Forbhreathnú
Príomhchathair: Búdaipeist
Teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh: an Ungáiris
Ballstát de chuid an Aontais: ón 1 Bealtaine 2004
Airgeadra: Forint na hUngáire (HUF) Tá obair ullmhúcháin á déanamh ag an Ungáir faoi láthair chun an euro a ghlacadh.
Schengen: Ball de limistéar Schengen ón 21 Nollaig 2007
Figiúirí: Achar na tíre - daonra - olltáirgeacht intíre (OTI) per capita i gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC)
An córas polaitiúil
Poblacht pharlaiminteach í an Ungáir ag a bhfuil ceann rialtais, an príomh-aire, ag a bhfuil cumhacht feidhmiúcháin agus ceann stáit, an t-uachtarán, ar freagrachtaí ionadaíocha a phríomhfhreagrachtaí. Tá an Ungáir roinnte ina 19 gcontae, Búdaipeist, agus 23 chathair ag a bhfuil údarás ar leibhéal an chontae.
An trádáil agus an geilleagar
Seo na hearnálacha ba mhó i ngeilleagar na Rómáine in 2020: an tionsclaíocht (23.5%), an trádáil mhórdhíola agus mhiondíola, seirbhísí iompair, cóiríochta agus bia (17.7%) agus an córas riaracháin phoiblí, gníomhaíochtaí cosanta agus oideachais, sláinte an duine, agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta (17.5%).
Is fiú 78% d’easpórtálacha na hUngáire í trádáil laistigh den Aontas (an Ghearmáin 28%, an Rómáin, an tSlóvaic, an Ostair agus an Iodáil go léir 5%), agus maidir le trádáil lasmuigh den Aontas, téann 3% d’easpórtálacha go dtí na Stáit Aontaithe agus 3% chun na Ríochta Aontaithe.
Ó thaobh iompórtálacha de, tagann 71% ó Bhallstáit an Aontais (an Ghearmáin 24%, an Ostair 6%, an Pholainn agus an Ísiltír 5%), agus maidir le hiompórtálacha ó lasmuigh den Aontas, tagann 9% ón tSín agus 4% ó Phoblacht na Cóiré.
An Ungáir san Aontas Eorpach
Parlaimint na hEorpa
Tá 21 Fheisire ag an Ungáir i bParlaimint na hEorpa. Seo roinnt eolais faoi na Feisirí sin.
Oifig Pharlaimint na hEorpa san Ungáir
Comhairle an Aontais Eorpaigh
Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Bíonn ionadaithe as rialtas na hUngáire i láthair go rialta ag cruinnithe na Comhairle. Ní hiad na hionadaithe céanna a bhíonn i láthair ag gach cruinniú – tá sin ag brath ar an réimse beartais.
Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Ní uachtarán buan amháin (fearacht Uachtaráin an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.
Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh.
Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram na hUngáire lena linn:
Eanáir-Meitheamh 2011
Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Uachtaránacht reatha Chomhairle an Aontais
An Coimisiún Eorpach
Is é Olivér Várhelyi an Coimisinéir atá ainmnithe ag an Ungáir chuig an gCoimisiún Eorpach agus cúraimí na Comharsanachta agus Méadaithe air.https://data.ec.europa.eu/ewp/63f23d58-0f93-426e-9d70-7f3f92d2deeb
Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin.
Ionadaíocht an Choimisiúin san Ungáir
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Tá 12 ionadaí ag an Ungáir ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle uaidh i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta sna Ballstáit.
Coiste Eorpach na Réigiún
Tá 12 ionadaí ag an Ungáir ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d’ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Faigheann na hinstitiúidí comhairle ón gcoiste sin i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.
Buanionadaíocht chuig an Aontas Eorpach
Bíonn an Ungáir i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin "ambasáid na hUngáire chuig an Aontas Eorpach" agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go bhfuil leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn go héifeachtach san Aontas Eorpach.
Buiséid agus Maoiniú
Cá mhéad a íocann agus a fhaigheann an Ungáir?
Déantar an méid atá le híoc ag gach tír de chuid an Aontais Eorpaigh a ríomh ar bhealach cothrom, de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.
Níl sé mar aidhm le buiséad an Aontais Eorpaigh an rachmas a athdháileadh, ach cuirtear béim ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n‑iomláine.
Figiúirí faoi bhuiséad, ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh:
- Buiséad an Aontais Eorpaigh
- Ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh de réir na bliana agus na tíre
Tionscadail san Ungáir a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach
An t-airgead a d'íoc an Ungáir isteach i mbuiséad an Aontais Eorpaigh, úsáidtear é le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais, m.sh. déanamh bóithre, maoiniú do thaighdeoirí agus cosaint an chomhshaoil.
Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann an maoiniú ón Aontas Eorpach chun tairbhe don Ungáir.