Forbhreathnú
- Ról: Cuireann an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil eolas faoin gcomhshaol ar fáil do lucht ceaptha beartas agus don phobal i gcoitinne.
- Stiúrthóir: Hans Bruyninckx
- Comhpháirtithe: Ballstáit an Aontais, an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Tuirc agus an Eilvéis
- Bliain a bunaithe: 1990
- Líon a ball foirne: 200
- Suíomh: Cóbanhávan
- Suíomh gréasáin:An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil
Is gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh í an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) a bhfuil sé de chúram uirthi faisnéis iontaofa neamhspleách a thabhairt faoin gcomhshaol. Tá sí ina mórfhoinse eolais dóibh siúd a bhfuil baint acu leis an mbeartas comhshaoil a fhorbairt, a chur in oiriúint, a chur chun feidhme agus a mheasúnú, agus don phobal i gcoitinne freisin.
A ndéanann an ghníomhaireacht
Siod é sainchúram na gníomhaireachta:
- cabhrú leis an Aontas Eorpach agus lena Bhallstáit cinntí eolasacha a dhéanamh faoi fheabhsú an chomhshaoil, ceisteanna comhshaoil a chur san áireamh i mbeartais eacnamaíocha agus féachaint leis an inbhuanaitheacht a bhaint amach
- Eionet (an líonra de chomhlachtaí náisiúnta comhshaoil a bunaíodh chun cuidiú leis an ngníomhaireacht) a fhorbairt agus a chuid oibre a chomhordú
Cé a bhaineann tairbhe as?
Is iad seo a leanas príomh-gheallsealbhóirí an EEA:
- an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus institiúidí eile an Aontais
- rialtais i dtíortha rannpháirteacha
- eagraíochtaí neamhrialtasacha
- lucht eolaíochta agus lucht léinn
- eagraíochtaí gnó
- seirbhísí comhairleoireachta agus meithleacha machnaimh
Tá tábhacht ag roinnt leis an pobal i gcoitinne freisin – tá sé mar aidhm ag an ngníomhaireacht cabhrú leis an bpobal tuiscint níos fearr a fháil ar cheisteanna a bhaineann le cúrsaí comhshaoil agus leis an athrú aeráide.
Féach freisin
Cláraigh chun an t-eolas is déanaí agus an nuachtlitir a fháil
Teagmháil
- Ainm
- An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil
- Suíomh gréasáin
- https://www.eea.europa.eu
- Uimhir ghutháin
- +45 33 36 71 00
- Uimhir facs
- +45 33 36 71 99
- Seoladh poist
- Kongens Nytorv 6, 1050 København K, An Danmhairg
- Na meáin shóisialta