Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Logo of European Maritime Safety Agency

Forbhreathnú

  • Ról: tugann sé cúnamh teicniúil agus tacaíocht theicniúil i dtaca le sábháilteacht mhuirí, slándáil agus truailliú
  • Stiúrthóir: Maja Markovčić Kostelac
  • Bliain a bhunaithe: 2002
  • Líon foirne: 250
  • Suíomh: Liospóin (an Phortaingéil)
  • Suíomh gréasáin: EMSA

Cuireann an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) cúnamh teicniúil agus tacaíocht theicniúil ar fáil chun sábháilteacht mhuirí, ullmhacht agus freagairt i dtaca le truailliú agus slándáil mhuirí a fheabhsú.

Cúraimí coisceacha iad cúraimí na Gníomhaireachta den chuid is mó, e.g. monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil dlíthe áirithe á gcur i bhfeidhm agus meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtaí agus atá siad tríd is tríd. Déanann an Ghníomhaireacht cúraimí frithghníomhacha freisin, áfach, cuir i gcás longa glanta doirtí ola a chur ar fáil do na Ballstáit má tharlaíonn mórdhoirteadh ola ar an bhfarraige, agus faireachas satailíte a úsáid chun truailliú muirí a bhrath. 

A ndéanann sé

Cuireann EMSA eolas fíor-ama atá mionsonraithe, iontaofa ar fáil do rialtais agus d’údaráis stáit faoin méid atá ag tarlú ar an bhfarraige, chun go bhféadfaidh siad a mbeartais mhuirí a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Cuireann EMSA seirbhísí muirí ar fáil freisin a fhreastalaíonn ar riachtanais na ngrúpaí éagsúla a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí muirí ar fud na hEorpa, mar atá:

Tá ról lárnach ag EMSA i ndea-chleachtas a chur chun cinn. I ngeall ar an taithí atá aige ar a bheith ag plé le cúrsaí sábháilteachta agus slándála ón taobh dlíthiúil agus oibríochtúil de, tá cuid mhór eolais ag ESMA ar go leor de na saincheisteanna a thagann chun cinn, agus eolas praiticiúil faoin gcaoi le déileáil leo.

Déanann EMSA go leor cineálacha imscrúduithe teicniúla, dá leithéidí seo:

  • cumainn aicmiúcháin atá liostaithe ag na Ballstáit mar “eagraíochtaí aitheanta” a scrúdú
  • córais oiliúna agus deimhniúcháin muirí i dtíortha lasmuigh den Aontas a scrúdú
  • seiceáil go bhfuil an scrúdú a dhéantar ar longa a thagann i dtír i gcalafoirt an Aontais sásúil
  • na córais monatóireachta ar thrácht árthaí atá ag na Ballstáit a sheiceáil.

Déanann EMSA freisin:

  • a chinntiú go leantar de thionóiscí mara a imscrúdú ar fud an Aontais Eorpaigh
  • dea-chleachtas maidir le slándáil mhuirí, sábháilteacht mhuirí agus saincheisteanna comhshaoil a roinnt.

Iad sin a bhaineann leas as

Seo na príomhghrúpaí a mbíonn EMSA ag díriú orthu:

  • institiúidí an Aontais Eorpaigh
  • riaracháin náisiúnta mhuirí an Aontais Eorpaigh
  • riaracháin mhuirí stáit chósta CSTE.

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, tugann EMSA tacaíocht do na grúpaí seo:

  • an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta
  • tíortha a bhfuil teorainn acu leis an Meánmhuir, an Mhuir Dhubh agus Muir Chaisp (mar chuid de Bheartas Comharsanachta na hEorpa a dhéantar sin).

Féach freisin

Liosta foilseachán

Nuachtlitir mhíosúil

Deiseanna fostaíochta

Teagmháil

An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA)

Ainm
An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA)
Suíomh gréasáin
https://www.emsa.europa.eu/ga/
Seoladh ríomhphoist
informationatemsa [dot] europa [dot] eu
Uimhir ghutháin
+351 21 1209 200
Uimhir facs
+351 21 1209 210
Seoladh poist
Praça Europa 4, 1249-206 Lisbon, An Phortaingéil
Na meáin shóisialta