Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Logo of European Insurance and Occupational Pensions Authority

Forbhreathnú

  • Ról: Is é EIOPA an t-údarás maoirseachta Eorpach a phléann le pinsin cheirde agus árachas
  • Cathaoirleach: Petra Hielkema
  • Stiúrthóir Feidhmiúcháin: Fausto Parente
  • Comhaltaí: Ionadaithe ó údaráis náisiúnta árachais agus pinsean ceirde
  • Bliain a bhunaithe: 2011
  • Líon a bhall foirne: 200
  • Suíomh: Frankfurt am Main (an Ghearmáin)
  • Suíomh gréasáin: An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde

Is cuid den Chóras Eorpach Maoirseoirí Airgeadais é EIOPA.  Is comhlacht neamhspleách é a chuireann comhairle ar fail don Choimisiún Eorpach, do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh. 

A ndéanann sé

Tá sé de chúram ar EIOPA:

  • cabhair a thabhairt an córas airgeadais a choinneáil cobhsaí
  • deimhin a dhéanamh de go mbíonn margaí agus táirgí airgeadais trédhearcach
  • cabhair a thabhairt sealbhóirí polasaithe árachais agus baill agus tairbhithe de scéimeanna pinsean a chosaint. 

Is iad seo a leanas atá sa Chóras Eorpach Maoirseoirí Airgeadais:

  • údaráis mhaoirseachta Eorpacha
  • údaráis mhaoirseachta náisiúnta

Tá sé ina nasc idir an mhaoirseacht a dhéantar ar leibhéal sistéamach agus an mhaoirseacht a dhéantar ar leibhéal gnólachtaí. Fágann sin gur faoi na húdaráis náisiúnta atá sé maoirseacht a dhéanamh ó lá go lá.

Iad sin a bhaineann leas as

  • Tomhaltóirí:
    • feabhsaítear trédhearcacht, simplíocht, inrochtaineacht agus féaráilteacht sa mhargadh aonair inmheánach do phinsin agus d’árachas
    • bíonn deis ag ionadaithe tomhaltóirí a dtuairimí a thabhairt i meithleacha oibre EIOPA.
  • Lucht tionscail:
    • le maoirseacht ardchaighdeáin, éifeachtach, chomhleanúnach ar árachóirí agus ar phinsin cheirde an Aontais Eorpaigh
    • Cabhraíonn EIOPA chun rioscaí agus bagairtí don chobhsaíocht airgeadais a shainaithint, a mheasúnú, a mhaolú agus a bhainistiú in earnáil an árachais agus in earnáil na bpinsean ceirde
    • Bíonn deis ag ionadaithe tionscail a dtuairimí a thabhairt i meithleacha oibre EIOPA agus i ngrúpaí geallsealbhóirí.

Féach freisin

Nuachtlitir

Preaseisiúintí

Deiseanna fostaíochta

Teagmháil

An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (EIOPA)

Ainm
An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (EIOPA)
Suíomh gréasáin
https://www.eiopa.europa.eu/
Seoladh ríomhphoist
infoateiopa [dot] europa [dot] eu
Uimhir ghutháin
+49 (0) 69 95 11 19 20
Uimhir facs
+49 (0) 69 95 11 19 19
Seoladh poist
Westhafenplatz 1, 60327 Frankfurt am Main, An Ghearmáin
Na meáin shóisialta