Skip to main content

Forbhreathnú

Príomhchathair: Baile Átha Cliath

Teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh: an Ghaeilge, an Béarla

Ballstát de chuid an Aontais: ón 1 Eanáir 1973

Airgeadra: an euro. Ball den limistéar euro ón 1 Eanáir 1999

Schengen: chinn Éire gan a bheith rannpháirteach i limistéar Schengen

FigiúiríAchar na tíre - daonra - olltáirgeacht intíre (OTI) per capita i gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC)

Córas polaitiúil

Poblacht pharlaiminteach í Éire a bhfuil 26 chontae inti. Is é an t-uachtarán a cheapann an ceann rialtais – an taoiseach – tar éis a ainmniúcháin ag an Dáil, agus is ag an taoiseach a bhíonn an chumhacht feidhmiúcháin. Cumhachtaí deasghnácha is mó a bhíonn ag an gceann stáit, an t-uachtarán. Tá dhá theach sa Pharlaimint: an Teach Uachtarach agus an Teach Íochtarach.

Áit ar léarscáil an Aontais

An trádáil agus an geilleagar

Seo na hearnálacha is mó a bhí i ngeilleagar na hÉireann in 2020: an tionsclaíocht (38.3%); an fhaisnéis agus an chumarsáid (17.4 %), agus an córas riaracháin phoiblí, an chosaint, an t-oideachas, sláinte an duine agus obair shóisialta (10.5%).

Is go tíortha laistigh den Aontas a thrádáiltear 41% d’easpórtálacha na hÉireann (an Bheilg agus an Ghearmáin 11%), agus maidir le heaspórtálacha go háiteanna lasmuigh den Aontas, téann 30% díobh chun na Stát Aontaithe agus 9% chun na Ríochta Aontaithe.

Ó thaobh iompórtálacha de, tagann 38% ó Bhallstáit an Aontais (an Fhrainc 11% agus an Ghearmáin 9%), agus maidir le hiompórtálacha ó lasmuigh den Aontas, tagann 27% ó na Stáit Aontaithe agus 13% ó na Stáit Aontaithe.

Éire san Aontas Eorpach

Parlaimint na hEorpa

Tá 11 Fheisire ag Éirinn i bParlaimint na hEorpa. Seo roinnt eolais faoi na Feisirí sin.

Oifig Pharlaimint na hEorpa in Éirinn

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Bíonn ionadaithe as rialtas na hÉireann i láthair go rialta ag cruinnithe na Comhairle. Ní hiad na hionadaithe céanna a bhíonn i láthair ag gach cruinniú – tá sin ag brath ar an réimse beartais.

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Ní uachtarán buan amháin (fearacht Uachtaráin an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.

Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh.

Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram na hÉireann lena linn:

Eanáir-Meitheamh 1975 | Iúil-Nollaig 1979 | Iúil-Nollaig 1984 | Eanáir-Meitheamh 1990 | Iúil-Nollaig 1996 | Eanáir-Meitheamh 2004 | Eanáir-Meitheamh 2013

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Uachtaránacht reatha Chomhairle an Aontais

An Coimisiún Eorpach

Is í Mairead McGuinness an Coimisinéir a cheap Éire ar an gCoimisiún Eorpach. Seirbhísí airgeadais, cobhsaíocht airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil na cúraimí atá uirthi.

Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin.

Ionadaíocht an Choimisiúin in Éirinn

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

9 n-ionadaí ag Éirinn ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta sna Ballstáit.

Coiste Eorpach na Réigiún

8 n-ionadaí ag Éirinn ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d’ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Faigheann na hinstitiúidí comhairle ón gcoiste sin i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.

Buanionadaíocht chuig an Aontas Eorpach

Bíonn Éire i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid na hÉireann chuig an Aontas’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go bhfuil leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn go héifeachtach san Aontas.

Buiséid agus Maoiniú

Cá mhéad a íocann agus a fhaigheann Éire?

Déantar an méid atá le híoc ag gach tír de chuid an Aontais Eorpaigh a ríomh ar bhealach cothrom, de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.
Níl sé mar aidhm le buiséad an Aontais Eorpaigh an rachmas a athdháileadh, ach cuirtear béim ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n‑iomláine. 

Figiúirí faoi bhuiséad, ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh:

Tionscadail in Éirinn a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach

An t-airgead a d’íoc Éire isteach i mbuiséad an Aontais, úsáidtear é le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais, cuir i gcás déanamh bóithre, maoiniú do thaighdeoirí agus cosaint an chomhshaoil.

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann an maoiniú ón Aontas chun tairbhe d'Éirinn.