Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Gníomhaireacht dhíláraithe

Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA)

Logo of European Union Aviation Safety Agency

Forbhreathnú

  • Ról: sábháilteacht agus cosaint an chomhshaoil a chinntiú san eitlíocht shibhialta san Eoraip
  • Stiúrthóir Feidhmiúcháin: Florian Guillermet
  • Comhaltaí: 27 mBallstát + an Íoslainn, Lichtinstéin, an Eilbhéis, an Iorua
  • Comhpháirtithe: Údaráis Eorpacha eitlíochta sibhialta
  • Bliain a bhunaithe: 2002
  • An líon foirne: 800+
  • Láthair: Köln (an Ghearmáin)
  • Suíomh Gréasáin: Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA)

Is ar Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) atá an cúram sábháilteacht agus cosaint an chomhshaoil a chinntiú san aeriompar san Eoraip.

Gníomhaíochtaí

Ar chúraimí EASA tá:

  • rialúcháin agus deimhniú a chomhchuibhiú
  • margadh aonair eitlíochta an Aontais a fhorbairt
  • rialacha teicniúla eitlíochta a dhréachtú
  • aerárthaí agus comhpháirteanna a dheimhniú de réir cineáil
  • comhlachtaí a fhaomhadh a dhearann, a mhonaraíonn agus a chothabhálann táirgí aerloingseoireachta
  • maoirseacht sábháilteachta a chur ar fáil do thíortha den Aontas (e.g. maidir le hoibríochtaí air, bainistiú aerthráchta)
  • caighdeáin sábháilteachta idir Eorpach agus domhanda a chur chun cinn
  • oibriú le geallsealbhóirí idirnáisiúnta chun an tsábháilteacht a fheabhsú san Eoraip (e.g liosta aershábháilteachta an Aontais – liosta de na hoibreoirí a bhfuil cosc orthu).

Cé a bhaineann tairbhe as?

Pobal na heiltíochta sibhialta san Eoraip agus lasmuigh di:

  • Údaráis Eorpacha eitlíochta sibhialta
  • aeroibreoirí agus aer línte
  • Monaróirí/dearthóirí Eorpacha aerárthaí agus comhpháirteanna
  • comhlachtaí cothabhála
  • píolótaí tráchtála agus príobháideacha
  • eagraíochtaí oiliúna faofa
  • ionaid aerleighis
  • rialtóirí aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta
  • aerfoirt

Aerárthaí agus táirgí aerloingseoireachta atá cumhdaithe:

  • scairdeitleáin mhóra agus mheánmhéide
  • aerárthaí turbascairde
  • aerárthaí éadroma
  • aerárthaí sciathán rothlach (héileacaptair, gíreitleáin)
  • aerárthaí éadroma spóirt (balúin, faoileoirí, aerlonga, ladrainn shibhialta)
  • innill, liáin, ionsamhlóirí eitiltí
  • roinnt aerárthaí míleata (e.g. an t-aeriompróir A400M)

Tuilleadh eolais

Nuachtlitir

Teagmháil

Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh

Ainm
Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh
Suíomh gréasáin
https://www.easa.europa.eu/
Seoladh ríomhphoist
infoateasa [dot] europa [dot] eu
Uimhir ghutháin
+49 221 8999 000
Uimhir facs
+49 221 8999 099
Seoladh poist
Konrad-Adenauer-Ufer 3, 50668 D-50668 Köln, An Ghearmáin