Léargas
- Ról: Tacú le húdaráis náisiúnta na mBallstát an Comhchóras Eorpach Tearmainn a chur chun feidhme trí chuidiú oibríochtúil agus teicniúil a chur ar fáil.
- Stiúrthóir Feidhmiúcháin: Nina Gregori
- Bliain a bhunaithe: 2022
- An líon foirne: 500+
- Láthair: Vaileite Mhálta
- Suíomh gréasáin: EUAA
Is gníomhaireacht dhíláraithe de chuid an Aontais í Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) a chuireann oiliúint agus tacaíocht oibríochtúil agus theicniúil ar fáil d’údaráis náisiúnta na mBallstát. Cuidíonn sé sin leo dlí an Aontais maidir leis an tearmann a chur chun feidhme agus teacht le chéile níos fearr a chothú i ndáil le nósanna imeachta um thearmann agus le dálaí glactha.
An méid a dhéanann sé
Cuireann Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann réimse leathan de thacaíocht oibríochtúil agus theicniúil ar fáil do na Ballstáit. D’fhonn teacht le chéile níos fearr a chothú maidir leis na cleachtais tearmainn agus ghlactha ar fud an Aontais, i gcomhréir le hardchaighdeáin an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn (CEAS), is féidir leis an nGníomhaireacht an méid seo a leanas a dhéanamh:
- feidhm a bhaint as cuidiú oibríochtúil go mear le haghaidh na mBallstát a bhfuil brú orthu i ngeall ar chúrsaí imirce
- leas a bhaint as Díorma buan Cúltaca um Thearmann ina bhfuil 500 oifigeach náisiúnta a bhíonn ar fáil don Ghníomhaireacht agus ar féidir feidhm a bhaint astu go mear in áit ar bith ar fud an Aontais
- curaclam oiliúna leathan um thearmann a fhorbairt le haghaidh na n-oifigeach náisiúnta chun a chuspóir a bhaint amach, arb é an cuspóir sin a bheith mar chomhlacht creidiúnaithe an Aontais le haghaidh cúrsaí cosanta idirnáisiúnta
- cearta bunúsacha na n-iarrthóirí tearmainna chosaint tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- ‘Oifigeach um Chearta Bunúsacha’ a cheapadh
- sásra gearán a chur ar bun
- an ról atá ag eagrú na sochaí sibhialta agus Eagraíochtaí Neamhrialtasacha a neartú
- feabhas a chur ar an gcomhordú le tíortha tionscnaimh agus idirthurais tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- oifigigh idirchaidrimh a cheapadh i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad
- oibriú leis na húdaráis i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad chun acmhainneacht tearmainn agus ghlactha a fhorbairt atá i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.
Amhail ón 31 Nollaig 2023 tosóidh an Ghníomhaireacht ag déanamh monatóireachta ar an dóigh a gcuireann na Ballstáit dlí an Aontais chun feidhme maidir le cleachtais tearmainn agus ghlactha. Tosófar ag tarraingt suas moltaí chun na heasnaimh a leigheas ar an lá a dhéanfar Rialachán Bhaile Átha Cliath a ionadú nó a nuashonrú ar bhealach eile.
Cé dó a ndéantar tairbhe?
Na daoine is mó dá ndéantar tairbhe ná na hoifigigh agus na cleachtóirí atá ag obair le húdaráis náisiúnta na mBallstát agus atá freagrach as an méid seo a leanas:
- iarratais ar thearmann agus ar chosaint idirnáisiúnta a mheasúnú agus a bhainistiú
- dálaí glactha leormhaithe a chinntiú.
Ina theannta sin, is í an Ghníomhaireacht a ullmhaíonn agus a sholáthraíonn faisnéis neamhchlaonta do shainghrúpaí agus don phobal mór maidir le staid an tearmainn agus na himirce san Aontas.
Tuilleadh eolais
Teagmháil
- Ainm
- Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA)
- Suíomh gréasáin
- https://www.euaa.europa.eu/
- Seoladh ríomhphoist
- Uimhir ghutháin
- +356 22487500
- Seoladh poist
- Winemakers Wharf, Málta MRS 1917, Málta
- Na meáin shóisialta