Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Forbhreathnú

  • Ról: Comhpháirtíocht thrípháirteach Eorpach is ea an Comhghnóthas um Shliseanna atá ag cur borradh faoi fhorbairt agus faoi ghlacadh teicneolaíochtaí agus córas ardfhorbartha sliseanna nanaileictreonaice a mhonaraítear san Eoraip.
  • Stiúrthóir Feidhmiúcháin: Jari Kinaret
  • Comhaltaí nó páirtithe
    • an tAontas Eorpach, a bhfuil an Coimisiún mar ionadaí dó;
    • na stáit rannpháirteacha seo a leanas: an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Iorua, an Íoslainn, Iosrael, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an tSeicia, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn, an tSualainn, an Tuirc, an Ungáir;
    • na comhlachais thionsclaíocha seo a leanas: EPoSS, AENEAS agus INSIDE a dhéanann ionadaíocht ar an earnáil mhicrileictreonach agus nanaileictreonaic, earnáil na gcóras chomhtháite chliste, agus earnáil na gcóras leabaithe/cibearfhisiciúil.
  • Bliain a bhunaithe: 2023
  • An líon foirne: 49
  • Láthair: An Bhruiséil (an Bheilg)
  • Suíomh Gréasáin:  An Comhghnóthas um Shliseanna

Gníomhaíochtaí

Comhpháirtíocht thrípháirteach Eorpach is ea an Comhghnóthas um Shliseanna, agus cuirfidh sé borradh faoi fhorbairt agus faoi ghlacadh teicneolaíochtaí agus córas ardfhorbartha sliseanna nanaileictreonaice a mhonaraítear san Eoraip.

Sna blianta amach romhainn, forbróidh an Comhghnóthas um Shliseanna, in éineacht leis an bpobal Eorpach nanaileictreonaice agus na Ballstáit, punann láidir ina mbeidh roinnt línte píolótacha le haghaidh na nithe seo a leanas:

  • teicneolaíochtaí ardfhorbartha nanaileictreonaice
  • ardán deartha chun sliseanna ardfhorbartha a dhearadh
  • sraith leathan tionscadal a bhaineann úsáid as na teicneolaíochtaí sin chun nuálaíocht a dhéanamh feadh an tslabhra luacha maidir le soghluaisteacht, fuinneamh, sláinte, róbataic agus monaraíocht sliseanna

Tacófar leis an bpunann gníomhaíochtaí sin le líonra d’ionaid inniúlachta ar fud na hEorpa a éascóidh rochtain ar na gníomhaíochtaí sin do ghnólachtaí nuathionscanta, FBManna, ollscoileanna agus cuideachtaí móra Eorpacha.

Is iad seo a leanas cuspóirí ginearálta an Chomhghnóthais um Shliseanna:

  • neamhspleáchas straitéiseach an Aontais i gcomhpháirteanna agus córais leictreonacha a neartú chun tacú le riachtanais na dtionscal ingearach agus an gheilleagair trí chéile amach anseo
  • sármhaitheas eolaíochta agus ceannaireacht nuálaíochta an Aontais a bhunú i dteicneolaíochtaí comhpháirteanna agus córas atá ag teacht chun cinn, sin agus rannpháirtíocht ghníomhach FBManna a chur chun cinn
  • deimhin a dhéanamh de go dtéann teicneolaíochtaí comhpháirteanna agus córas i ngleic le dúshláin shochaíocha agus chomhshaoil na hEorpa
  • forbairt agus cur in úsáid teicneolaíochtaí leathsheoltóra ceannródaíocha, teicneolaíochtaí candamacha ceannródaíocha agus nuálaíocht teicneolaíochtaí seanbhunaithe lena dtreiseofar ard-dearadh, comhtháthú córas agus cumais táirgthe sliseanna san Aontas a chumasú

Cé a bhaineann tairbhe as?

Aon ghnó nó eagraíocht taighde sna stáit rannpháirteacha.

Tuilleadh eolais

Cuireann an Comhghnóthas um Shliseanna leis an méid a baineadh amach trína réamhtheachtaí, an Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha ar éirigh leis. Tá cuspóirí nua aige, buiséad athbhreithnithe níos mó, agus tá sé beartaithe go leanfaidh sé ar aghaidh go dtí 2027.

Rialachán lena neartaítear éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa agus lena leasaítear Gníomh an Aontais um Shliseanna

Rialachán lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach

Leabharlann dhoiciméid an Chomhghnóthais um Shliseanna

 

Teagmháil

An Comhghnóthas um Shliseanna

Ainm
An Comhghnóthas um Shliseanna
Suíomh gréasáin
https://www.chips-ju.europa.eu/
Seoladh ríomhphoist
enquiriesatchips-ju [dot] europa [dot] eu
Uimhir ghutháin
00 32 2 221 81 02
Seoladh poist
Áras White Atrium, Avenue de la Toison d'Or/Guldenvlieslaan 56-60, 1060 Bruxelles/An Bhruiséil, An Bheilg
Na meáin shóisialta