Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Ag obair san Aontas Eorpach

Na cearta atá agat faoi dhlí an Aontais Eorpaigh

Mar náisiúnach den Aontas atá ag obair san Aontas Eorpach, tá cearta ar leith agat faoi dhlí an Aontais. Mar shampla:

  • ní gá duit cead a bheith agat le dul ag obair in aon Bhallstát den Aontas, bíodh sin le haghaidh fostóra nó mar dhuine féinfhostaithe
  • má chomhlíonann tú coinníollacha ar leith, féadfaidh tú cónaí sa tír ina bhfuil tú ag obair
  • san ionad oibre i dtír eile, bíonn na cearta céanna agat agus atá ag náisiúnaigh na tíre sin (pá, sláinte agus sábháilteacht, slándáil shóisialta agus buntáistí cánach agus aischur i do phost má bhristear as go héagórach thú).

Slándáil shóisialta agus cáin

Is ó dhlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil tú ag obair a eascraíonn na cearta agus rialacha maidir le cáin agus sochair. Baineann sin le breoiteacht, máithreachas/aithreachas, pinsin, dífhostaíocht agus liúntas linbh.

Ina ainneoin sin, tá rialacha agus prionsabail i bhfeidhm ar fud an Aontais a bhaineann le gnéithe ar leith de shochair agus cáin. Sula nglacann tú le post nua, mar sin, seiceáil na teidlíochtaí atá agat.

Post a aimsiú

Tá eagraíochtaí éagsúla curtha ar bun ag an Aontas chun cuidiú le daoine obair a aimsiú in aon Bhallstát. Féadfaidh siad cuidiú leat do CV AE a chur le chéile (CV Europass)agus thú a chur i dteagmháil le fostóirí féideartha.

Chun dul ag obair i dtír eile den Aontas, féadfaidh sé go gcaithfidh údaráis na tíre sin aitheantas oifigiúil a thabhairt do do cháilíochtaí gairmiúla. Féach bunachar sonraí cháilíochtaí gairmiúla an Aontais go bhfeicfidh tú an mbaineann sé sin leatsa.

Cliceáil ar na naisc thíos chun tuilleadh a fháil amach faoi na cearta atá agat agus faoi rialacha an Aontais maidir le bheith ag obair/dul ar scor san Aontas.

Ag obair i mBallstáit eile

Eolas faoi na cearta atá agat san Aontas, ceadanna oibre agus cóir chomhionann ina measc. Tá comhairle ar fáil anseo freisin le haghaidh náisiúnaigh den Aontas atá ar postú go sealadach i dtír eile san Aontas agus le haghaidh náisiúnaigh agus státseirbhísigh nach den Aontas iad atá ag obair san Aontas Eorpach.

Cáilíochtaí gairmiúla

Eolas faoin mbealach le haitheantas a fháil ar do cháilíochtaí i dtír eile san Aontas, bíodh sin go buan nó ar feadh tréimhse níos giorra. Féach bunachar sonraí cháilíochtaí an Aontais leis na doiciméid a bheidh le cur ar fáil agat a sheiceáil.

Bunachar sonraí na hEorpa do chuardaitheoirí poist

An bunachar sonraí a reáchtálann EURES, meaitseálann sé cuardaitheoirí poist le fostóirí ar fud na hEorpa. Cuireann sé eolas ar fáil freisin maidir le coinníollacha maireachtála agus oibre i mBallstáit an Aontais agus maidir le cúnamh iar-earcaíochta, cuir i gcás oiliúint i dteangacha agus cúrsaí imeasctha.

Do CV AE a chruthú

Bain úsáid as uirlisí ar líne EUROPASS chun cuidiú leat CV foirfe a chur i dtoll a chéile agus do cháilíochtaí agus scileanna a chur in iúl go soiléir d’fhostóirí ar fud na hEorpa – agus an fhoclaíocht cheart a úsáid lena aghaidh.

Sochair slándála sóisialta

Eolas faoi na córais slándála sóisialta san Aontas. Faigh amach faoin gclúdach a fhaigheann tú agus tú ag obair i dtír eile, agus conas a dhéantar sochair dhífhostaíochta agus sochair linbh a leithdháileadh. Féach na foirmeacha caighdeánacha atá de dhíth le haghaidh na sochar sin.

Do cheart ar chóir chomhionann

Faigh amach faoin teidlíocht atá agat faoi dhlí an Aontais i leith saoirse ó idirdhealú, beag beann ar inscne, eitneacht, reiligiún nó míchumas.

Ag dul ar scor i mBallstát eile

Eolas faoin mbealach chun iarratas a dhéanamh ar phinsean stáit más rud é gur oibrigh tú i mBallstát amháin nó níos mó. Faigh amach faoi na haoiseanna scoir agus córais phinsin i ngach tír, chomh maith le haon chearta pinsin fhorlíontaigh atá ann.

Cáin

Eolas faoi na bunphrionsabail chánach san Aontas a bhfuil feidhm acu maidir le daoine a chaitheann tréimhse lasmuigh dá dtír dhúchais, laistigh den Aontas. Faigh amach faoin mbealach a bhféadfadh siad tionchar a imirt ar an méid cánach ioncaim a bheadh le híoc agat, chomh maith le haon bhaol i dtaca le cánachas dúbailte.