Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Smart Networks and Services Joint Undertaking logo

Forléargas

  • Ról: Ceannaireacht thionsclaíoch a éascú agus a fhorbairt san Aontas Eorpach maidir le líonraí agus seirbhísí 5G agus 6G.
  • Stiúrthóir Feidhmiúcháin (ad interim): Peter Stuckmann
  • Comhaltaí nó páirtithe: an tAontas Eorpach (arna ionadú ag an gCoimisiún Eorpach) agus Comhlachas Tionscail 6G  
  • Bliain a bhunaithe: 2021
  • An líon foirne: 10 (17 faoi dheireadh 2023)
  • Suíomh: An Bhruiséil (an Bheilg) 
  • Suíomh Gréasáin:  An Comhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste

Gníomhaíochtaí

Is comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí é an Comhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste (Comhghnóthas SNS) ag a bhfuil misean dúbailte chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • ceannasacht teicneolaíochta na hEorpa in 6G a chothú  
  • borradh a chur faoi chur chun feidhme 5G san Eoraip 

Maoiníonn Comhghnóthas SNS tionscadail taighde agus nuálaíochta chun seasamh tionsclaíoch na hEorpa a neartú i slabhra luacha domhanda na seirbhísí cliste agus na líonraí cliste a neartú. Comhthiomsaíonn sé acmhainní an Aontais agus acmhainní tionsclaíocha chun dlús a chur le forbairt teicneolaíochtaí líonraí cliste agus seirbhísí cliste atá slán agus tíosach ar fhuinneamh.

Múnlaíonn sé treochlár straitéiseach taighde agus nuálaíochta agus clár oibre imlonnaithe chun fís 6G an Aontais Eorpaigh ó thaobh na teicneolaíochta agus an ghnó de a bhaint amach. Díríonn Comhghnóthas SNS ar dhigitiú ollmhór próiseas sochaíoch agus gnó trí nascacht chliste inbhuanaithe ar fud an domhain dhaonna, an domhain fhisicigh agus an domhain dhigitigh. 

Tá sé d’aidhm ag Comhghnóthas SNS a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le ceapadh, forbairt agus caighdeánú theicneolaíochtaí nascachta na chéad ghlúine eile, agus glacadh luath 6G sa mhargadh a spreagadh faoi dheireadh na deacáide. Chun é sin a dhéanamh, oibríonn sé le mais chriticiúil de páirtithe leasmhara Eorpacha agus éascaíonn sé comhar idirnáisiúnta maidir le tionscnaimh éagsúla 6G. 

Déanann Comhghnóthas SNS ailíniú freisin le Ballstáit an Aontais maidir le cláir taighde agus nuálaíochta 6G agus cinntíonn sé comhordú straitéiseach chun borradh a chur faoi chur chun feidhme 5G san Eoraip.

Cé a bhaineann tairbhe as?

Is féidir le haon ghnó nó le haon eagraíocht taighde san Aontas Eorpach agus i dtíortha eile a bhfuil baint acu leis an gclár Fís Eorpach tairbhiú d’obair Chomhghnóthas SNS. 

Go sonrach: 

– raon leathan gníomhaithe tionsclaíocha agus cuideachtaí beaga agus meánmhéide, lena n-áirítear ní hamháin tionscal na teileachumarsáide, ach iad siúd freisin atá ag obair ar Idirlíon na Rudaí Nithiúla agus i dtionscail na néalríomhaireachta, na gcomhpháirteanna agus feistí, agus i dtionscail ingearacha amhail iompar, lóistíocht, fuinneamh, déantúsaíocht, Tionscal 4.0, na meáin, oideachas, cúram sláinte agus talmhaíocht chliste

– aon eagraíocht taighde nó ollscoil a chuidíonn chun barr feabhais teicneolaíochta agus eolaíochta na hEorpa a chur chun cinn le córais 6G a mhúnlú agus máistreacht a dhéanamh orthu

Baineann an tsochaí ina hiomláine tairbhe as feidhmchláir nua amach anseo, amhail brath réaltachta sínte, teilealáithreacht agus róbataic chomhoibríoch. Ba cheart do 6G rannchuidiú leis an gcéad ghlúin eile de líonraí cliste agus seirbhísí cliste atá sábháilte, slán, iontaofa, cuimsitheach agus inbhuanaithe san Eoraip.  

Tuilleadh eolais

Misin agus cuspóirí Chomhghnóthas SNS 

An nuacht is déanaí 

Clár oibre taighde agus nuálaíochta Chomhghnóthas SNS

Glao ar thograí

Punann na dtionscadal 

Poist

Teagmháil

An Comhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste

Ainm
An Comhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste
Suíomh gréasáin
https://smart-networks.europa.eu/
Seoladh ríomhphoist
CNECT-E1-SNSatec [dot] europa [dot] eu
Seoladh poist
Rue de la Loi / Kunst-Wet 51, 1000 An Bhruiséil, An Bheilg
Na meáin shóisialta