Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Gníomhaireacht dhíláraithe

an Ghníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais TF ar mhórscála i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais (eu-LISA)

logo of European Agency for the operational management of large-scale IT systems in the area of freedom, security and justice

Forbhreathnú

  • Ról: Tacaíocht a thabhairt don Aontas Eorpach ina bheartas maidir le ceartas agus gnóthaí baile trí chórais TF ar mhórscála a bhainistiú
  • Stiúrthóir: Krum Garkov
  • Bliain a bunaithe: 2011, ag feidhmiú ón 1 Nollaig 2012
  • Líon ball foirne: 137
  • Suíomh: Príomh-ionad: Taillinn na hEastóine, suíomh oibríochta: Strasbourg na Fraince, suíomh cúltaca: Sankt Johann im Pangau san Ostair
  • Suíomh gréasáin: eu-LISA

Tugann eu-LISA tacaíocht theicneolaíoch do thíortha an Aontais Eorpaigh ina n-iarrachtaí an Eoraip a dhéanamh níos sábháilte.

A ndéanann sé

Bainistítear na córais TF ar mhórscála

  • a chosnaíonn slándáil inmheánach na dtíortha Schengen 
  • a chuireann ar chumas na dtíortha Schengen sonraí víosa a mhalartú
  • a chinneann cén tír den Aontas Eorpach a bhfuil uirthi iarratas ar thearmann ar leith a scrúdú.

Áirithíonn eu-LISA gur féidir le muintir na hEorpa taisteal faoi shaoirse laistigh den Aontas Eorpach, gan slándáil na hEorpa a bheith thíos leis.

Tástálann an ghníomhaireacht teicneolaíochtaí nua freisin le córas bainistithe teorann an Aontais a dhéanamh níos nua-aimseartha, éifeachtúla, sláine. Ba í a chomhordaigh, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit rannpháirteacha agus leis na hinstitiúidí Eorpacha, an tástáil agus an obair leantach a rinneadh ar an treoirthionscadal le haghaidh Teorainneacha Cliste, an anailís ar na torthaí ón treoirthionscadal sin agus an tuairisciú faoi.

Iad sin a bhaineann leas as

Na daoine a bhfuil cónaí orthu san Aontas Eorpach óir cuirtear ar a gcumas taisteal faoi shaoirse agus faoi shábháilteacht san Aontas.

Féach freisin

Seomra nuachta eu-LISA

Teagmháil

an Ghníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais TF ar mhórscála i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais (eu-LISA)

Ainm
an Ghníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais TF ar mhórscála i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais (eu-LISA)
Suíomh gréasáin
https://www.eulisa.europa.eu/
Seoladh ríomhphoist
infoateulisa [dot] europa [dot] eu
Seoladh poist
Vesilennuki 5, 10415 Tallinn Estonia, An Eastóin
Na meáin shóisialta