Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union

Stair agus cuspóir

Airgeadra comhchoiteann – cén fáth

Ó bhí deireadh na 1960idí ann, bhí sé ina uaillmhian ag an Aontas Eorpach aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (AEA) a bhunú. Is é atá i gceist le AEA a bhunú ná comhordú beartas eacnamaíoch agus fioscach, comhbheartas airgeadaíochta, agus airgeadra comhchoiteann, an euro. Is iomaí buntáiste a ghabhann le hairgeadra aonair: 

  • déantar níos éasca do chuideachtaí é trádáil thar theorainneacha
  • cuirtear ar a gcumas do dhaoine cónaí, obair agus staidéar a dhéanamh i dtíortha eile ar bhealach níos éasca
  • coinnítear praghsanna a cobhsaí. 

Mar sin féin, bhí roinnt constaicí polaitiúla agus eacnamaíocha roimhe: tiomantas polaitiúil lag, easaontas faoi thosaíochtaí eacnamaíocha, agus suaiteacht sna margaí idirnáisiúnta. Bhí ról acu sin go léir maidir le moill a chur ar an dul chun cinn i dtreo an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta. 

An bealach go dtí an euro

An cobhsaíocht idirnáisiúnta airgeadra a bhí i dtreis sa tréimhse go díreach i ndiaidh an chogaidh, níor mhair sí i bhfad. Bhí suaitheadh sna margaí idirnáisiúnta airgeadra, agus chuir sin i mbaol córas praghais chomhchoitinn an chomhbheartais talmhaíochta, ceann de phríomhcholúin Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, mar a thugtaí air an uair sin. Bhuail géarchéim ola agus suaitheadh eile na hiarrachtaí ina dhiaidh sin rátaí malairte cobhsaí a bhaint amach, go dtí gur seoladh an Córas Eorpach Airgeadaíochta (CEA) in 1979

Bhí an Córas Eorpach Airgeadaíochta bunaithe ar chóras rátaí malairte a d'úsáidtí chun na hairgeadraí rannpháirteacha a choinneáil laistigh de bhanda teoranta. Leis an gcur chuige úrnua sin, tháinig comhordú nach bhfacthas a leithéid cheana ar bheartais airgeadaíochta idir na Ballstáit, agus cuireadh i bhfeidhm go rathúil é ar feadh breis agus deich mbliana. 

Ó Maastricht go dtí an euro agus an limistéar euro