Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union

An tAontas go héasca

Foilseacháin úsáideacha (bileoga eolais, leabhráin, sleamhnáin, léarscáileanna) ina mínítear an chaoi a n-oibríonn an tAontas, idir an euro agus an dlí, an stair agus an taisteal

Faigh an t-eolas riachtanach go léir faoin Aontas Eorpach, a stair, a ghníomhaíochtaí ar ábhair éagsúla, agus an chaoi a dtéann siad chun tairbhe do shaoránaigh san áireamh.

Faigh eolas faoi na mná agus na fir – ó throdaithe frithbheartaíochta agus polaiteoirí, go dtí aisteoir a bhfuil clú domhanda air – a spreag cruthú an Aontais Eorpaigh ina mairimid inniu.

Faigh tuilleadh eolais faoi bhunús an Aontais Eorpaigh agus faoin gcaoi a n-oibríonn sé, leis an treoir chríochnúil seo maidir le dlíchóras an Aontais.

Cuireann an tsraith chuimsitheach seo de shleamhnáin PowerPoint cúnamh solúbtha ar fáil do mhúinteoirí agus do chainteoirí a bhfuil cur i láthair á ullmhú acu faoin Aontas.

Mínítear sa bhileog eolais seo conas is féidir le daoine óga a dtuairimí a chur in iúl trí pháirt a ghlacadh i dtoghcháin nó trí smaointe a phlé le piaraí agus le lucht déanta beartas.

Cuir eolas ar an Eoraip leis an mbileog léarscáile seo ina bhfuil leideanna agus eolas úsáideach maidir le taisteal a dhéanamh san Aontas – an treoir is fearr le go mbeidh do thuras saor ó strus.

Sa chairt bhalla úsáideach seo tá léarscáil den Aontas agus eolas (airgeadra, príomhchathair, achar, daonra) faoi gach ceann de na 27 mBallstát.