eitlíocht Ghlan

Compháirtíocht phríobháideach phoiblí a bhfuil rath air is ea an Comhghnóthas um Eitlíocht Ghlan. Is iad an Coimisiún Eorpach agus tionscal aerloingseoireachta na hEorpa atá ina bhun, agus ní fada go mbeidh a spriocanna feidhmíochta comhshaoil bainte amach aige. 

Tagann sé sna sála ar an gclár a bhí ann roimhe, Comhghnóthas Spéire Glaine 2 (féach Rialachán (AE) 2021/2085).

An méid a dhéanann sé

Leis na teicneolaíochtaí eitlíochta glana atá á bhforbairt ag an gclár sin, beidh aerárthaí amach anseo in ann na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • 20-30% níos tíosaí ó thaobh dó breosla agus astaíochtaí C02 gaolmhara de
  • leibhéil torainn a laghdú.

Cé a bhaineann tairbhe as?

  • An pobal – is fearrde an pobal an laghdú ar thruailliú torainn agus ar astaíochtaí, ar roghanna taistil níos fearr agus ar iomaíochas tionsclaíoch san Eoraip.
  • An geilleagar – tá an aerloingseoireacht ar cheann de na tionscail is rathúla dá bhfuil ag an Aontas Eorpach. Cuideoidh Eitlíocht Ghlan le fórsa saothair na hEorapa mhúnlú a bheidh in ann an teicneolaíocht cheannródaíoch is gá a fhorbairt chun í a choinneáil ar bharr an mhargaidh.
  • Fiontair bheaga agus mheánmhéide – tá ag méadú ar líon na bhfiontar den sórt seo atá ag glacadh páirt trí ghlaonna ar thograí tionscadail a thairgtear faoi Eitlíocht Ghlan. Cuireann sé sin deiseanna nua ar fáil dóibh agus cuireann sé slabhraí nua soláthair ar fáil do ghnólachtaí seanbhunaithe na hearnála. 
  • Eolaithe agus lucht léinn – cuireann Spéir Ghlan bealaí ar fáil chun dlús a chur le teicneolaíochtaí núíosacha a chur i bhfeidhm. Tugann sé deis do lucht an tionscail agus lucht na heolaíochta aghaidh a thabhairt ar dhúshláin le chéile.

Teagmháil

An Comhghnóthas um Eitlíocht Ghlan

Ainm
An Comhghnóthas um Eitlíocht Ghlan
Suíomh gréasáin
https://www.clean-aviation.eu/
Uimhir ghutháin
+32 2 221 81 52
Uimhir facs
+32 2 221 81 50
Seoladh poist
Clean Aviation Joint Undertaking, White Atrium Building TO56, 1049 Bruxelles/An Bhruiséil, An Bheilg
Na meáin shóisialta