Forbhreathnú
- Ról: Faisnéis oibiachtúil, iontaofa, inchomparáide atá bunaithe ar fhíricí a sholáthar faoi dhrugaí agus faoi andúil i ndrugaí.
- Stiúrthóir: Alexis Goosdeel (an Bheilg)(ó bhí an 1.1.2016 ann)
- Bliain a bhunaithe: 1993
- Líon a bhall foirne: 100
- Suíomh: Liospóin (an Phortaingéil)
- Suíomh gréasáin:An Lárionad Eorpach Faireacháin um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí (EMCDDA)
Cuireann EMCDDA faisnéis oibiachtúil, iontaofa, inchomparáide atá bunaithe ar fhíricí ar fáil ar an leibhéal Eorpach don Aontas Eorpach agus do na Ballstáit faoi dhrugaí agus andúil i ndrugaí agus faoi thoradh na nithe sin. Tá sé mar aidhm aige fianaise a chur ar fáil ar mhaithe leis an bpróiseas ceaptha beartas agus le tionscnaimh arb é is aidhm dóibh dul i ngleic le drugaí.
A ndéanann sé
Déanann EMCDDA:
- monatóireacht ar fhadhb na ndrugaí san Eoraip (agus ar threochtaí atá ag teacht chun cinn freisin)
- monatóireacht a dhéanamh ar réitigh a chuirtear i bhfeidhm ar fhadhbanna a bhaineann le drugaí
- eolas a thabhairt faoi dhea-chleachtais sna Ballstáit agus na Ballstáit spreagadh iad a roinnt le chéile
- measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le substaintí nua sícighníomhacha
- córas luathrabhaidh faoi shubstaintí nua sícighníomhacha a stiúradh
- uirlisí agus ionstraimí a cheapadh chun cabhrú leis na Ballstáit monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar na beartais náisiúnta atá acu agus chun cabhrú leis an gCoimisiún Eorpach monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar bheartais an Aontais Eorpaigh.
Iad sin a bhaineann leas as
- lucht ceaptha beartas, ionadaithe na n-údarás náisiúnta agus ionadaithe institiúidí an Aontais san áireamh
- eolaithe agus taighdeoirí
- eagraíochtaí idirnáisiúnta
- cleachtóirí
- an pobal.
Ionas go leanfaidh sé de bheith ábhartha ó thaobh ceapadh beartas de, tá EMCDDA á athrú féin, ó mhúnla atá dírithe ar fhaisnéis go múnla atá dírithe ar sheirbhísí, múnla lena gcuirtear anailís ar fáil do na comhlachtaí a dtugann sé comhairle dóibh atá curtha in oiriúint do na riachtanais atá acu.
Féach freisin
Teagmháil
- Ainm
- An Lárionad Eorpach Faireacháin um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí (EMCDDA)
- Suíomh gréasáin
- http://www.emcdda.europa.eu/
- Seoladh ríomhphoist
- Uimhir ghutháin
- +351 21 121 02 00
- Uimhir facs
- +351 21 121 03 80
- Seoladh poist
- Praça Europa 1, Cais do Sodré, 1249-289 Lisboa, An Phortaingéil
- Na meáin shóisialta