Forbhreathnú
Príomhchathair: Beirlín
Teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh: an Ghearmáinis
Ballstát de chuid an Aontais: ón 1 Eanáir 1958
Airgeadra: an euro. Ball den limistéar euro ón 1 Eanáir 1999
Schengen: Ball de limistéar Schengen ón 26 Márta 1995
Figiúirí: Achar na tíre - daonra - olltáirgeacht intíre (OTI) per capita i gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC)
Córas polaitiúil
Poblacht chónaidhme pharlaiminteach í an Ghearmáin ag a bhfuil ceann rialtais, an seansailéir, agus ceann stáit, an t-uachtarán, ar cúraimí ionadaíocha a phríomhchúraimí. Tá 16 stát sa Ghearmáin a bhfuil a mbunreacht féin ag gach ceann díobh agus tá gach stát uathrialach, den chuid is mó, ó thaobh an eagrúcháin inmheánaigh de. Is cathairstáit iad trí chinn de na stáit sin: Bremen, Beirlín agus Hamburg.
An trádáil agus an geilleagar
Seo na hearnálacha ba mhó i ngeilleagar na Gearmáine in 2020: an tionsclaíocht (23.4%), an córas riaracháin phoiblí, gníomhaíochtaí cosanta agus oideachais, sláinte an duine, agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta (19.4%) agus an trádáil mhórdhíola agus mhiondíola, gníomhaíochtaí seirbhísí iompair, cóiríochta agus bia (15.8%).
Is go tíortha laistigh den Aontas a thrádáiltear 53% d’easpórtálacha na Gearmáine (an Fhrainc 8% agus an Ísiltír 7%), agus maidir le heaspórtálacha go háiteanna lasmuigh den Aontas, téann 9% chun na Stát Aontaithe agus 8% chun na Síne.
Ó thaobh iompórtálacha de, tagann 64% ó Bhallstáit an Aontais (an Ísiltír 14%, an Fhrainc, an Pholainn agus an Bheilg 6%), agus maidir le hiompórtálacha ó lasmuigh den Aontas, tagann 8% ón tSín agus 5% ó na Stáit Aontaithe.
An Ghearmáin san Aontas
Parlaimint na hEorpa
Tá 96 Fheisire ag an nGearmáin i bParlaimint na hEorpa. Seo roinnt eolais faoi na Feisirí sin.
Oifig Pharlaimint na hEorpa sa Ghearmáin
Comhairle an Aontais Eorpaigh
Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Bíonn ionadaithe as rialtas na Gearmáine i láthair go rialta ag cruinnithe na Comhairle. Ní hiad na hionadaithe céanna a bhíonn i láthair ag gach cruinniú – tá sin ag brath ar an réimse beartais.
Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Ní uachtarán buan amháin (fearacht Uachtaráin an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.
Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh.
Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram na Gearmáine lena linn:
Iúil-Nollaig 1958 | Iúil-Nollaig 1961 | Iúil-Nollaig 1964 | Iúil-Nollaig 1967 | Iúil-Nollaig 1970 | Eanáir-Meitheamh 1974 | Iúil-Nollaig 1978 | Eanáir-Meitheamh 1983 | Eanáir-Meitheamh 1988 | Iúil-Nollaig 1994 | Eanáir-Meitheamh 2007 | Iúil-Nollaig 2020
Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Uachtaránacht reatha Chomhairle an Aontais
An Coimisiún Eorpach
Is í Ursula von der Leyen as an nGearmáin Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.
Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin.
Ionadaíocht an Choimisiúin sa Ghearmáin
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Tá 24 ionadaí ag an nGearmáin ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta sna Ballstáit.
Coiste Eorpach na Réigiún
Tá 23 ionadaí ag an nGearmáin ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d’ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Faigheann na hinstitiúidí comhairle ón gcoiste sin i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.
Buanionadaíocht chuig an Aontas Eorpach
Bíonn an Ghearmáin i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid na Gearmáine chuig an Aontas’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go bhfuil leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn go héifeachtach san Aontas.
Buiséid agus Maoiniú
Cá mhéad a íocann agus a fhaigheann an Ghearmáin?
Déantar an méid atá le híoc ag gach tír de chuid an Aontais Eorpaigh a ríomh ar bhealach cothrom, de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu.
Níl sé d’aidhm ag buiséad an Aontais Eorpaigh an rachmas a athdháileadh, ach cuirtear béim ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n‑iomláine.
Figiúirí faoi bhuiséad, ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh:
Tionscadail sa Ghearmáin a fuair maoiniú ón Aontas
An t-airgead a d’íoc an Ghearmáin isteach i mbuiséad an Aontais, úsáidtear é le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais – cuir i gcás, déanamh bóithre, maoiniú do thaighdeoirí agus cosaint an chomhshaoil.
Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann an maoiniú ón Aontas chun tairbhe don Ghearmáin.