Forbhreathnú
- Ról: Tá ENISA tiomanta d’ardleibhéal coiteann cibearshlándála a bhaint amach ar fud na hEorpa.
- Stiúrthóir: Juhan Lepassaar
- Bliain a bhunaithe: 2004
- An líon foirne: 106
- Láthair: Ceanncheathrú san Aithin agus oifigí in Heraklion agus sa Bhruiséil
- Suíomh gréasáin: ENISA
Cuireann ENISA le cibearbheartas an Aontais Eorpaigh. Spreagann sé muinín daoine as táirgí agus seirbhísí digiteacha chomh maith le próisis dhigiteacha trí scéimeanna deimhnithe cibearshlándála a dhréachtú. Oibríonn sé i gcomhar le tíortha agus comhlachtaí de chuid an Aontais agus cuidíonn sé le hullmhú do na cibeardhúshláin a bheidh ann amach anseo.
An méid a dhéanann sé
Oibríonn an Ghníomhaireacht le heagraíochtaí agus le gnólachtaí chun an mhuinín as an ngeilleagar digiteach a neartú, athléimneacht bhonneagar an Aontais a threisiú, agus sa deireadh thiar, saoránaigh an Aontais a choinneáil sábháilte ar bhonn digiteach. Déanann sé an méid sin trí eolas a roinnt, baill foirne agus struchtúir a fhorbairt, agus feasacht a ardú. Le Gníomh an Aontais um Chibearshlándáil, treisíodh obair na gníomhaireachta.
Cé a bhaineann tairbhe as?
Oibríonn ENISA ar mhaithe le heagraíochtaí poiblí go príomha:
- údaráis thíortha na mBallstát, chomh maith le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí díláraithe na mBallstát
- Institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile an Aontais.
Cuidíonn an Ghníomhaireacht freisin le:
- an tionscal TF (cuideachtaí teileachumarsáide, soláthraithe seirbhísí idirlín agus cuideachtaí TF)
- an pobal gnó – go háirithe gnólachtaí beaga agus meánmhéide
- saineolaithe cibearshlándála (e.g. foirne freagartha ar theagmhais chibearshlándála)
- an lucht léinn
- an pobal.
Tuilleadh eolais
Teagmháil
- Ainm
- Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA)
- Suíomh gréasáin
- http://www.enisa.europa.eu/
- Seoladh ríomhphoist
- Uimhir ghutháin
- +30 28 14 40 9711
- Seoladh poist
- Agamemnonos 14, Chalandri 15231, Attiki, An Ghréig
- Na meáin shóisialta