Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Forbhreathnú

Príomhchathair: Maidrid

Teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh: an Spáinnis

Ballstát de chuid an Aontais: ón 1 Eanáir 1986

Airgeadra: an euro. Ball den limistéar euro ón 1 Eanáir 1999

Schengen: Ball de limistéar Schengen ón 26 Márta 1995

FigiúiríAchar na tíre - daonra - olltáirgeacht intíre (OTI) per capita i gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC)

Córas polaitiúil

Is daonlathas parlaiminteach agus monarcacht bhunreachtúil í an Spáinn ag a bhfuil ceann rialtais, an príomh-aire, agus ceann stáit, an monarc. Is í comhairle na n-airí an feidhmeannas agus is é an príomh-aire atá ina uachtarán uirthi. Is stát aonadach í an Spáinn, ina bhfuil 17 gcomhphobal uathrialacha agus 2 chathair fhéinrialaithe ag a bhfuil leibhéil éagsúla neamhspleáchais.

Áit ar léarscáil an Aontais

An trádáil agus an geilleagar

Is iad seo a leanas na hearnálacha is tábhachtaí i ngeilleagar na Spáinne in 2020: an riarachán poiblí, an chosaint, an t-oideachas, sláinte an duine agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta (20.5%), an trádáil mhórdhíola agus mhiondíola, an t-iompar, seirbhísí lóistín agus bia (19.7%) agus an tionsclaíocht (16.1%).

Is go tíortha laistigh den Aontas a thrádáiltear 61% d’easpórtálacha na Spáinne (an Fhrainc 16%, an Ghearmáin 11% agus an Iodáil 8%), agus maidir le heaspórtálacha go háiteanna lasmuigh den Aontas, téann 8% díobh chun na Ríochta Aontaithe agus 5% chun na Stát Aontaithe.

Ó thaobh iompórtálacha de, tagann 57% ó Bhallstáit an Aontais (an Ghearmáin 14%, an Fhrainc 11% agus an Iodáil 7%), agus maidir le hiompórtálacha ó lasmuigh den Aontas, tagann 7% ón tSín agus 4% ó na Stáit Aontaithe.

An Spáinn san Aontas Eorpach

Parlaimint na hEorpa

Tá 59 bhFeisire ag an Spáinn i bParlaimint na hEorpa. Seo roinnt eolais faoi na Feisirí sin.

Oifig Pharlaimint na hEorpa sa Spáinn

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Bíonn ionadaithe as rialtas na Spáinne i láthair go rialta ag cruinnithe na Comhairle. Ní hiad na hionadaithe céanna a bhíonn i láthair ag gach cruinniú – tá sin ag brath ar an réimse beartais.

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Ní uachtarán buan amháin (fearacht Uachtaráin an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.

Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh.

Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram na Spáinne lena linn:

Eanáir-Meitheamh 1989 | Iúil-Nollaig 1995 | Eanáir-Meitheamh 2002 | Eanáir-Meitheamh 2010 | Iúil-Nollaig 2023

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Uachtaránacht reatha Chomhairle an Aontais

An Coimisiún Eorpach

Is é Josep Borrell Fontelles, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála/Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, an Coimisinéir atá ainmnithe ag an Spáinn chuig an gCoimisiún Eorpach.

Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin.

Ionadaíocht an Choimisiúin sa Spáinn

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

21 ionadaí ag an Spáinn ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta sna Ballstáit.

Coiste Eorpach na Réigiún

Tá 21 ionadaí ag an Spáinn ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d'ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Faigheann na hinstitiúidí comhairle ón gcoiste sin i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.

Buanionadaíocht chuig an Aontas Eorpach

Bíonn an Spáinn i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontas Eorpach tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid na Spáinne chuig an Aontas Eorpach’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go bhfuil leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn go héifeachtach san Aontas.

Buiséid agus Maoiniú

Cá mhéad a íocann agus a fhaigheann an Spáinn?

Déantar an méid atá le híoc ag gach tír de chuid an Aontais Eorpaigh a ríomh ar bhealach cothrom, de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu.

Níl sé d'aidhm ag buiséad an Aontais Eorpaigh an rachmas a athdháileadh, ach cuirtear béim ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n‑iomláine.

Figiúirí faoi bhuiséad, ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh:

Tionscadail sa Spáinn a fuair maoiniú ón Aontas

An t-airgead a d’íoc an Spáinn isteach i mbuiséad an Aontais, úsáidtear é le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais – cuir i gcás, déanamh bóithre, maoiniú do thaighdeoirí agus cosaint an chomhshaoil.

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann an maoiniú ón Aontas chun tairbhe don Spáinn.