Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Single Resolution Board

Forléargas

  • Ról: Bainc a bhfuil ag cliseadh orthu a réiteach go hordúil sa chaoi nach mbeidh ach tionchar íosta ar fhíorgheilleagar agus ar airgeadas poiblí na dtíortha rannpháirteacha, de chuid an Aontais agus eile.
  • Cathaoirleach: Dominique Laboureix
  • Comhpháirtithe: Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún Eorpach, Banc Ceannais na hEorpa (BCE), Údaráis Náisiúnta Réitigh (NRAanna), an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE)
  • Bliain a bhunaithe: Eanáir 2015
  • An líon foirne: 400
  • Suíomh: An Bhruiséil (an Bheilg)
  • Suíomh GréasáinAn Bord Réitigh Aonair

Is é an Bord Réitigh Aonair (BRA) údarás réitigh an Aontais Baincéireachta Eorpaigh. Tá sé ag croílár an Aontais Baincéireachta agus an tSásra Réitigh Aonair . Is é misean BRA bainc a bhfuil ag cliseadh orthu a réiteach go hordúil sa chaoi nach mbeidh ach tionchar íosta ar fhíorgheilleagar agus ar airgeadas poiblí na dtíortha rannpháirteacha, de chuid an Aontais agus eile.

Gníomhaíochtaí

Is iad seo a leanas na príomhchúraimí atá air:

  • rialacha agus cur chuige a leagan síos maidir le réiteach eagraíochtaí
  • cinntí maidir le réiteach a ghlacadh laistigh den Aontas Baincéireachta i gcomhréir le cur chuige caighdeánach - rud a chuidíonn le muinín sa mhargadh a choinneáil
  • socruithe inchreidte féideartha le haghaidh réitigh a bhunú
  • deireadh a chur le bacainní ar réiteach, córas baincéireachta na hEorpa a dhéanamh níos sábháilte
  • costais réitigh a choinneáil chomh híseal agus is féidir, díluacháil a sheachaint murar gá é chun cuspóirí réitigh a bhaint amach
  • príomhshochair a chur ar fáil do cháiníocóirí, do bhainc agus do shealbhóirí taiscí
  • cobhsaíocht airgeadais agus eacnamaíoch a chur chun cinn ar fud an Aontais.

Cé a bhaineann tairbhe as?

Beidh an Bord Réitigh Aonair in ann gníomhú go gasta, go hiomchuí agus go comhréireach chun socruithe téarnaimh agus réitigh a bhunú do bhainc i limistéar an euro. Is é an cuspóir atá ann tarrthálacha a sheachaint as seo amach agus ualach an réitigh a chur ar na bainc, ar chostas fíorbheag don chainíocóir agus don fhíorgheilleagar.

Tuilleadh eolais

An Bord Réitigh Aonair

Poist le BRA

Aontas baincéireachta

An Sásra Réitigh Aonair (SRA)

Teagmháil

An Bord Réitigh Aonair

Ainm
An Bord Réitigh Aonair
Suíomh gréasáin
https://www.srb.europa.eu/en
Seoladh poist
Treurenberg 22, 1049 An Bhruiséil, An Bheilg
Na meáin shóisialta