Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union

Tacaíocht ón Aontas Eorpach don Úcráin

Tá an t-eolas seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська | Rúisis | русский

An 24 Feabhra 2022 rinne fórsaí armtha na Rúise ionradh mórscála ar an Úcráin. 

D’fhreagair an tAontas go pras agus go cinntitheach d’fhogha na Rúise trí bhearta sriantacha a ghlacadh, bearta a bhfuil iarmhairtí ollmhóra tromchúiseacha acu i leith na Rúise.

Chuir an tAontas dlús lena thacaíocht pholaitiúil, dhaonnúil, mhíleata agus airgeadais don Úcráin ó thaobh gheilleagar agus sochaí na tíre de, agus atógáil na tíre amach anseo.

Sa spotsolas

Dlúthpháirtíocht an Aontais ar obair

Tá an tAontas aontaithe diongbháilte maidir lena thacaíocht don Úcráin. Is go géar a cháineann sé fogha míleata na Rúise gan chúis gan údar.

Ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin, tá tacaíocht fhairsing eacnamaíoch, dhaonnúil agus mhíleata curtha ar fáil ag an Aontas don Úcráin.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le gníomhaíochtaí an Aontais le linn na tréimhse sin, féach leat na leathanaigh ghréasáin agus na hacmhainní tiomnaithe a fhoilsíonn institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais:

European Parliament

An dóigh a rannchuidíonn Parlaimint na hEorpa le tacaíocht an Aontais don Úcráin

European Central Bank

Freagairt ar an ionradh ar an Úcráin ina bhfuil beartas airgeadaíochta, smachtbhannaí a chur chun feidhme agus cobhsaíocht airgeadais a chinntiú san áireamh

European Committee of the Regions

Eolas faoi Chomhghuaillíocht Eorpach na gCathracha agus na Réigiún ar mhaithe le hAtógáil na hÚcráine

Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise

Tá sraith smachtbhannaí forchurtha ag an Aontas i gcoinne daoine aonair agus eagraíochtaí. Tá na bearta sin ceaptha chun bonn eacnamaíoch na Rúise a lagú, teicneolaíochtaí riachtanacha a cheilt uirthi, agus lagú a dhéanamh ar a cumas an cogadh a fhearadh san Úcráin.

Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise (an Chomhairle Eorpach)

Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise (an Coimisiún Eorpach)

An bhréagaisnéis a chomhrac

Tá rabharta bréagaisnéise agus faisnéis míthreorach ag gabháil le cogadh foghach na Rúise san Úcráin. Tá níos mó ná 5,000 cás bréagaisnéise ó thaobh na hÚcráine de bailithe i mbunachar sonraí EUvsDisinfo.

An bhréagaisnéis a chomhrac (bunachar sonraí EUvsDisinfo)

Atógáil na hÚcráine

Ní mór iarracht mhór airgeadais a dhéanamh go domhanda chun an Úcráin a atógáil nuair a thiocfaidh deireadh leis an gcogadh. Tá an tAontas ag cuidiú go suntasach cheana féin le borradh a chur faoi athléimneacht leanúnach na tíre, agus tá Saoráid nua don Úcráin curtha ar bun aige freisin, ar ionstraim thiomnaithe í chun suas le €50 billiún a chur ar fáil don Úcráin i dtacaíocht airgeadais chobhsaí intuartha do na blianta 2024 go 2027.

Atógáil na hÚcráine (an Chomhairle Eorpach)

Atógáil na hÚcráine (an Coimisiún Eorpach)

An tSaoráid don Úcráin (An Coimisiún Eorpach)