Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Forbhreathnú

Príomhchathair: an Aithin

Teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh: an Ghréigis

Ballstát de chuid an Aontais: ón 1 Eanáir 1981

Airgeadra: an euro. Ball den limistéar euro ón 1 Eanáir 2001

Schengen: Ball de limistéar Schengen ón 1 Eanáir 2000

FigiúiríAchar na tíre - daonra - olltáirgeacht intíre (OTI) per capita i gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC)

Córas polaitiúil

Poblacht pharlaiminteach í an Ghréig ag a bhfuil ceann rialtais, an príomh-aire, ag a bhfuil an chuid is mó den chumhacht pholaitiúil, agus an ceann stáit, an t-uachtarán, ar a bhfuil dualgais dheasghnácha den chuid is mó. Is ag an rialtas atá an chumhacht feidhmiúcháin.

Áit ar léarscáil an Aontais

An trádáil agus an geilleagar

Seo na hearnálacha ba mhó i ngeilleagar na Gréige in 2020: an trádáil mhórdhíola agus mhiondíola, seirbhísí iompair, cóiríochta agus bia (23.8%), an córas riaracháin phoiblí, gníomhaíochtaí cosanta agus oideachais, sláinte an duine, agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta (21.6%), agus gníomhaíochtaí eastáit réadaigh (15.9%).

Is fiú 57% d’easpórtálacha na Gréige í trádáil laistigh den Aontas (an Iodáil 11% agus an Ghearmáin 8%), agus maidir le trádáil lasmuigh den Aontas, téann 4% d’easpórtálacha chun na Tuirce agus 4% go dtí na Stáit Aontaithe.

Ó thaobh iompórtálacha de, tagann 57% ó Bhallstáit an Aontais (an Ghearmáin 12% agus an Iodáil 9%), agus maidir le hiompórtálacha ó lasmuigh den Aontas, tagann 8% ón tSín agus 6% ón India.

An Ghréig san Aontas Eorpach

Parlaimint na hEorpa

Tá 21 Fheisire ag an nGréig i bParlaimint na hEorpa. Seo roinnt eolais faoi na Feisirí sin.

Oifig Pharlaimint na hEorpa sa Ghréig

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Bíonn ionadaithe as rialtas na Gréige i láthair go rialta ag cruinnithe na Comhairle. Ní hiad na hionadaithe céanna a bhíonn i láthair ag gach cruinniú – tá sin ag brath ar an réimse beartais.

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Ní uachtarán buan amháin (fearacht Uachtaráin an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.

Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh.

Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram na Gréige lena linn:

Iúil-Nollaig 1983 | Iúil-Nollaig 1988 | Eanáir-Meitheamh 1994 | Eanáir-Meitheamh 2003 | Eanáir-Meitheamh 2014

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Uachtaránacht reatha Chomhairle an Aontais

An Coimisiún Eorpach

Is é Margaritis Schinas, an Leas-Uachtarán um ár nDóigh Bheatha Eorpach a chur chun cinn, an Coimisinéir atá ainmnithe ag an nGréig chuig an gCoimisiún Eorpach.

Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin.

Ionadaíocht an Choimisiúin sa Ghréig

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

12 ionadaí ag an nGréig ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle uaidh i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta sna Ballstáit.

Coiste Eorpach na Réigiún

11 ionadaí ag an nGréig ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d'ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Faigheann na hinstitiúidí comhairle ón gcoiste sin i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.

Buanionadaíocht chuig an Aontas Eorpach

Bíonn an Ghréig i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid na Gréige chuig an Aontas Eorpach’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go bhfuil leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn go héifeachtach san Aontas Eorpach.

Buiséid agus Maoiniú

Cá mhéad a íocann agus a fhaigheann an Ghréig?

Déantar an méid atá le híoc ag gach tír de chuid an Aontais Eorpaigh a ríomh ar bhealach cothrom, de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.
Níl sé d’aidhm ag buiséad an Aontais Eorpaigh an rachmas a athdháileadh, ach cuirtear béim ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n‑iomláine. 

Figiúirí faoi bhuiséad, ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh:

Tionscadail sa Ghréig a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach

An t-airgead a d'íoc an Ghréig isteach i mbuiséad an Aontais Eorpaigh, úsáidtear é le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais, m.sh. déanamh bóithre, maoiniú do thaighdeoirí agus cosaint an chomhshaoil.

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann an maoiniú ón Aontas Eorpach chun tairbhe don Ghréig.