Éachtaí agus tairbhí | an tAontas Eorpach
Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Na príomhrudaí atá bainte amach ag an Aontas Eorpach agus tairbhí follasacha

Iomaí rud iontach atá bainte amach ag an Aontas dá shaoránaigh agus don domhan i gcoitinne, cuir i gcás:

  • saoirse dá shaoránaigh maireachtáil, staidéar nó obair a dhéanamh in áit ar bith san Aontas
  • rathúnas a bhuí leis an margadh aonair is mó ar domhan agus le hairgeadra coiteann
  • fás a bhuí leis an mbloc trádála is mó ar domhan 
  • cosaint do chearta bunúsacha, digiteacha, sóisialta, eacnamaíocha agus eile na saoránach
  • taisteal gan teorainneacha a bhuí le limistéar Schengen
  • ceannródaí sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, i gcosaint an chomhshaoil agus i ndaingniú an fhuinnimh inbhuanaithe
  • cosaint do shláinte na saoránach ar bhagairtí sláinte áitiúla agus domhanda agus trí shábháilteacht bia a chinntiú
  • tacaíocht agus dlúthpháirtíocht in am an ghátair i ngeall ar thubaistí nádúrtha, géarchéimeanna eacnamaíocha, nó paindéim
  • síocháin san Aontas agus cobhsaíocht le breis agus 70 bliain anuas
  • leathnú agus aontacht a bhuí le méadú an Aontais
  • cúnamh cabhrach agus forbartha le haghaidh na milliún daoine ar fud an domhain

Margadh aonair  

Cuireann an tAontas rathúnas ar fáil a bhuí leis an bpríomhinneall eacnamaíoch atá aige, is é sin an margadh aonair. Fágann sé go mbíonn saorchúrsaíocht ar fud na mór-roinne ann maidir leis an gcuid is mó d’earraí, do sheirbhísí, d’airgead agus do dhaoine gan bacainní teicniúla, dlíthiúla ná maorlathacha. Ar an gcaoi sin, bíonn sé níos éasca do chuideachtaí gnó a dhéanamh agus cabhraíonn sé le tomhaltóirí airgead a shábháil.

Tairbhí do dhaoine 

Is éasca atá sé anois taisteal ar fud na hEorpa – tá an ceart ag gach saoránach den Aontas cónaí, staidéar nó obair a dhéanamh nó dul ar scor in aon Bhallstát eile. 

Mar náisiúnach den Aontas, tá sé de dhualgas ar gach Ballstát caitheamh leat ar an gcaoi chéanna a gcaitheann siad lena gcuid saoránach féin a mhéid a bhaineann le fostaíocht, slándáil shóisialta agus cáin.  

Seo roinnt samplaí de na rudaí atá bainte amach a bhuí leis margadh aonair:  

  • Tairbhí do thomhaltóirí: Ceann de na buntáistí is mó a bhaineann leis an margadh aonair is ea praghsanna níos ísle agus rogha níos fearr. Ó tharla nach bhfuil aon taraifí ná bacainní trádála idir tíortha an Aontais, is féidir le gnólachtaí a gcuid táirgí agus seirbhísí a dhíol thar theorainneacha gan costais bhreise, rud a fhágann go mbíonn praghsáil níos iomaíche ann. Ina theannta sin, cinntítear le dlíthe cosanta tomhaltóirí go bhfuil na cearta céanna ag saoránaigh ar fud an Aontais, beartais 14 lá chun earraí a thabhairt ar ais i gcás ceannacháin ar líne agus ráthaíochtaí maidir le hearraí lochtacha. Cuireann rialacha praghsála córa cosc ar idirdhealú praghsanna, rud a chinntíonn nach n-íocann daoine i dtír amháin praghsanna atá go héagórach níos airde ná mar atá siad i dtír eile
  • Seirbhísí teileafóin agus digiteacha: Ní bhaineann costas breise le d’fhón ná seirbhísí ar líne a úsáid ar fud an Aontais a thuilleadh i ngeall gur cuireadh deireadh le rialacha fánaíochta.
  • Luchtaire uilíoch: A bhuí le rialacha nua, cinntítear gur féidir leat d’fhón póca agus do ghléasanna leictreonacha eile luchtú le haon chineál luchtaire amháin. Tá sé sin níos áisiúla duit agus cabhraíonn sé dramhaíl leictreonach a laghdú.
  • Éifeachtúlacht fuinnimh táirgí: A bhuí le lipéid fuinnimh an Aontais, is féidir leat an méid fuinnimh agus uisce a úsáideann gléas ar leith. Cinntítear le rialacha éicidhearthóireachta freisin go bhfuil táirgí tí, cuir i gcás cuisneoirí agus meaisíní níocháin, ag éirí níos fuinneamhéifeachtúla, rud a chuidíonn le fuinneamh agus airgead a shábháil.

Tairbhí do ghnólachtaí 

Cuidíonn an margadh aonair le cuideachtaí, go háirithe gnólachtaí beaga, infheistíocht a mhealladh ionas gur féidir leo fás ar fud an Aontais agus ar fud an domhain. Ina theannta sin, cosnaíonn sé cuideachtaí ar shuaití a d’fhéadfadh a bheith ann ar a slabhraí soláthair, trína dhéanamh níos éasca dóibh soláthróirí agus comhpháirtithe nua a aimsiú. Ar an gcaoi sin, chuidigh an margadh aonair le tíortha teacht le chéile i ndlúthpháirtíocht agus deacrachtaí ar nós phaindéim COVID-19 a shárú. Chuir sé ar chumas thíortha na hEorpa vacsaíní tarrthála a sheachadadh, plean téarnaimh trasnáisiúnta a sheoladh agus an fhreagairt dhomhanda ar an bpaindéim a stiúradh.  

Oibríonn an tAontas chun borradh a chur faoi iomaíochas gnólachtaí, go háirithe gnólachtaí beaga agus meánmhéide, agus chun a chinntiú go dtugann siad faoin digitiú agus faoin dícharbónú. Tá caighdeáin Eorpacha éifeachtacha á bhforbairt aige, chomh maith le caighdeáin idirnáisiúnta um thuairisciú agus iniúchóireacht airgeadais agus neamhairgeadais a bhogadh ar aghaidh.  

Cinntíonn an tAontas go gcosnaítear thú ar mhíbhuntáistí an domhandaithe trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • tacaíocht ón Aontas do ghnólachtaí beaga
  • rialacha chun a chinntiú go n-íocfaidh cuideachtaí móra a gcion cothrom cánach

Is féidir leis an Aontas cuidiú leat má caitheadh leat go héagórach mar úinéir gnólachta.

Maoiniú agus nuálaíocht

Is é tiomantas an Aontais tacú leis an nuálaíocht dhúchasach atá mar bhonn taca faoin bhfás eacnamaíoch. Tá infheistíocht á déanamh ag an Aontas sa taighde agus sa nuálaíocht trína chlár Fís Eorpach. Tá Duaiseanna Nobel buaite ag breis agus 30 taighdeoir de chuid an Aontais a fuair maoiniú ón an gclár sin.  

Tá seoladh Galileo, córas domhanda loingseoireachta satailíte na hEorpa, ar cheann de na héachtaí is suntasaí atá bainte amach ag an Aontas ó thaobh na nuálaíochta de. Tá Galileo ag cabhrú leat an áit a bhfuil tú a dhéanamh amach ar d’fhón cliste ó 2016. Faoi láthair, cuireann sé eolas loingseoireachta agus uainiúcháin ar fáil do níos mó ná 4 bhilliún úsáideoir ar fud an domhain. Tacaíonn Galileo freisin le hoibríochtaí laethúla raon leathan tionscal, cuir i gcás iompar, lóistíocht, teileachumarsáid agus fuinneamh. 

Cuireann an tAontas neart deiseanna maoiniúcháin ar fáil freisin chun tacú le do ghnó. Má tá tú ag obair in earnáil na talmhaíochta, tá roinnt scéimeanna curtha ar bun ag an gcomhbheartas talmhaíochta chun cabhrú leat do chuideachta a leathnú. Tá cistí de chuid an Aontais ar fáil freisin go sonrach dóibh siúd atá ag obair in earnálacha amhail an t-iascach, gníomhú ar son na haeráide, nuálaíocht, fuinneamh, iompar agus TFC, agus atá ag iarraidh a gcuideachtaí a leathnú thar theorainneacha náisiúnta.  

Airgeadra coiteann

Seoladh an euro in 1999 agus is é airgeadra oifigiúil 20 tír de chuid an Aontais anois é. Úsáideann beagnach 350 milliún duine é. Chuir sé an lánpháirtiú Eorpach chun cinn agus tá an margadh aonair neartaithe aige trí dheireadh a chur leis an mbaol go dtarlódh luaineacht airgeadra agus costais mhalartaithe – rud a théann chun tairbhe dúinn go léir.

Trádáil 

Is é an tAontas Eorpach an bloc trádála is mó ar domhan. Is é an t-easpórtálaí is mó ar domhan é ó thaobh earraí monaraithe agus seirbhísí de, agus is é an margadh iompórtálacha is mó é ag bhreis agus 100 tír.

Bhí an tsaorthrádáil idir na Bhallstáit ar phrionsabail bhunaidh an Aontais Eorpaigh. Agus is mar gheall ar an margadh aonair is féidir an tsaorthrádáil sin a dhéanamh. Lasmuigh dá chuid teorainneacha, tá an tAontas Eorpach tiomanta an trádáil dhomhanda a liobrálú freisin.

Trí ghníomhú i dteannta a chéile d’aon ghuth in ionad le straitéisí trádála ar leithligh, tá seasamh láidir ag an Aontas ar an leibhéal domhanda a bhuí lena Bhallstát. Tá sé ar cheann de na gníomhaithe domhanda is mó sa trádáil idirnáisiúnta, agus déanann sé thart ar 14% de thrádáil earraí an domhain. Tá 74 chomhaontú saorthrádála aonair ag an Aontas le tíortha agus le réigiúin ar fud an domhain. Leanann sé freisin de dheireadh a chur le bacainní trádála ar easpórtálacha an Aontais ar fud an domhain.

Ag an am céanna, a bhuí le haontas custaim an Aontais, is fusa atá sé do chuideachtaí an Aontais trádáil a dhéanamh, déantar dleachtanna custaim ar earraí ó lasmuigh den Aontas a ailíniú agus cabhraítear leat tú féin, ainmhithe agus an comhshaol a chosaint. A bhuí leis an Aontas sin, oibríonn údaráis chustaim thíortha uile an Aontais le chéile amhail is dá mba údarás custaim amháin iad. Is iad na taraifí céanna a chuireann siad i bhfeidhm ar earraí a iompórtáiltear chun a gcríocha féin isteach ón gcuid eile den domhan, agus ní chuireann siad taraif ar bith i bhfeidhm go hinmheánach.

Taisteal gan teorainneacha

A bhuí le bunú limistéar Schengen gan teorainneacha ag an Aontas, tá saorghluaiseacht ag níos mó ná 425 mhilliún saoránach den Aontas mar aon le náisiúnaigh nach náisiúnaigh den Aontas iad ach atá ina gcónaí san Aontas nó atá ar cuairt san Aontas.

Cuimsíonn limistéar Schengen an chuid is mó de thíortha an Aontais, seachas an Chipir agus Éire. Tá tíortha áirithe nach bhfuil san Aontas, cuir i gcás an Íoslainn, an Iorua, an Eilvéis agus Lichtinstéin tar éis teacht isteach ann freisin. Is féidir le gach cónaitheoir ó thíortha rannpháirteacha bogadh timpeall an limistéir sin gan a bheith faoi réir seiceálacha teorann.

Cearta agus an daonlathas a chosaint 

Is iomaí saoirse agus cosaint atá ag saoránaigh an Aontais, mar shampla cearta pearsanta, sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta, cosaint sonraí pearsanta, dlíthe frith-idirdhealaithe, agus taisteal gan dul trí sheiceálacha teorann i bhformhór na mBallstát.  

Tá sé de cheart ag saoránaigh uile an Aontais páirt ghníomhach a ghlacadh i saol polaitiúil an Aontais. Tá sé de cheart ag gach saoránach fásta den Aontas seasamh mar iarrthóir agus a n-ionadaithe a thoghadh i bParlaimint na hEorpa, an t-aon tionól trasnáisiúnta ar domhan a thoghtar go díreach.  

Chomh maith le toghcháin, is féidir leat páirt a ghlacadh i mbeartais an Aontais trí pháirt a ghlacadh sna Painéil Saoránach Eorpach. Trí na painéil sin, is féidir leat páirt a ghlacadh sa phróiseas daonlathach le daoine eile ó thíortha uile an Aontais chun príomhthograí atá ar na bacáin a phlé. Is tograí iad a bhfuil tionchar acu orainn go léir. 

Tá na cearta bunúsacha céanna ag gach saoránach den Aontas, ar bhonn na luachanna seo: comhionannas, neamh-idirdhealú, cuimsiú, dínit an duine, saoirse agus daonlathas. Déantar na luachanna sin a neartú agus a chosaint leis an smacht reachta, faoi mar atá sin leagtha amach i gConarthaí an Aontais Eorpaigh agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha.  

Tá an ceart ag saoránaigh an Aontais a bheith ina gcónaí, ag obair, ag staidéar nó pósadh sna Ballstáit eile den Aontas. Oibríonn an tAontas chun do shonraí pearsanta a choinneáil slán agus chun tú, an tomhaltóir, an t-oibrí, an saoránach a chumhachtú. Faigh tuilleadh eolais faoi do chearta anseo thíos.

  • Fostaíocht: Tá teacht ag gach duine a oibríonn san Aontas ar chearta íosta ar leith a bhaineann leis an méid seo a leanas:

    • sláinte agus sábháilteacht ag an obair;
    • comhdheiseanna;
    • cosaint in aghaidh gach cineáil idirdhealaithe.

    San Aontas Eorpach, is é 48 n-uair an chloig líon uaireanta uasta an chloig is féidir le duine a bheith ag obair in aon tréimhse 7 lá. An tréimhse íosta saoire le pá a chinntítear do gach oibrí in aghaidh na bliana ná 4 seachtaine.  

  • Cosaint sonraí: Tá seasamh láidir glactha ag an Aontas chun cearta daoine aonair agus eolas pearsanta a chosaint lena chinntiú go bhfuil níos mó smachta againn go léir ar ár sonraí pearsanta agus go bhfuil sé de cheart againn go scriosfaí ár sonraí. Cinntíonn rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí freisin go gcosnaítear do shonraí pearsanta aon uair a bhailítear iad – mar shampla, nuair a cheannaíonn tú rud éigin ar líne, nuair a dhéanann tú iarratas ar phost, nó nuair a chuireann tú isteach ar iasacht bhainc. Tá feidhm ag na rialacha sin maidir le cuideachtaí agus eagraíochtaí (poiblí agus príobháideach) araon atá bunaithe san Aontas agus lasmuigh den Aontas agus a thairgeann earraí nó seirbhísí san Aontas.  
  • Taisteal agus íocaíochtaí: Faoi rialacha an Aontais, gheobhaidh tú do chuid airgid ar ais i gcás ina dtógann tú earraí nach bhfuil uait ar ais agus gheobhaidh tú aisíocaíocht má bhíonn ort dul i ngleic le moilleanna inseachanta nó cealuithe agus tú ag taisteal. Ní ghearrfar aon táillí breise ort a thuilleadh má cheannaíonn tú rud éigin ar chárta creidmheasa nó ar chárta dochair san Aontas. Ciallaíonn íocaíochtaí meandracha a thug an tAontas isteach go bhfuil airgead ar fáil i gcuntas íocaí laistigh de 10 soicind ón tráth a dhéantar ordú íocaíochta.
  • Sábháilteacht táirgí: Cosnaítear thú ar tháirgí contúirteacha trí chóras mear-rabhaidh an Aontais féin le haghaidh táirgí contúirteacha neamhbhia, cuir i gcás bréagáin, suíocháin ghluaisteáin agus cumhráin. A bhuí leis an gcóras, déantar eolas faoi na bearta a ghlactar i gcoinne táirgí contúirteacha a scaipeadh go tapa ar na húdaráis náisiúnta atá freagrach as sábháilteacht táirgí i dtíortha an mhargaidh aonair. Tá córas foláirimh comhchosúil ann le haghaidh earraí bia nach gcomhlíonann ceanglais sláinte agus sábháilteachta.
  • Táirgí talmhaíochta: Tá sé mar aidhm ag gach dlí agus caighdeán de chuid an Aontais sláinte a chosaint san earnáil talmhaíochta agus in earnáil an bhia. Cumhdaíonn dlíthe cuimsitheacha uile-Aontais slabhra iomlán an táirgthe agus na próiseála bia laistigh den Aontas Eorpach, mar aon le hearraí iompórtáilte agus easpórtáilte.
  • Árachas sláinte: Trí do sholáthraí árachais náisiúnta, is féidir leat cárta Eorpach um árachas sláinte saor in aisce a fháil. Tugann sé rochtain duit ar chúram sláinte stáit nach bhfuil beartaithe ach atá riachtanach ó thaobh leighis de agus tú ag fanacht go sealadach in aon cheann de 27 mBallstát an Aontais, san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua agus san Eilvéis nó sa Ríocht Aontaithe faoi na coinníollacha céanna agus ar an gcostas céanna (saor in aisce i dtíortha áirithe) le daoine atá árachaithe sa tír sin.
  • Cearta digiteacha: Cinntíonn dlíthe an Aontais go gcoinnítear srian ar ardáin dhigiteacha mhóra agus nach féidir leo scrogaill a chruthú sa gheilleagar digiteach mar gheall ar an seasamh atá acu. Méadaíonn siad do chearta freisin, go háirithe ar ardáin na meán sóisialta, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí maidir le modhnóireacht ábhair
    • ceanglais trédhearcachta a mhéadú d’ardáin ar líne
    • cinnte a dhéanamh de go gcomhlíontar oibleagáidí maidir le mionaoisigh a chosaint
    • teorainneacha nua a leagan síos maidir le fógraíocht spriocdhírithe.

An aeráid, fuinneamh agus an comhshaol  

An comhrac i gcoinne athrú aeráide

Tá an tAontas ar a bhealach chun bheith ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach ar domhan faoi 2050. Tá sé ar thús cadhnaíochta sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus ó thaobh ghlasú a gheilleagair de. I gcomhréir leis an ngealltanas a thug sé faoi Chomhaontú Pháras 2015, inar tháinig na rialtais ar chomhaontú comhpháirteach maidir le hiarracht mhór chomhchoiteann chun an téamh domhanda a theorannú agus aghaidh a thabhairt ar an tionchar atá aige, tá gealltanas tugtha ag an Aontas glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990. Tá an sprioc sin cumhdaithe sa dlí.

Tá an tAontas i gcomhpháirtíocht freisin le tíortha atá i mbéal forbartha chun tacú leo an t-athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó. Is iad an tAontas, na Ballstáit agus an Banc Eorpach Infheistíochta, i dteannta a chéile, an ranníocóir is mó ó thaobh maoiniú poiblí don aeráid sna geilleagair atá i mbéal forbartha.

An Eoraip a chumhachtú

D’éirigh leis an Aontas seasamh i gcoinne rioscaí criticiúla do shlándáil a sholáthair fuinnimh, smacht a fháil arís ar an margadh fuinnimh agus ar phraghsanna fuinnimh, agus borradh a chur faoin aistriú i dtreo na haeráidneodrachta.

I gcás tomhaltóirí, tá laghdú as cuimse tagtha ar phraghsanna leictreachais agus gáis i gcomparáid leis na buaicphraghsanna a bhí ann in 2022 a bhuí le bearta a rinneadh ar leibhéal an Aontais. Fágann reachtaíocht nua maidir leis an margadh fuinnimh go dtugtar cosaint níos fearr ar dhícheangal do na daoine is leochailí freisin.  

A bhuí le bearta an Aontais maidir le fuinneamh, is ó fhoinsí in-athnuaite a thagann leath de ghiniúint leictreachais an Aontais anois. Sháraigh gaoth giniúint gáis le bheith ar an dara foinse leictreachais is mó de chuid an Aontais taobh thiar d’fhuinneamh núicléach. 

An dúlra a chosaint

Tá cuid de na caighdeáin chomhshaoil is airde ar domhan forbartha ag an Aontas. Le beartas an Aontais, féachtar leis na rioscaí don aeráid, don tsláinte agus don bhithéagsúlacht a íoslaghdú.  

Príomhchúis leis an athrú aeráide agus le cailliúint na bithéagsúlachta is ea an dífhoraoisiú. Níl anseo ach saincheist chomhshaoil amháin, i measc go leor eile, a raibh baint ag an Aontas le beart a dhéanamh chun ár dtalamh a chosaint.  

Bhunaigh an tAontas Natura 2000, arb é an líonra comhordaithe is mó ar domhan de limistéir faoi chosaint é. Tá beagnach 20% de thalamh an Aontais mar chuid de líonra Natura 2000, rud a fhágann gur féidir borradh a chur faoin dúlra agus faoin mbithéagsúlacht.  

Tá an tAontas ag dul i ngleic freisin leis na 10 n-earra phlaisteacha aon úsáide is coitianta a fhaightear ar thránna na hEorpa agus tá roghanna malartacha inbhuanaithe á gcur chun cinn aige. Thairis sin, tá laghdú á dhéanamh ag an Aontas ar líon na mbásanna anabaí arb é truailliú an aeir is cúis leo agus tá feabhas á chur aige ar cháilíocht an uisce trí bhruscar dramhaíola agus micreaphlaistigh a laghdú.

Tá airíonna guaiseacha ag an gcuid is mó de na ceimiceáin agus is féidir leo dochar a dhéanamh don chomhshaol agus do shláinte an duine. Tá thart ar 40 dlí curtha i bhfeidhm ag an Aontas lena rialaítear ceimiceáin, rud a chosnaíonn sláinte an duine agus a laghdaíonn truailliú ó cheimiceáin.

Sláinte

Nuair a bhuail paindéim COVID-19 an domhan, chuidigh an tAontas le taighde a dhéanamh ar vacsaíní tarrthála agus iad a chur ar fáil níos tapúla ná riamh. Fuair os cionn 80% de dhaoine fásta an Aontais an cúrsa vacsaínithe tosaigh. Bhí an tAontas ar thús cadhnaíochta freisin trí Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais a thabhairt isteach, rud a chuidigh le saoránaigh ó 78 dtír agus críoch taisteal go sábháilte. Ghlac an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte leis an gcóras chun córas domhanda a bhunú ar mhaithe le taisteal a chumasú agus le daoine ar fud an domhain a chosaint ar bhagairtí sláinte atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.

Tháinig Aontas Sláinte na hEorpa chun cinn chun cabhrú le tíortha an Aontais ullmhú do ghéarchéimeanna sláinte agus freagairt orthu le chéile amach anseo. Tá an tAontas ag déanamh deimhin de go bhfuil soláthairtí leighis ar fáil agus inacmhainne, agus go n-oibreoidh na Ballstáit le chéile chun feabhas a chur ar chosc, cóireáil agus iarchúram i gcás gach cineáil galar, an ailse ina measc. 

Chuir an phaindéim brú breise ar an meabhairshláinte, go háirithe i measc daoine óga agus ina measc siúd a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu cheana féin. Chun dul i ngleic leis an ngéarchéim mheabhairshláinte, thug an tAontas isteach 20 tionscnamh suaitheanta um chúram meabhairshláinte chun an méid seo a leanas a chinntiú:

  • cosc leordhóthanach éifeachtach
  • rochtain ar chúram agus cóireáil mheabhairshláinte atá ar ardchaighdeán agus ar phraghas réasúnta
  • ath-imeascadh sa tsochaí tar éis téarnaimh.

Dlúthpháirtíocht in aimsir na géarchéime

I gcás mórthubaiste nádúrtha nó tubaiste de dhéantús an duine, is féidir leis an Aontas comhordú a dhéanamh ar sheachadadh cúnaimh rialtais ó gach cearn den Aontas chuig an limistéar atá buailte. A luaithe a chuireann tír atá buailte ag tubaiste an Sásra um Chosaint Shibhialta i ngníomh, iarrann an tAontas ar na 37 dtír rannpháirteacha uile cúnamh a thabhairt. D’fhéadfadh idir soláthairtí leighis agus earraí dídine, go foirne speisialaithe amhail comhraiceoirí dóiteáin nó foirne cuardaigh agus tarrthála a bheith mar chuid de chabhair a chuirtear ar fáil.

Tá tacaíocht dírithe aige chuig gach cuid den mhór-roinn agus níos faide i gcéin; ón smionagar a ghlanadh cúpla uair an chloig tar éis do chreathanna talún marfacha scrios a dhéanamh ar an Albáin, ar an gCróit agus ar an Tuirc, go cuidiú leis an nGréig, leis an Iodáil, leis an Spáinn agus le Ceanada nuair a bhuail dóiteáin foraoise nó maidhmeanna tuile iad le blianta beaga anuas.

Is é an cúnamh éigeandála do mhuintir na hÚcráine an oibríocht is mó riamh faoi Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.

Méadú an Aontais Eorpaigh 

Ó bunaíodh é in 1951, mhéadaigh an tAontas Eorpach ó 6 thír go 27 dtír, é ag aontú cuid mhór den mhór-roinn.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil saoirse gluaiseachta ag 450 milliún Eorpach anois thar limistéar níos mó, sin agus go bhfuil cearta agus saoirsí níos láidre acu. Neartaíodh an daonlathas agus an smacht reachta, in ainneoin gur cuireadh féachaint orthu in amanna. Tá méadú tagtha ar na deiseanna do dhaoine agus do ghnólachtaí araon.

Is spreagadh mór é próiseas an mhéadaithe chun athchóirithe eacnamaíocha agus daonlathacha a dhéanamh sna tíortha sin ar mian leo a bheith ina mBallstáit den Aontas amach anseo.

An tsíocháin agus an chobhsaíocht san Aontas Eorpach 

A bhuí leis an Aontas Eorpach bhí níos mó ná leathchéad bliain de shíocháin, de chobhsaíocht agus de rathúlacht san Aontas. In 2012, bronnadh Duais Nobel na Síochána air as breis agus 70 bliain de shíocháin mharthanach a bhaint amach.

Ach le déanaí, tá an chogaíocht tar éis filleadh ar an Eoraip. Ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin, is ionsaí é ní hamháin ar an Úcráin, ach ar an tsaoirse, ar an bhféinchinntiúchán agus ar an daonlathas. Sheas an tAontas leis an Úcráin gach céim den bhealach, agus leanfaidh sé de thacaíocht a thabhairt di a fhad is gá.  

Ina theannta sin, cuireann an tAontas an tsíocháin, an rathúnas, an daonlathas, saoirsí bunúsacha agus an smacht reachta chun cinn ar fud an domhain. Oibríonn sé chun coinbhleachtaí a réiteach agus cuireann sé ord idirnáisiúnta riailbhunaithe chun cinn.

Cabhair agus taidhleoireacht idirnáisiúnta

Is láidre guth na mBallstát i dteannta a chéile ar an leibhéal domhanda ná 27 mBallstát aonair, ar mhéideanna éagsúla, ag gníomhú astu féin. I dteannta a chéile, is iad institiúidí an Aontais agus na rialtais náisiúnta na deontóirí is mó ar domhan maidir le cúnamh forbartha agus oibríonn siad i gcomhar le chéile chun dea-rialachas a chur chun cinn, an t-ocras a chomhrac agus acmhainní nádúrtha a chaomhnú.

Deontóir cabhrach is mó ar domhan

Cuireann an tAontas cúnamh ar fáil do thíortha agus do dhaonraí laistigh den Eoraip agus ar an gcoigríoch araon nuair a bhíonn tubaistí móra ann nó géarchéimeanna daonnúla. Tá sé, ina iomláine, ar an deontóir is mó cabhrach idirnáisiúnta ar domhan. Soláthraíonn sé breis is €50 billiún in aghaidh na bliana chun cuidiú le díothú na bochtaineachta agus chun an fhorbairt dhomhanda a chur chun cinn.  

Gach bliain, cuireann an tAontas bia, dídean, cosaint, cúram sláinte agus uisce glan ar fáil do níos mó ná na milliúin íospartach tubaistí agus coinbhleachta i mbreis agus 110 tír, trí eitiltí aerdhroichid san áireamh.  

An Imirce

Tá bainistiú na himirce agus an tearmainn ar cheann de na hábhair imní is mó atá ag muintir na hEorpa le blianta beaga anuas. Sheol an tAontas comhchóras nua in 2024 chun an imirce a bhainistiú ar bhealach díniteach inbhuanaithe. Leis an gcóras, leagtar síos rialacha ionas nach bhfágfar aon tír amháin de chuid an Aontais ina haonar chun an imirce a bhainistiú, go gcuirfidh gach tír nósanna imeachta cothroma éifeachtúla i bhfeidhm, sin agus go ndéanfaidh siad teorainneacha seachtracha an Aontais a bhainistiú agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha.  

Taidhleoireacht agus slándáil

Baineann an tAontas úsáid as roinnt uirlisí, cuir i gcás taidhleoireacht, smachtbhannaí agus cabhair chun tacú leis an gcobhsaíocht agus le réiteach coinbhleachtaí i roinnt de na réigiúin is éagobhsaí ar domhan. Mar shampla, d’fhorchuir an tAontas smachtbhannaí eacnamaíocha ollmhóra nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo i gcoinne na Rúise chun laghdú a dhéanamh ar a cumas an cogadh a mhaoiniú. 

Cearta an duine a chur chun cinn

Tá an tAontas Eorpach bunaithe ar thiomantas láidir cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint. Cosnaíonn sé cearta agus saoirsí sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha agus cuireann sé neamh-idirdhealú agus cóir chomhionann chun cinn. 

Cuireann sé i gcoinne gach cineál céastóireachta, pionós an bháis agus gáinneáil ar dhaoine. Cuireann sé tacaíocht ar fáil chun feabhas a chur ar an meas atá ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha sna tíortha agus sna réigiúin inar mó is baol dóibh.