Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Forbhreathnú

Príomhchathair: Vín

Teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh: an Ghearmáinis

Ballstát de chuid an Aontais: ón 1 Eanáir 1995

Airgeadra: an euro. Ball den limistéar euro ón 1 Eanáir 1999

Schengen: Ball de limistéar Schengen ón 1 Nollaig 1997

FigiúiríAchar na tíre - daonra - olltáirgeacht intíre (OTI) per capita i gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC)

Córas polaitiúil

Poblacht chónaidhme pharlaiminteach í an Ostair ag a bhfuil ceann rialtais, an seansailéir, agus ceann stáit, an t-uachtarán. Tá 9 stát (Bundesländer) sa tír. Tá cumhacht feidhmiúcháin ag na rialtais réigiúnacha agus chónaidhme ar aon. Tá dhá teach sa Pharlaimint chónaidhme: an Teach Íochtarach (Nationalrat) – a thoghtar go díreach – agus an Teach Uachtarach (Bundesrat) – a thoghann na parlaimintí réigiúnacha.

Áit ar léarscáil an Aontais

An trádáil agus an geilleagar

Seo na hearnálacha is mó a bhí i ngeilleagar na hOstaire in 2020: an tionsclaíocht (21.4 %), an trádáil mhórdhíola agus mhiondíola, seirbhísí iompair, cóiríochta agus bia (20.4 %) agus an córas riaracháin phoiblí, seirbhísí cosanta, oideachais, sláinte agus oibre sóisialta (18.6 %).

Is fiú 69 % easpórtálacha na hOstaire í trádáil laistigh den Aontas (an Ghearmáin 30 %, an Iodáil 6 % agus an Fhrainc 4 %), agus maidir le heaspórtálacha lasmuigh den Aontas, téann 6 % d’easpórtálacha go dtí na Stáit Aontaithe agus 5 % chun na hEilvéise.

Ó thaobh iompórtálacha de, tagann 77 % ó Bhallstáit an Aontais (an Ghearmáin 41 %, an Iodáil 6 % agus an tSeicia agus an Ísiltír 4 %), agus maidir le hiompórtálacha ó lasmuigh den Aontas, tagann 4 % ón Eilbhéis agus 4 % ón tSín.

An Ostair san Aontas Eorpach

Parlaimint na hEorpa

Tá 18 bhFeisire ag an Ostair i bParlaimint na hEorpa. Seo roinnt eolais faoi na Feisirí sin.

Oifig Pharlaimint na hEorpa san Ostair

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Bíonn ionadaithe as rialtas na hOstaire i láthair go rialta ag cruinnithe na Comhairle, ach braitheann an t-ionadaí a bhíonn i láthair ar an réimse beartais faoi chaibidil.

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Ní uachtarán buan amháin (fearacht Uachtaráin an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.

Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh.

Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram na hOstaire lena linn:

Iúil-Nollaig 1998 | Eanáir-Meitheamh 2006 | Iúil-Nollaig 2018

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Uachtaránacht reatha Chomhairle an Aontais

An Coimisiún Eorpach

Is é Johannes Hahn an Coimisinéir atá ainmnithe ag an Ostair chuig an gCoimisiún Eorpach agus cúraimí Buiséid agus Riaracháin air.

Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin.

Ionadaíocht an Choimisiúin san Ostair

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

12 ionadaí ag an Ostair ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta sna Ballstáit.

Coiste Eorpach na Réigiún

12 ionadaí ag an Ostair ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d’ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Faigheann na hinstitiúidí comhairle ón gcoiste sin i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.

Buanionadaíocht chuig an Aontas Eorpach

Bíonn an Ostair i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid na hOstaire chuig an Aontas Eorpach’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go bhfuil leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn go héifeachtach san Aontas.

Buiséid agus Maoiniú

Cá mhéad a íocann agus a fhaigheann an Ostair?

Déantar an méid atá le híoc ag gach tír de chuid an Aontais Eorpaigh a ríomh ar bhealach cothrom, de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu.
Níl sé d'aidhm ag buiséad an Aontais Eorpaigh an rachmas a athdháileadh, ach cuirtear béim ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n‑iomláine. 

Figiúirí faoi bhuiséad, ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh:

Tionscadail san Ostair a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach

An t-airgead a d'íoc an Ostair isteach i mbuiséad an Aontais Eorpaigh, úsáidtear é le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais, m.sh. déanamh bóithre, maoiniú do thaighdeoirí agus cosaint an chomhshaoil.

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann an maoiniú ón Aontas chun tairbhe don Ostair.