Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
SESAR 3 Joint Undertaking

Forléargas

  • Ról: An bhainistíocht aerthráchta a nuachóiriú
  • Stiúrthóir Feidhmiúcháin: Andreas Boschen 
  • Bliain a bhunaithe: 2021
  • An líon foirne: 40
  • Suíomh: An Bhruiséil (an Bheilg)
  • Suíomh GréasáinComhghnóthas SESAR 3

Gníomhaíochtaí

Céard – Comhpháirtíocht Eorpach institiúidithe idir páirtithe san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí ina n-úsáidtear taighde agus nuálaíocht chun dlús a chur le soláthar an Aerspáis Eorpaigh Dhigitigh.

Cén dóigh – Trí mhais chriticiúil na n-acmhainní agus an tsaineolais a chomhthiomsú ó cheann ceann shlabhra luacha earnáil na heitlíochta chun na réitigh theicneolaíocha is úrscothaí a fhorbairt, chun bainistíocht a dhéanamh ar ghnáth-aerárthaí, dróin, aerthacsaithe agus feithicle a bhíonn ag eitilt ar airdí arda.

Cé a bhaineann tairbhe as?

Is é Comhghnóthas SESAR 3 is spreagadh chun dlús a chur leis an aistriú chuig Eoraip atá glas, aeráidneodrach agus digiteach, agus chun earnáil tionsclaíochta na hEorpa a dhéanamh níos athléimní agus níos iomaíche.

Tríd an Aerspás Eorpach Digiteach a sholáthar, tabharfar luach sonrach do gach geallsealbhóir i slabhra luacha earnáil na heitlíochta. Rachaidh sé chun tairbhe do gheilleagar na hEorpa agus don tsochaí i gcoitinne chomh maith, ar chostas infheistíochta atá réasúnta beag. 

Tuilleadh eolais

Féach leat Comhghnóthas SESAR 3 agus an tAerspás Eorpach Digiteach

Clár oibre ilbhliantúil Chomhghnóthas SESAR 3

Bróisiúir agus Foilseacháin

Teagmháil

Comhghnóthas SESAR 3

Ainm
Comhghnóthas SESAR 3
Suíomh gréasáin
https://www.sesarju.eu/
Seoladh ríomhphoist
infoatsesarju [dot] eu
Uimhir ghutháin
+32 2 507 80 00
Uimhir facs
+32 2 507 80 01
Seoladh poist
SESAR 3 Joint Undertaking, Avenue de Cortenberg 100, 1000 Bruxelles/Brussel, An Bheilg
Na meáin shóisialta