Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union

Cuairt a thabhairt ar institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh

Fáilte chuig Institiúidí an Aontais Eorpaigh

Cuireann na hInstitiúidí Eorpacha fáilte roimh chuairteoirí ó gach cearn den domhan teacht agus foghlaim faoin Aontas Eorpach agus tuiscint a fháil ar an méid a dhéanann sé. 

Tá láithreacha ag na hInstitiúidí i roinnt mórchathracha Eorpacha, agus cuireann siad réimse leathan roghanna ar fáil do chuairteoirí. Tá ionaid chuairteoirí idirghníomhacha ag cuid de na hinstitiúidí; ceadaíonn cuid díobh rochtain fhisiciúil ar a bhfoirgnimh, agus eagraíonn cuid eile cur i láthair saindeartha agus seisiúin phlé leis an bhfoireann.

Cé go bhfuil go leor bealaí ann chun cuairt a thabhairt ar institiúid Eorpach, is cinnte go mbeidh eispéireas idirghníomhach oideachasúil ag gach cuairteoir. Gheobhaidh gach duine, idir dhaltaí agus turasóirí, léargas ar shaol an Aontais Eorpaigh agus ar an méid a dhéanann sé. Ní hamháin sin ach beidh craic acu freisin!

Lá Oscailte agus turais fhíorúla

Gach bliain le Lá na hEorpa a cheiliúradh, osclaíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh a gcuid doirse don phobal sa Bhruiséil agus in Strasbourg i dtús mhí na Bealtaine. Eagraíonn oifigí áitiúla de chuid an Aontais san Eoraip agus ar fud an domhain gníomhaíochtaí agus imeachtaí éagsúla do dhaoine idir óg agus aosta. 

Deis ar leith é Lá Oscailte an Aontais chun eolas a fháil faoin mbealach a dtéann na hinstitiúidí Eorpacha i bhfeidhm ar do shaol. Féadfaidh tú dul isteach sna foirgnimh agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí speisialta, cuir i gcás díospóireachtaí poiblí agus turais threoraithe. 

Agus má bhíonn deacrachtaí agat teacht chomh fada leis na hinstitiúidí féin, d’fhéadfá ‘turas fíorúil’ a dhéanamh. I gcás roinnt institiúidí is féidir rochtain fhíorúil a fháil ar a bhfoirgnimh, ionas go bhféadfaidh tú eolas a fháil faoin mbealach a n-oibríonn an tAontas gan an teach a fhágáil.

Cliceáil ar rannán gach cathrach chun liosta iomlán de na hionaid fhéideartha a fheiceáil, sin agus nasc le haghaidh eolas níos mionsonraithe.

An Bhruiséil (an Bheilg)

Parlaimint na hEorpa

European Parliament welcome point for visitors in Brussels.

Tá roinnt ionad ag Parlaimint na hEorpa sa Bhruiséil le haghaidh cuairteanna aonair nó cuairteanna do ghrúpaí. San áireamh tá na ‘seomraí tionóil’, áit a ndéantar díospóireacht ar dhlíthe an Aontais agus a gcaitear vóta orthu, ionad cuairteoirí idirghníomhach an Aontais – an Parliamentarium – Áras Stair na hEorpa agus Stáisiún na hEorpa.

Do chuairt ar Pharlaimint na hEorpa a phleanáil (an Bhruiséil)

An Chomhairle Eorpach / Comhairle an Aontais Eorpaigh

Visitors walking around the lantern-shaped metal structure in the Europa building.

Téigh ar aistear tríd an gComhairle, cuir eolas ar na foirgnimh ina dtagann ceannairí an Aontais le chéile agus faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi a múnlaíonn an Chomhairle todhchaí na hEorpa. Más mian leat cuairt a thabhairt ar an gComhairle, tá dhá rogha agat: téigh thart ar Ionad na gCuairteoirí agus ar na limistéir phoiblí i d'aonar nó glac páirt i gceann dár dturais threoraithe sheachtainiúla.

Do chuairt ar an gComhairle a phleanáil

An Coimisiún Eorpach

Person taking picture of group of people in front of European Commission

Tá ionaid éagsúla cuairte ag an gCoimisiún Eorpach sa Bhruiséil. Ina measc sin tá Ionad Cuairteoirí an Choimisiúin, áit ar féidir le grúpaí ar mian leo eolas a chur ar an gCoimisiún agus ar a bheartais ó bhéal oifigigh an Choimisiúin. Ba cheart cuairteanna a chur in áirithe 10 seachtaine ar a laghad roimh ré, agus is féidir iad a chur in oiriúint do riachtanais an ghrúpa. Is ionad taispeántais idirghníomhach an Choimisiúin é Experience Europe, é suite ag timpeallán Schuman (300m ón Ionad Cuairteoirí).  Ní gá do chuairteoirí aonair ná do ghrúpaí ina bhfuil níos lú ná 10 nduine clárú roimh ré. Tá sé ar oscail 7 lá na seachtaine.

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

The headquarters of the European External Action Service (EEAS)

Cuireann an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí fáilte roimh chuairteanna grúpa ag a ceanncheathrú sa Bhruiséil. Faigh amach conas a dhéanann an tSeirbhís Gníomhaíochta Seachtraí bainistiú ar chaidreamh taidhleoireachta an Aontais le tíortha nach Ballstáit iad, agus an chaoi a gcomhlíontar comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais. Cuirtear gach cuairt in oiriúint don chuairteoir féin.

Do chuairt ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a phleanáil

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

European Economic and Social Committee, House of European Civil Society
Architecture: Art & Build + Atelier d’architecture Paul Noël

Cuireann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) fáilte roimh chuairteoirí ag a cheanncheathrú sa Bhruiséil le haghaidh cur i láthair idirghníomhach ar a ghníomhaíochtaí agus a ról sa phróiseas cinnteoireachta. Is féidir cuairteanna grúpa fíorúla a eagrú freisin. 

Do chuairt ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a phleanáil

Coiste Eorpach na Réigiún

Jacques Delors building, rue Belliard, Brussels - Committee of the Regions’ main building with the visitors' entrance

Eagraíonn Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) cuairteanna faisnéise ar an láthair sa Bhruiséil. Faigh amach conas a fheidhmíonn CnaR agus faoin ról atá ag na réigiúin i múnlú ábhar reachtaíochta an Aontais Eorpaigh. Is féidir cuairteanna fíorúla a dhéanamh freisin.

Do chuairt ar Choiste na Réigiún a phleanáil

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

The European Data Protection Supervisor offices

Cuireann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) fáilte roimh shainghrúpaí – cuir i gcás mic léinn iarchéime – chuig a láthair sa Bhruiséil chun eolas a fháil faoin méid a dhéanann sé agus faoin gcaoi a bhfeidhmíonn sé. Ní phléitear ach le hiarratais oifigiúla (e.g. ó sheoladh ríomhphoist oifigiúil a bhaineann le heagraíocht).

 Cuairt ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a iarraidh

Strasbourg (an Fhrainc)

Parlaimint na hEorpa

Visitors in front of the building of the European Parliament in Strasbourg.

Cuireann Parlaimint na hEorpa fáilte roimh chuairteanna aonair nó cuairteanna grúpa chuig foirgneamh an tseomra tionóil in Strasbourg. Is ann a fheicfidh tú an áit a dtarlaíonn díospóireachtaí agus a gcaitear vótaí tábhachtacha na Parlaiminte roimh chuairt a thabhairt ar Parlamentarium Simone Veil, taispeántas idirghníomhach lena dtugtar léargas ar ról agus ar obair na Parlaiminte.

Do chuairt ar Pharlaimint na hEorpa a phleanáil (Strasbourg)

Lucsamburg

Parlaimint na hEorpa

EU flags in front of the new Adenauder building in Luxembourg.

Cuireann Parlaimint na hEorpa turais threoraithe ar fáil den fhoirgneamh Robert Schuman i Lucsamburg. Tabhair cuairt ar an áit a raibh an chéad suí riaracháin ag Parlaimint na hEorpa agus feicfidh tú foirgneamh an tseomra tionóil le linn an turais ghrúpa.

Do chuairt ar Pharlaimint na hEorpa a phleanáil (Lucsamburg)

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

EU Court of Justice – main entrance for visitors

Cuireann an Chúirt fáilte roimh chuairteanna aonair nó cuairteanna grúpa chuig a láthair i Lucsamburg. Freastail ar éisteacht phoiblí ag an gCúirt Bhreithiúnais nó ag an gCúirt Ghinearálta, nó glac páirt i dturas treoraithe ar na foirgnimh agus na saothair ealaíne a bronnadh ar an gCúirt nó a tugadh di ar iasacht ag na Ballstáit, ar saothair iad a léiríonn éagsúlacht oidhreacht chultúrtha na hEorpa. 

Do chuairt ar an gCúirt Bhreithiúnais a phleanáil

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

Entrance to the European Court of Auditors

Eagraíonn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) cuairteanna grúpa ar a láthair i Lucsamburg. Le linn na gcuairteanna, tugann oifigeach de chuid na Cúirte cur i láthair faoi ról agus feidhmiú na Cúirte, agus bíonn plé ann ina dhiaidh sin. Ní mór duit áit a chur in áirithe 2 mhí roimh ré.

Do chuairt ar Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a phleanáil

An Banc Eorpach Infheistíochta

European Investment Bank main building

Tugann an Banc Eorpach Infheistíochta cead isteach do ghrúpaí de chuairteoirí chuig a láthair i Lucsamburg ar iarratas scríofa a fháil. Ní mór do chuairteoirí spéis ghairmiúil dhíreach a bheith acu i ngníomhaíochtaí an bhainc, sin nó a bheith ina mac léinn ollscoile atá ag gabháil don eacnamaíocht nó don airgeadas. 

Cuairt ar an mBanc Eorpach Infheistíochta a iarraidh

Frankfurt (an Ghearmáin)

An Banc Ceannais Eorpach

European Central Bank’s headquarter building

Cuireann an Banc Ceannais Eorpach (BCE) roinnt roghanna ar fáil do chuairteoirí, ionas go bhfaighidh siad blaiseadh dá chuid oibre agus de na gníomhaíochtaí lena dtacaíonn sé in Frankfurt. Glac páirt i dturas ar Ionad Cuairteoirí an BCE, freastail ar léacht speisialta nó tabhair cuairt ar a bhailiúchán ealaíne.

Do chuairt ar an mBanc Ceannais Eorpach a phleanáil