Céard é Lá na hEorpa?
An 9 Bealtaine 1950, thug Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, Robert Schuman, óráid stairiúil agus plean le haghaidh comhar níos doimhne san Eoraip. Tugtar Dearbhú Schuman air agus réitigh sé an bealach do ré nua síochána, lánpháirtíochta agus comhair ar fud na mór-roinne. Is é is bunchloch don Aontas Eorpach mar atá anois againn.
I saol athraitheach dúshlánach an lae inniu, ní mór don Aontas seo againne a bheith réidh chun an fód a sheasamh agus a bheith neamhspleách. Chun déanamh amhlaidh, caithfimid teacht le chéile chun ár slándáil a neartú, borradh a chur faoin rathúnas agus ár saoirse a chosaint chun a chinneadh cén cineál sochaí agus daonlathais inar mian linn maireachtáil.
Deis is ea Lá na hEorpa chun an méid sin a aithint agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar na luachanna dá seasaimid agus a bhfuilimid ag obair i gcomhpháirt chun iad a chosaint agus a chothú. Is deis í an ócáid speisialta seo freisin chun teagmháil a dhéanamh leis na saoránaigh agus chun léiriú a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil an tAontas Eorpach ag obair chun daoine a chosaint agus deiseanna a chruthú dóibh, agus chun comhpháirtíochtaí a chur chun cinn ar fud an domhain.
40 bliain de cheiliúradh comhroinnte
I mbliana, beidh ceiliúradh speisialta ann do Lá na hEorpa. Ní hamháin go bhfuilimid ag comóradh 40 bliain ó tháinig an Phortaingéil agus an Spáinn isteach san Aontas, ach táimid ag comóradh 40 bliain ón gcéad cheiliúradh oifigiúil ar Lá na hEorpa agus ar úsáid phoiblí bhratach an Aontais agus aintiún an Aontais.
Déan ceiliúradh ar Lá na hEorpa in éineacht linn
Chun Lá na hEorpa a cheiliúradh, tá institiúidí sa Bhruiséil agus ar fud an Aontais ag tabhairt cuireadh duit cuairt a thabhairt ar a n-áitreabh agus eolas a chur ar chuid de na spásanna is cáiliúla san Aontas. Tá féilire lomlán imeachtaí agus gníomhaíochtaí ann, mar sin tapaigh an deis seo dul ar chúl an stáitse agus tuilleadh eolais a fháil faoin obair agus faoi na beartais a mhúnlaíonn do shaol.
Is féidir freastal ar gach imeacht saor in aisce.
Bí linn sa Bhruiséil
Aimsigh imeachtaí atá á n-eagrú ag institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil agus féach leat an léarscáil idirghníomhach.
Oíche ceoil leictreo ‘Iris Tipik’: Tar éis duit cuairt a thabhairt ar institiúidí an Aontais, lean ort le do cheiliúradh ag an Oíche ceoil leictreo ‘Iris Tipik’. Bí ann chun taitneamh a bhaint as fuaim na hEorpa nuair a dhéanfaidh DJanna beo urlár damhsa faoin aer de Place des Palais sa Bhruiséil, ó 19:00 ar aghaidh.
An ceiliúradh i Lucsamburg: Déanfar Lá na hEorpa a chomóradh an 10 Bealtaine in Wiltz, agus béim á leagan ar ról an Aontais i réigiúin trasteorann, ar rannpháirtíocht áitiúil na saoránach agus ar an éagsúlacht chultúrtha, chomh maith le 40 bliain ó tháinig an Phortaingéil agus an Spáinn isteach san Aontas.
Aimsigh imeachtaí eile i ngar duit
Nach bhfuil cónaí ort gar d’institiúid de chuid an Aontais? Fadhb ar bith! Déantar Lá na hEorpa a cheiliúradh
- ar fud 27 mBallstát an Aontais in Ionadaíochtaí an Choimisiúin agus in Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa
- agus ar fud an domhain i dtoscaireachtaí an Aontais agus misin agus oibríochtaí leanúnacha.
Gailearaí na meán


Siamsaíocht ag Laethanta Oscailte CESESiamsaíocht ag Laethanta Oscailte CESE 

Rannpháirtithe agus bratacha acuRannpháirtithe agus bratacha acu 

Cuairteoirí ag an gComhairle EorpachCuairteoirí ag an gComhairle Eorpach 

Cuairteoir ag Parlaimint na hEorpaCuairteoir ag Parlaimint na hEorpa 

Both grianghraf ag Lá Oscailte CESEBoth grianghraf ag Lá Oscailte CESE

