Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Fógra dlí

Séanadh

Tá an suíomh gréasáin seo á chur ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach le go mbeidh teacht níos éasca ag an bpobal ar fhaisnéis a bhaineann le tionscnaimh an Choimisiúin agus le beartais an Aontais Eorpaigh i gcoitinne. Is é an cuspóir atá againn an fhaisnéis sin a choinneáil cothrom le dáta agus cruinn. Má tharraingítear ár n-aird ar earráidí, déanfaimid gach iarracht iad a cheartú. Ní ghlacann an Coimisiún freagracht nó dliteanas ar bith, áfach, maidir leis an bhfaisnéis atá le fáil ar an suíomh gréasáin seo.

Maidir leis an bhfaisnéis atá ar an suíomh:

  • is de chineál ginearálta amháin í agus níl sí curtha ar fáil chun dul i gceann dálaí sonracha a bhaineann le duine nó le heintiteas ar leith;
  • Ní bhíonn an fhaisnéis sin i gcónaí cuimsitheach, iomlán, cruinn ná cothrom le dáta.
  • Bíonn naisc ar an suíomh le láithreáin eile nach bhfuil faoi rialú sheirbhísí an Choimisiúin agus nach nglacann an Coimisiún freagracht ar bith astu.
  • Ní comhairle ghairmiúil ná dhlíthiúil atá san fhaisnéis (má theastaíonn comhairle shonrach, ba cheart dul i gcomhairle le duine gairmiúil a bhfuil na cáilíochtaí cuí aige).

Ba chóir a thabhairt faoi deara freisin nach féidir a ráthú gur cóip chruinn de dhoiciméad a glacadh go hoifigiúil aon doiciméad atá ar fáil ar líne. Is í Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (an leagan clóite, nó ón 1 Iúil 2013 an leagan leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex) amháin atá barántúil agus a bhfuil éifeacht dhlíthiúil aici.

Tá sé mar chuspóir againn an méid a chuireann earráidí teicniúla isteach ar úsáideoirí a laghdú a mhéid is féidir. Tá seans ann, mar sin féin, gur cruthaíodh nó gur leagadh amach roinnt de na sonraí nó den fhaisnéis ar ár suíomh i gcomhaid nó i bhformáidí nach bhfuil saor ó earráidí agus ní féidir linn a ráthú nach gcuirfeadh fadhbanna den sórt sin isteach ar an tseirbhís ná nach n-imreodh siad tionchar uirthi. Ní ghlacann an Coimisiún aon fhreagracht as fadhbanna den sórt sin a tháinig as úsáid an tsuímh seo nó aon suíomhanna seachtracha atá nasctha leis.

Níl sé beartaithe go gcuirfidh an séanadh sin teorainn le dliteanas an Choimisiúin i gcás ina sárófar ceann ar bith de na ceanglais atá leagtha síos sa dlí náisiúnta is infheidhme ná go n-eisiafaidh sé a dhliteanas i gcás cúrsaí nach féidir a eisiamh faoin dlí sin.

Beartas príobháideachais
Beartas cosanta sonraí, rialacháin cosanta sonraí an Aontais, ríomhsheirbhísí.

An fógra cóipchirt

© An tAontas Eorpach, 1995-2024
Tá atáirgeadh ábhar atá ar an suíomh gréasáin seo údaraithe má tá an fhoinse léirithe agus mura bhfuil a mhalairt curtha in iúl.
Nuair is gá cead a fháil roimh ré faisnéis i dtéacs nó sna hilmheáin (fuaim, íomhánna, bogearraí, etc.) a atáirgeadh nó a úsáid, cuirfidh an cead sin deireadh leis an gcead ginearálta atá léirithe thuas agus leagfar amach go soiléir na srianta a bhaineann leis.

Úsáid shuaitheantas an Aontais Eorpaigh ag tríú páirtithe

Na prionsabail a bhaineann le húsáid shuaitheantas an Aontais ag tríú páirtithe, tá siad leagtha amach i gcomhaontú riarthach le Comhairle na hEorpa. Foilsíodh an comhaontú sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 08/09/2012 (2012/C 271/04).

De réir an chomhaontaithe sin, féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlíthiúil (‘úsáideoir ar tríú páirtí é’) suaitheantas an Aontais nó aon chuid de a úsáid, ar choinníoll nach ndéanfaidh an úsáid sin

(a) a thabhairt le fios go bhfuil nasc idir an t-úsáideoir ar tríú páirtí é agus institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht ar bith de chuid an Aontais Eorpaigh nó Chomhairle na hEorpa mura bhfuil an nasc sin ann;

(b) a thabhairt le fios don phobal go bhfaigheann an t-úsáideoir tacaíocht, urraíocht, faomhadh nó toiliú ó institiúid, comhlacht, oifigí nó gníomhaireachtaí ar bith de chuid an Aontais Eorpaigh nó Chomhairle na hEorpa mura bhfuil sin amhlaidh;

(c) cuspóir ná gníomhaíocht a chur chun cinn nach bhfuil ag teacht le haidhmeanna agus prionsabail an Aontais Eorpaigh nó Chomhairle na hEorpa ná atá mídhleathach ar dhóigh ar bith eile.

Má tá úsáid shuaitheantas an Aontais ag teacht leis na coinníollacha thuas, ní gá cead i scríbhinn a iarraidh.

Níl sé inghlactha suaitheantas an Aontais nó aithris araltach air a chlárú mar thrádmharc nó mar cheart ar mhaoin intleachtúil de chineál ar bith eile.

Suaitheantas an Aontais agus eolas grafach a íoslódáil

 

Tuilleadh eolais a fháil faoi shuaitheantas an Aontais Eorpaigh

Chun eolas a fháil a bhaineann leis na gnéithe amhairc agus grafacha de shuaitheantas an Aontais Eorpaigh, déan teagmháil le COMM-VISUAL-IDENTITYatec [dot] europa [dot] eu (COMM-VISUAL-IDENTITY[at]ec[dot]europa[dot]eu)

Chun faisnéis dlí a fháil a bhaineann le úsáid shuaitheantas an Aontais Eorpaigh, nó le trádmharc a chlárú/iarratas a dhéanamh ina bhfuil gnéithe shuaitheantas an Aontais Eorpaigh, déan teagmháil le EC-EU-EMBLEMatec [dot] europa [dot] eu (EC-EU-EMBLEM[at]ec[dot]europa[dot]eu)