Is próiseas casta nach féidir a chur i gcrích thar oíche é ballraíocht a bhaint amach san Aontas Eorpach. Nuair a chomhlíonann tír is iarrthóir na coinníollacha ballraíochta, is gá di rialacha agus rialacháin an Aontais a chur chun feidhme i ngach réimse.
Féadfaidh aon tír a shásaíonn na coinníollacha ballraíochta iarratas a dhéanamh. Ar na coinníollacha sin a dtugtar ‘critéir Chóbanhávan’ orthu, áirítear daonlathas cobhsaí agus an smacht reachta, geilleagar margaidh a fheidhmíonn agus glacadh le gach cuid de reachtaíocht an Aontais, an euro san áireamh.
Cuireann tír a dteastaíonn uaithi teacht isteach san Aontas iarratas ballraíochta faoi bhráid na Comhairle; iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chumas na tíre is iarrthóir critéir Chóbanhávan a chomhlíonadh. Bunaithe ar an tuairim ón gCoimisiún, cinneann an Chomhairle sainordú caibidlíochta ina dhiaidh sin. Cuirtear tús foirmiúil ansin le caibidlíochtaí ar bhonn ábhar i ndiaidh ábhair.
Is gá do gach tír is iarrthóir líon mór rialacha agus rialacháin de chuid an Aontais a ghlacadh mar dhlí náisiúnta agus, i ngeall air sin, tógann sé roinnt mhaith ama na caibidlíochtaí a chur i gcrích. Tugtar tacaíocht airgeadais, riaracháin agus theicniúil do na tíortha is iarrthóirí le linn na tréimhse réamh-aontachais seo.
Tíortha is iarrthóirí
Tá reachtaíocht an Aontais Eorpaigh á ‘trasuí’ (nó á comhtháthú) ina ndlí náisiúnta ag na tíortha seo a leanas:
- An Albáin
- An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin
- An Mholdóiv
- Montainéagró
- An Mhacadóin Thuaidh
- An tSeirbia
- An Tuirc
- An Úcráin
Tíortha is iarrthóirí ionchasacha
Ní chomhlíonann na tíortha is iarrthóirí ionchasacha na ceanglais le haghaidh ballraíocht san Aontas Eorpach fós:
- An tSeoirsia
- An Chosaiv*
* Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.