Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Stair agus cuspóir an euro

Airgeadra comhchoiteann – cad chuige?

Ó bhí na 1960idí ann, bhí sé ina uaillmhian ag an Aontas Eorpach aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhunú. Is é atá i gceist le haontas eacnamaíochta agus airgeadaíochta ná comhordú beartas eacnamaíoch agus fioscach, comhbheartas airgeadaíochta, agus airgeadra comhchoiteann, an euro. Is iomaí buntáiste a ghabhann le hairgeadra aonair: is fusa do chuideachtaí trádáil trasteorann a dhéanamh, feidhmíonn an geilleagar níos fearr, agus bíonn rogha agus deiseanna níos fearr ag tomhaltóirí.

Mar sin féin, bhí constaicí éagsúla polaitiúla agus eacnamaíocha roimhe: tiomantas lag polaitiúil uaireanta, easaontas maidir le tosaíochtaí eacnamaíochta, agus suaiteacht sna margaí idirnáisiúnta. Ba ghá iad sin go léir a shárú chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.

An bealach go dtí an euro

An cobhsaíocht idirnáisiúnta airgeadra a bhí i dtreis sa tréimhse go díreach i ndiaidh an chogaidh, níor mhair sí i bhfad. Bhí suaitheadh sna margaí idirnáisiúnta airgeadra, agus chuir sin i mbaol córas praghais chomhchoitinn an chomhbheartais talmhaíochta, ceann de phríomhcholúin Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, mar a thugtaí air an uair sin. Rinneadh iarrachtaí ina dhiaidh sin rátaí malairte cobhsaí a bhaint amach ach chuir géarchéim ola agus suaitheadh eile bac rompu, go dtí gur seoladh an Córas Eorpach Airgeadaíochta in 1979.

Bhí an Córas Eorpach Airgeadaíochta bunaithe ar chóras rátaí malairte a d'úsáidtí chun na hairgeadraí rannpháirteacha a choinneáil laistigh de bhanda teoranta luacha. Leis an gcur chuige úrnua sin, tháinig comhordú nach bhfacthas a leithéid cheana ar bheartais airgeadaíochta idir na Ballstáit, agus cuireadh i bhfeidhm go rathúil é ar feadh breis agus deich mbliana. Níorbh é go dtí uachtarántacht Jacques Delors, áfach, a d'ullmhaigh gobharnóirí banc ceannais na mBallstát “Tuarascáil Delors”, tuarascáil ar an gcaoi a bhféadfaí córas Eorpach airgeadaíochta a bhaint amach.

Ó Maastricht go dtí an euro agus an limistéar euro, 1991 go 2002

Moladh i dTuarascáil Delors tréimhse ullmhúcháin trí chéim don aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta agus don limistéar euro, tréimhse a mhairfeadh ó 1990 go dtí 1999. Ghlac ceannairí Eorpacha le moltaí Thuarascáil Delors.

Ag an gComhairle Eorpach in Maastricht na hÍsiltíre, i mí na Nollag 1991, a comhaontaíodh an Conradh ar an Aontas Eorpach, ina bhfuil na forálacha ba ghá chun an t-aontas airgeadaíochta a chur chun feidhme.

Tar éis tréimhse ullmhúcháin deich mbliana, seoladh an euro ar an 1 Eanáir 1999: airgeadra ‘dofheicthe’ a bhí ann sna chéad trí bliana, a úsáideadh le haghaidh gnóthaí cuntasaíochta agus íocaíochtaí leictreonacha amháin. An 1 Eanáir 2002 a seoladh boinn agus nótaí bainc, agus tharla an t-athrú airgid thirim ba mhó riamh i 12 Bhallstát.