Forbhreathnú
- Ról: Is é EIOPA an t-údarás maoirseachta Eorpach a phléann le pinsin cheirde agus árachas
- Cathaoirleach: Petra Hielkema
- Stiúrthóir Feidhmiúcháin: Fausto Parente
- Comhaltaí: Ionadaithe ó údaráis náisiúnta árachais agus pinsean ceirde
- Bliain a bhunaithe: 2011
- Líon a bhall foirne: 200
- Suíomh: Frankfurt am Main (an Ghearmáin)
- Suíomh gréasáin:An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde
Is cuid den Chóras Eorpach Maoirseoirí Airgeadais é EIOPA. Is comhlacht neamhspleách é a chuireann comhairle ar fail don Choimisiún Eorpach, do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
A ndéanann sé
Tá sé de chúram ar EIOPA:
- cabhair a thabhairt an córas airgeadais a choinneáil cobhsaí
- deimhin a dhéanamh de go mbíonn margaí agus táirgí airgeadais trédhearcach
- cabhair a thabhairt sealbhóirí polasaithe árachais agus baill agus tairbhithe de scéimeanna pinsean a chosaint.
Is iad seo a leanas atá sa Chóras Eorpach Maoirseoirí Airgeadais:
- údaráis mhaoirseachta Eorpacha
- údaráis mhaoirseachta náisiúnta
Tá sé ina nasc idir an mhaoirseacht a dhéantar ar leibhéal sistéamach agus an mhaoirseacht a dhéantar ar leibhéal gnólachtaí. Fágann sin gur faoi na húdaráis náisiúnta atá sé maoirseacht a dhéanamh ó lá go lá.
Iad sin a bhaineann leas as
- Tomhaltóirí:
- feabhsaítear trédhearcacht, simplíocht, inrochtaineacht agus féaráilteacht sa mhargadh aonair inmheánach do phinsin agus d’árachas
- bíonn deis ag ionadaithe tomhaltóirí a dtuairimí a thabhairt i meithleacha oibre EIOPA.
- Lucht tionscail:
- le maoirseacht ardchaighdeáin, éifeachtach, chomhleanúnach ar árachóirí agus ar phinsin cheirde an Aontais Eorpaigh
- Cabhraíonn EIOPA chun rioscaí agus bagairtí don chobhsaíocht airgeadais a shainaithint, a mheasúnú, a mhaolú agus a bhainistiú in earnáil an árachais agus in earnáil na bpinsean ceirde
- Bíonn deis ag ionadaithe tionscail a dtuairimí a thabhairt i meithleacha oibre EIOPA agus i ngrúpaí geallsealbhóirí.
Féach freisin
Teagmháil
- Ainm
- An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (EIOPA)
- Suíomh gréasáin
- https://eiopa.europa.eu/
- Seoladh ríomhphoist
- Uimhir ghutháin
- +49 (0) 69 95 11 19 20
- Uimhir facs
- +49 (0) 69 95 11 19 19
- Seoladh poist
- Westhafenplatz 1, 60327 Frankfurt am Main, An Ghearmáin
- Na meáin shóisialta