Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Logo of European Institute for Gender Equality

Forbhreathnú

  • Ról: fianaise a sholáthar chun tacú le comhionannas inscne
  • Stiúrthóir: Virginija Langbakk
  • Bliain a bhunaithe: 2010
  • Líon na mball foirne: 50
  • Suíomh: Vilnias (an Liotuáin)
  • Suíomh gréasáin: An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne

Gníomhaíochtaí

Is gníomhaireacht de chuid an Aontais í an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) a bhíonn ag obair chun comhionannas inscne a bhaint amach laistigh den Aontas Eorpach agus lasmuigh de. Chuige sin, cuireann an institiúid taighde, sonraí agus moltaí maidir le dea-chleachtas ar fáil trí:

  • Staidéir a dhéanamh agus staitisticí a bhailiú faoin gcomhionannas idir fir agus mná san Aontas Eorpach.
  • Monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil an tAontas Eorpach ag comhlíonadh an ghealltanais idirnáisiúnta i leith comhionannas inscne atá déanta aige, gealltanas ar a dtugtar Clár Oibre Bhéising don Ghníomhaíocht, agus tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn a chur i dtoll a chéile ar an ábhar seo.
  • Obair a dhéanamh chun deireadh a chur le foréigean i gcoinne na mban agus Feachtas Eorpach an Ribín Bháin, a spreagann fir le bheith páirteach sa chúis, a chomhordú.
  • An t-eolas agus na hacmhainní ar líne atá ag an institiúid a chomhroinnt agus tacú le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh, leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara i neart réimsí éagsúla dul i ngleic leis an neamh-chomhionannas idir fir agus mná, san Eoraip agus lasmuigh den Eoraip.

I measc na seirbhísí a chuireann EIGE ar fáil, tá:

Cé a bhaineann tairbhe as?

Seo chuid den mhéid a bhíonn idir lámha ag EIGE ina fheidhm mar lárionad eolais Eorpach ar chomhionannas inscne:

  • Cabhrú le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh agus leis na Ballstáit cinntí eolasacha atá bunaithe ar fhianaise a dhéanamh ina gcuirtear gné na hinscne san áireamh.
  • Eolas faoin gcomhionannas inscne a bhailiú ar mhaithe le heagraíochtaí den tsochaí shibhialta, an lucht acadúil, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhpháirtithe sóisialta.
  • Spreagadh a thabhairt do dhuine ar bith ar suim leis an comhionannas idir fir agus mná.

Féach freisin

Nuacht agus imeachtaí EIGE

EIGE – Poist

Teagmháil

An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE)

Ainm
An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE)
Suíomh gréasáin
https://eige.europa.eu/
Seoladh ríomhphoist
eige [dot] secateige [dot] europa [dot] eu
Uimhir ghutháin
+370 5 215 7400
Seoladh poist
Gedimino pr. 16, 01103 Vilnius Lietuva, An Liotuáin
Na meáin shóisialta