Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Forbhreathnú

Príomhchathair: Vársá

Teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh: an Pholainnis

Ballstát de chuid an Aontais: ón 1 Bealtaine 2004

Airgeadra: Złoty na Polainne (PLN). Tá obair ullmhúcháin á déanamh ag an bPolainn faoi láthair chun an euro a ghlacadh.

Schengen: Ball de limistéar Schengen ón 21 Nollaig 2007

FigiúiríAchar na tíre - daonra - olltáirgeacht intíre (OTI) per capita i gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC)

Córas polaitiúil

Poblacht pharlaiminteach í an Pholainn ag a bhfuil ceann rialtais, an príomh-aire, agus ceann stáit, an t-uachtarán. Bunaithe ar chomhairle na n-airí atá struchtúr an rialtais. Tá an tír roinnte ina 16 chúige, bunaithe den chuid is mó ar réigiúin stairiúla na tíre. Roinntear an t-údarás riaracháin ar leibhéal na gcúigí idir gobharnóir arna cheapadh ag an rialtas, tionól réigiúnach tofa agus feidhmeannach arna thoghadh ag an tionól réigiúnach.

Áit ar léarscáil an Aontais

An trádáil agus an geilleagar

Seo na hearnálacha ba mhó i ngeilleagar na Polainne in 2020: an trádáil mhórdhíola agus mhiondíola, seirbhísí iompair, cóiríochta agus bia (24.9%), an tionsclaíocht (24.2%), agus an córas riaracháin phoiblí, gníomhaíochtaí cosanta agus oideachais, sláinte an duine, agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta (15.3%).

Is go tíortha laistigh den Aontas a thrádáiltear 74 % d’easpórtálacha na Slóvaice (an Ghearmáin 29%, an tSeicia 6% agus an Fhrainc 5%), agus maidir le heaspórtálacha go háiteanna lasmuigh den Aontas, téann 6% díobh chun na Ríochta Aontaithe, agus 3% chun na Rúise agus an oiread céanna na Stát Aontaithe.

Ó thaobh allmhairí de, tagann 67 % ó Bhallstáit an Aontais (an Ghearmáin 27 %, an Ísiltír 6% agus an Iodáil 5 %), agus maidir le hallmhairí ó lasmuigh den Aontas, tagann 10 % ón tSín agus 4 % ón Rúis.

An Pholainn san Aontas

Parlaimint na hEorpa

Tá 52 Fheisire ag an bPolainn i bParlaimint na hEorpa. Seo roinnt eolais faoi na Feisirí sin.

Oifig Pharlaimint na hEorpa sa Pholainn

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Bíonn ionadaithe as rialtas na Polainne i láthair go rialta ag cruinnithe na Comhairle. Ní hiad na hionadaithe céanna a bhíonn i láthair ag gach cruinniú – tá sin ag brath ar an réimse beartais.

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Ní uachtarán buan amháin (fearacht Uachtaráin an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.

Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh.

Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram na Polainne lena linn:

Iúil-Nollaig 2011

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Uachtaránacht reatha Chomhairle an Aontais

An Coimisiún Eorpach

Is é Janusz Wojciechowski an Coimisinéir atá ainmnithe ag an bPolainn chuig an gCoimisiún Eorpach agus cúraimí Talmhaíochta air.

Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin.

Ionadaíocht an Choimisiúin sa Pholainn

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

21 ionadaí ag an bPolainn ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta sna Ballstáit.

Coiste Eorpach na Réigiún

Tá 21 ionadaí ag an bPolainn ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d'ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Faigheann na hinstitiúidí comhairle ón gcoiste sin i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.

Buanionadaíocht chuig an Aontas Eorpach

Bíonn an Pholainn i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid na Polainne chuig an Aontas’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go bhfuil leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn go héifeachtach san Aontas.

Buiséid agus Maoiniú

Cá mhéad a íocann agus a fhaigheann an Pholainn?

Déantar an méid atá le híoc ag gach tír de chuid an Aontais Eorpaigh a ríomh ar bhealach cothrom, de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu.
Níl sé d’aidhm ag buiséad an Aontais Eorpaigh an rachmas a athdháileadh, ach cuirtear béim ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n‑iomláine. 

Figiúirí faoi bhuiséad, ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh:

Tionscadail sa Pholainn a fuair maoiniú ón Aontas

An t-airgead a d’íoc an Pholainn isteach i mbuiséad an Aontais, úsáidtear é le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais – cuir i gcás, déanamh bóithre, maoiniú do thaighdeoirí agus cosaint an chomhshaoil.

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann an maoiniú ón Aontas chun tairbhe don Pholainn.