Forbhreathnú
- Ról: Tacaíonn GEC le tionscadail chomhoibritheacha chosanta Eorpacha agus is fóram atá ann d'aireachtaí cosanta na hEorpa.
- Príomhfheidhmeannach: Jiří Šedivý
- Comhaltaí: 26 mBallstát de chuid an Aontais (ní comhalta é an Danmhairg)
- Bliain a bunaithe: 2004
- Líon na mball foirne: 140
- Suíomh: An Bhruiséil (An Bheilg)
- Suíomh Gréasáin: GEC
Bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) in 2004. Cabhraíonn sí leis na 26 mBallstát atá páirteach (gach Ballstát seachas an Danmhairg) a gcuid acmhainní míleata a fhorbairt.
Cuireann sí an comhar chun cinn, seolann sí tionscnaimh nua agus tugann sí réitigh isteach chun an cumas cosanta a fheabhsú. Cabhraíonn sí freisin leis na Ballstáit sin atá toilteanach cumas cosanta comhpháirteach a fhorbairt é sin a dhéanamh.
Tá ról tábhachtach ag an ngníomhaireacht chun forbairt a dhéanamh ar an gcumas ar a bhfuil Comhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) an Aontais Eorpaigh bunaithe.
Tá ceanncheathrú na gníomhaireachta sa Bhruiséil agus tá thart ar 140 ball foirne aici. Is é Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, atá i gceannas uirthi.
An méid a dhéanann sí
Tacaíonn an ghníomhaireacht leis na 26 mBallstát atá páirteach ann – Ballstáit uile an Aontais seachas an Danmhairg – feabhas a chur ar a gcumas cosanta trí chomhar Eorpach.
Tá ról aici mar áisitheoir agus éascaitheoir do na haireachtaí cosanta atá sásta a bheith ag obair ar thionscadail chomhoibritheacha don chumas cosanta.
Is lárionad don chomhar cosanta Eorpach atá sa ghníomhaireacht. I ngeall ar an saineolas agus ar na líonraí atá aici, is féidir réimsí leathana cosanta a chlúdach. Orthu sin, tá:
- ceanglais a chuíchóiriú chun cumas oibríochtúil a sholáthar
- taighde agus nuálaíocht chun léiritheoirí teicneolaíochta a fhorbairt
- oiliúint agus cleachtaí cothabhála chun tacú le hoibríochtaí faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta.
Oibríonn an ghníomhaireacht freisin chun tionscal cosanta an hEorpa a neartú agus feidhmíonn sí mar éascaitheoir agus pointe teagmhála idir páirtithe leasmhara míleata na mBallstát agus beartais an Aontais a mbíonn tionchar acu ar an gcosaint.
I mí na Bealtaine, chomhaontaigh na Ballstáit cur le misean na gníomhaireachta, go háirithe trí oibreoir lárnach a dhéanamh di do ghníomhaíochtaí i réimse na cosanta a mhaoiníonn an tAontas Eorpach.
Cé a bhaineann tairbhe as?
Baineann Ballstáit an Aontais (AE-27, seachas an Danmhairg) leas as cur chuige solúbtha na gníomhaireachta a chuireann ar a gcumas a leibhéal rannpháirteachais a chinneadh bunaithe ar na riachtanais náisiúnta chosanta atá acu.
Cabhraíonn an ghníomhaireacht le haireachtaí cosanta na hEorpa dul i ngleic le heaspaí sa chumas cosanta agus ó thaobh na hoiliúna de.
Tá comhaontuithe déanta ag GEC le roinnt tíortha lasmuigh den Aontas Eorpach freisin (an Iorua, an tSeirbia, an Eilvéis agus an Úcráin).
Teagmháil
- Ainm
- An Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC)
- Suíomh gréasáin
- https://www.eda.europa.eu/
- Uimhir ghutháin
- +32 2 504 28 00
- Uimhir facs
- +32 2 504 28 15
- Seoladh poist
- Rue des Drapiers/Lakenweversstraat 17-23, 1050 Bruxelles/an Bhrúiséil, An Bheilg
- Na meáin shóisialta