Forbhreathnú
Príomhchathair: Ságrab
Teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh: An Chróitis
Ballstát de chuid an Aontais: ón 1 Iúil 2013
Airgeadra: an euro. Ball den limistéar euro ón 1 Eanáir 2023
Schengen: Ball de limistéar Schengen ón 1 Eanáir 2023
Figiúirí: Achar na tíre - daonra - olltáirgeacht intíre (OTI) per capita i gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC)
An córas polaitiúil
Poblacht pharlaiminteach is ea an Chróit ina ndéanann ceann rialtais, an príomh-aire, agus an ceann stáit, an t-uachtarán, ionadaíocht ar an gcumhacht feidhmiúcháin agus ar an stát sa bhaile agus ar an gcoigríoch. Tá struchtúr an rialtais bunaithe ar na cumhachtaí reachtaíochta, feidhmiúcháin agus breithiúnacha a bheith scartha óna chéile. Is ag an bParlaimint atá an chumhacht reachtach agus is í a rialaíonn an chumhacht feidhmiúcháin. Toghtar na teachtaí do théarma ceithre bliana.
An trádáil agus an geilleagar
Seo na hearnálacha ba mhó i ngeilleagar na Cróite in 2020: an trádáil mhórdhíola agus mhiondíola, seirbhísí iompair, cóiríochta agus bia (20.1%), an tionsclaíocht (19.2%) agus an córas riaracháin phoiblí, gníomhaíochtaí cosanta agus oideachais, sláinte an duine, agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta (18.1%).
Is go tíortha laistigh den Aontas a thrádáiltear 67% d’easpórtálacha na Cróite (an Ghearmáin 13%, an Iodáil 12% agus an tSlóivéin 10%), agus maidir le heaspórtálacha go háiteanna lasmuigh den Aontas, téann 9% díobh go dtí an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus 5% chun na Seirbia.
Ó thaobh iompórtálacha de, tagann 77% ó Bhallstáit an Aontais (an Ghearmáin 15%, an Iodáil 12% agus an tSlóivéin 11%), agus maidir le hiompórtálacha ó lasmuigh den Aontas, tagann 5% ón tSín agus 3% ón mBoisnia agus an Heirseagaivéin.
An Chróit san Aontas Eorpach
Parlaimint na hEorpa
Tá 12 Fheisire ag an gCróit i bParlaimint na hEorpa. Seo roinnt eolais faoi na Feisirí sin.
Oifig Pharlaimint na hEorpa sa Chróit
Comhairle an Aontais Eorpaigh
Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Bíonn ionadaithe as rialtas na Cróite i láthair go rialta ag cruinnithe na Comhairle. Ní hiad na hionadaithe céanna a bhíonn i láthair ag gach cruinniú – tá sin ag brath ar an réimse beartais.
Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Ní uachtarán buan amháin (fearacht Uachtaráin an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.
Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais.
Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram na Cróite lena linn:
Eanáir-Meitheamh 2020
Uachtaránacht Chomhairle an Aontaigh Eorpaigh
Uachtaránacht reatha Chomhairle an Aontais
An Coimisiún Eorpach
Is í Dubravka Šuica, an Leas-Uachtarán um Dhaonlathas agus um Dhéimeagrafaíocht, an Coimisinéir atá ainmnithe ag an gCróit chuig an gCoimisiún Eorpach.
Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin.
Ionadaíocht an Choimisiúin sa Chróit
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Tá 9 n-ionadaí ag an gCróit ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle uaidh i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta sna Ballstáit.
Coiste Eorpach na Réigiún
Tá 9 n-ionadaí ag an gCróit ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d'ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Téann na hinstitiúidí i dteagmháil leis an gcoiste sin chun comhairle a fháil i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.
Buanionadaíocht chuig an Aontas Eorpach
Bíonn an Chróit i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid na Cróite chuig an Aontas Eorpach’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go bhfuil leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn go héifeachtach san Aontas.
Buiséid agus Maoiniú
Cá mhéad a íocann agus a fhaigheann an Chróit?
Déantar an méid atá le híoc ag gach tír de chuid an Aontais Eorpaigh a ríomh ar bhealach cothrom, de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.
Níl sé d’aidhm ag buiséad an Aontais Eorpaigh an rachmas a athdháileadh, ach cuirtear béim ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n‑iomláine.
Figiúirí faoi bhuiséad, ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh:
- Buiséad an Aontais Eorpaigh
- Ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh de réir na bliana agus na tíre
Tionscadail sa Chróit a fuair maoiniú ón Aontas
Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann an maoiniú ón Aontas chun tairbhe don Chróit.