Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Logo of European Union Agency for Fundamental Rights (FRA)

Forbhreathnú

  • Ról: comhairle fhianaise-bhunaithe a chur ar fáil
  • Stiúrthóir: Michael O’Flaherty
  • Bliain a bhunaithe: 2007
  • Líon foirne: 105 
  • Suíomh: An Vín (An Ostair)
  • Suíomh gréasáin: FRA

Cuireann Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) sainchomhairle neamhspléach fhianaise-bhunaithe ar fáil do chinnteoirí de chuid an Aontais agus do chinnteoirí náisiúnta, rud a fhágann go mbíonn díospóireachtaí, beartais agus reachtaíocht bunaithe ar bhonn atá níos eolasaí agus níos dírithe.

A ndéanann sé

Cuireann sé comhairle ar institiúidí an Aontais agus rialtais náisiúnta faoi chearta bunúsacha, sna réimsí seo go háirithe:

  • idirdhealú
  • rochtain ar an gceartas
  • ciníochas agus séineafóibe
  • cosaint sonraí
  • cearta na n-íospartach
  • cearta na leanaí.

Tá sé mar aidhm ag an nGníomhaireacht cearta bunúsacha a chur cinn agus a chosaint ar bhonn níos éifeachtaí ar fud an Aontais. Chun na críche seo, téann sí i gcomhairle agus comhoibríonn sí lena comhpháirtithe maidir le:

  • faisnéis agus sonraí a chruinniú agus a anailísiú trí thaighde shoch-dhlíthiúil
  • cúnamh agus sainchomhairle a chur ar fáil
  • cumarsáid a dhéanamh agus feasacht faoi chearta a mhéadú.

Iad sin a bhaineann leas as

Leanann FRA de bheith ag comhoibriú le hinstitiúidí de chuid an Aontais agus le rialtais agus cuireann sé sainchomhairle neamhspleách agus anailís ar chearta bunúsacha ar fáil dóibh. Tá líonrú curtha ar bun agus tá naisc le comhpháirtithe bunaithe ag gach leibhéal aige, sa chaoi go sroicheann a chuid comhairle agus taighde cinnteoirí sna rialtais náisiúnta agus san Aontas.

Tá dlúthchaidreamh oibre ag FRA leis an méid seo a leanas:

Féach freisin

Foilseacháin agus acmhainní 

Tionscadail taighde 

Clár oibre bliantúil 

 

Creat ilbhliantúil don tréimhse 2018-2022

Plean Straitéiseach FRA 2018-2022

Cearta bunúsacha: na dúshláin agus a bhfuil bainte amach 

An nuacht is déanaí agus imeachtaí 

Teagmháil

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA)

Ainm
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA)
Suíomh gréasáin
http://fra.europa.eu/ga/
Uimhir ghutháin
+43 1 580 30 0
Uimhir facs
+43 1 580 30 699
Seoladh poist
Schwarzenbergplatz 11, 1040 WIEN, An Ostair
Na meáin shóisialta