Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Forbhreathnú

Príomhchathair: Liúibleána

Teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh: an tSlóivéinis

Ballstát de chuid an Aontais: ón 1 Bealtaine 2004

Airgeadra: an euro. Ball den limistéar euro ón 1 Eanáir 2007

Schengen: Ball den limistéar Schengen ón 21 Nollaig 2007

FigiúiríAchar na tíre - daonra - olltáirgeacht intíre (OTI) per capita i gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC)

Córas polaitiúil

Poblacht dhaonlathach pharlaiminteach í an tSlóivéin ag a bhfuil ceann rialtais, an príomh-aire, agus ceann stáit, an t-uachtarán, a thoghtar go díreach. Is ag an rialtas atá an t-údarás feidhmiúcháin agus riaracháin. An Pharlaimint a thoghann an príomh-aire agus na hairí. Níl réigiúnacha sa tSlóivéin, ach tá sí roinnte ina 212 bhardas.

Áit ar léarscáil an Aontais

An trádáil agus an geilleagar

Seo na hearnálacha ba mhó i ngeilleagar na Slóivéine in 2020: an tionsclaíocht (27.2%), an trádáil mhórdhíola agus mhiondíola, seirbhísí iompair, cóiríochta agus bia (19.1%) agus an córas riaracháin phoiblí, gníomhaíochtaí cosanta agus oideachais, sláinte an duine, agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta (18.1%).

Is fiú 67% d’easpórtálacha na Slóivéine í trádáil laistigh den Aontas (an Ghearmáin 17%, an Iodáil 9% agus an Chróit 7 %), agus maidir le trádáil lasmuigh den Aontas, téann 10% d’easpórtálacha go dtí an Eilvéis agus 3% chun na Seirbia.

Ó thaobh iompórtálacha de, tagann 59% ó Bhallstáit an Aontais (an Ghearmáin 14%, an Iodáil 10% agus an Ostair 8%), agus maidir le hiompórtálacha ó lasmuigh den Aontas, tagann 6% ón Tuirc agus ón tSín.

An tSlóivéin san Aontas

Parlaimint na hEorpa

Tá 8 bhFeisire ag an tSlóivéin i bParlaimint na hEorpa. Seo roinnt eolais faoi na Feisirí sin.

Oifig Pharlaimint na hEorpa sa tSlóivéin

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Bíonn ionadaithe as rialtas na Slóivéine i láthair go rialta ag cruinnithe na Comhairle. Ní hiad na hionadaithe céanna a bhíonn i láthair ag gach cruinniú – tá sin ag brath ar an réimse beartais.

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Ní uachtarán buan amháin (fearacht Uachtaráin an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.

Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh.

Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram na Slóivéine lena linn:

Eanáir-Meitheamh 2008 | Iúil-Nollaig 2021

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Uachtaránacht reatha Chomhairle an Aontais

An Coimisiún Eorpach

Is é Janez Lenarčič an Coimisinéir atá ainmnithe ag an tSlóivéin chuig an gCoimisiún Eorpach agus cúraimí Bainistithe Géarchéime air.

Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin.

Ionadaíocht an Choimisiúin sa tSlóivéin

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

7 n-ionadaí ag an tSlóivéin ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta sna Ballstáit.

Coiste Eorpach na Réigiún

7 n-ionadaí ag an tSlóivéin ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d’ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Faigheann na hinstitiúidí comhairle ón gcoiste sin i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.

Buanionadaíocht chuig an Aontas Eorpach

Bíonn an tSlóivéin i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid na Slóivéine chuig an Aontas Eorpach’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go bhfuil leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn go héifeachtach san Aontas.

Buiséid agus Maoiniú

Cá mhéad a íocann agus a fhaigheann an tSlóivéin?

Déantar an méid atá le híoc ag gach tír de chuid an Aontais Eorpaigh a ríomh ar bhealach cothrom, de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.

Níl sé d’aidhm ag buiséad an Aontais Eorpaigh an rachmas a athdháileadh, ach cuirtear béim ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n‑iomláine.

Figiúirí faoi bhuiséad, ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh:

Tionscadail sa tSlóivéin a fuair maoiniú ón Aontas

An t-airgead a d’íoc an tSlóivéin isteach i mbuiséad an Aontais, úsáidtear é le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais – m.sh. déanamh bóithre, maoiniú do thaighdeoirí agus cosaint an chomhshaoil.

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann an maoiniú ón Aontas Eorpach chun tairbhe don tSlóivéin.