Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Na cineálacha reachtaíochta

Na cuspóirí atá leagtha síos i gconarthaí an Aontais Eorpaigh, is trí chineálacha éagsúla gníomhartha reachtacha a bhaintear amach iad. Tá cuid acu ceangailteach, cuid eile acu nach bhfuil. Roinnt acu bíonn feidhm acu maidir le Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh, roinnt eile acu ní bhíonn feidhm acu ach maidir le cúpla Ballstát.

Rialacháin

Is éard is ‘Rialachán’ ann gníomh reachtach ceangailteach. Ní mór é a chur i bhfeidhm ina iomláine fud fad an Aontais Eorpaigh. Mar shampla, in 2022 nuair a d’éag rialachán an Aontais maidir le deireadh a chur le táillí fánaíochta agus duine i mbun taistil laistigh den Aontas, ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle rialachán nua chun soiléireacht an rialacháin roimhe seo a fheabhsú agus chun a chinntiú go gcuirfear cur chuige comhchoiteann i bhfeidhm maidir le táillí fánaíochta ar feadh deich mbliana eile.

Treoracha

Is éard is ‘treoir’ ann gníomh reachtach lena leagtar síos cuspóir nach mór do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a bhaint amach. Mar sin féin, is faoi na Ballstáit iad féin a ndlíthe féin a cheapadh d'fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach. Sampla amháin is ea Treoir an Aontais maidir le plaistigh aon úsáide, lena laghdaítear an tionchar a bhíonn ag plaistigh áirithe aon úsáide ar an gcomhshaol, mar shampla, trí úsáid plaisteach aon úsáide a laghdú nó a thoirmeasc fiú, amhail plátaí, soip agus cupáin le haghaidh deochanna.

Cinntí

Is éard is ‘cinneadh’ ann cinneadh atá ina cheangal orthu siúd a bhfuil sé dírithe orthu (e.g. Ballstát den Aontas nó cuideachta aonair) agus atá infheidhme go díreach. Mar shampla, d’eisigh an Chomhairle cinneadh maidir le cead a thabhairt don Chróit an euro a ghlacadh an 1 Eanáir 2023. Is leis an tír amháin a bhain an cinneadh sin.

Moltaí

Níl ‘moladh’ ceangailteach. Nuair a d’eisigh an Coimisiún moladh go gcuirfeadh soláthraithe seirbhíse meán na mBallstát feabhas ar a dtrédhearcacht úinéireachta agus go gcosnódh siad a neamhspleáchas eagarthóireachta, ní raibh aon iarmhairtí dlíthiúla aige sin. A bhuí le moladh, tugtar caoi do na hinstitiúidí a dtuairimí féin a chur in iúl agus gníomhaíochtaí a mholadh, gan aon oibleagáid dhlíthiúil a chur orthu siúd a bhfuil an moladh dírithe orthu.

Tuairimí

Is éard is ‘tuairim’ ann ionstraim lena dtugtar caoi do na hinstitiúidí ráiteas a dhéanamh ar shlí neamhcheangailteach, is é sin le rá gan oibleagáid dhlíthiúil a chur orthu siúd a bhfuil sí dírithe orthu. Níl tuairim ceangailteach. Is féidir le príomhinstitiúidí an Aontais Eorpaigh (an Coimisiún, an Chomhairle, an Pharlaimint), Coiste na Réigiún chomh maith le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tuairim a eisiúint. Le linn do dhlíthe a bheith á gceapadh, cuireann na coistí sin a dtuairimí in iúl de réir a saindearcaidh féin, cibé acu dearcadh réigiúnach, eacnamaíoch nó sóisialta é sin. Mar shampla, d’eisigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tuairim maidir le straitéis NextGenerationEU an Choimisiúin i ndáil le fiontair bheaga agus mheánmhéide.