Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union
 

Comhaontuithe bunaidh

Tá an tAontas Eorpach bunaithe ar an smacht reachta. Fágann sin go bhfuil gach beart a ghlacann an tAontas bunaithe ar chonarthaí a d'fhaomh gach ceann de na Ballstáit san Aontas go deonach agus go daonlathach. Mar shampla, ní féidir leis an gCoimisiún dlí a mholadh i réimse beartais ar leith mura luaitear an réimse sin i gconradh.

Is comhaontú ceangailteach idir Ballstáit an Aontais é conradh. Leagtar cuspóirí an Aontais amach ann agus, chomh maith leis sin, leagtar amach rialacha i gcomhair institiúidí an Aontais, an tslí a ndéantar cinntí agus an caidreamh idir an tAontas agus na Ballstáit.

Leasaítear conarthaí le cur le héifeachtúlacht agus trédhearcacht an Aontais, leis an mbealach a réiteach do Bhallstáit nua agus chun réimsí nua comhair, amhail an t-airgeadra aonair, a thabhairt isteach.

Is féidir le hinstitiúidí an Aontais reachtaíocht a ghlacadh faoi na conarthaí agus is iad na Ballstáit a dhéanann í a chur chun feidhme ina dhiaidh sin. Is féidir téacsanna iomlána na gconarthaí, na reachtaíochta, an chásdlí agus na dtograí reachtacha a léamh ach bunachar sonraí dhlí an Aontais Eorpaigh, nó EUR-Lex a úsáid.

Agus iad sórtáilte in ord croineolaíoch ón gceann is déanaí go dtí an ceann is sine, is iad seo a leanas na príomhchonarthaí:

Conradh Liospóin

Sínithe: an 13 Nollaig 2007
Tagtha i bhfeidhm: an 1 Nollaig 2009

Cuspóir: cur lena dhaonlathaí agus lena éifeachtúla atá an tAontas, a chinntiú gur fearr is féidir aghaidh a thabhairt d’aon ghuth ar fhadhbanna domhanda cosúil leis an athrú aeráide.

Na príomhathruithe: breis cumhachtaí do Pharlaimint na hEorpa, athrú ar na nósanna imeachta vótála sa Chomhairle, tionscnamh ó na saoránaigh, uachtarán buan ar an gComhairle Eorpach, Ardionadaí nua do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, seirbhís taidhleoireachta nua de chuid an Aontais.

I gConradh Liospóin, tugtar soiléiriú ar na cumhachtaí:
- atá ag an Aontas
- atá ag Ballstáit den Aontas
- a roinntear.

Is i gConradh Liospóin agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a leagtar amach spriocanna agus luachanna an Aontais.

Téacs iomlán Chonradh Liospóin

Síníodh an Conradh ag bunú bunreachta don Eoraip (2004) ach níor daingníodh riamh é. Bhí aidhmeanna an chonartha cosúil le haidhmeanna Chonradh Liospóin.

Scéal físiúil faoi Chonradh Liospóin

Conradh Nice

Sínithe: an 26 Feabhra 2001
Tagtha i bhfeidhm: an 1 Feabhra 2003

Cuspóir: na hinstitiúidí a athchóiriú ionas go bhféadfadh an tAontas feidhmiú go héifeachtúil agus 25 Bhallstát ann.

Na príomhathruithe: modhanna chun comhdhéanamh an Choimisiúin a athrú agus an córas vótála a athshainiú sa Chomhairle.

Téacs iomlán Chonradh Nice

Conradh Amstardam

Sínithe: an 2 Deireadh Fómhair 1997
Tagtha i bhfeidhm: an 1 Bealtaine 1999

Cuspóir: Institiúidí an Aontais a athchóiriú chun an bealach a réiteach do Bhallstáit nua.

Na príomhathruithe: conarthaí an Aontais Eorpaigh agus conarthaí Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa a leasú, a athuimhriú agus a chomhdhlúthú. Cinnteoireacht níos trédhearcaí (méadú ar an úsáid a bhaintear as an ngnáthnós imeachta reachtach).

Téacs iomlán Chonradh Amstardam

An Conradh ar an Aontas Eorpach – Conradh Maastricht (1992)

Sínithe: an 7 Feabhra 1992
Tagtha i bhfeidhm: an 1 Samhain 1993

Cuspóir: ullmhú don aontas airgeadaíochta Eorpach agus gnéithe d’aontas polaitiúil a thabhairt isteach (saoránacht, comhbheartas eachtrach agus gnóthaí inmheánacha).

Na príomhathruithe: an tAontas Eorpach a bhunú agus nós imeachta na comhchinnteoireachta a thabhairt isteach, rud a mhéadaíonn tionchar na Parlaiminte ar an gcinnteoireacht. Bealaí nua comhair idir an tAontas agus rialtais an Aontais – mar shampla, ó thaobh cúrsaí cosanta, ceartais agus gnóthaí baile de.

Téacs iomlán Chonradh Maastricht

Scéal físiúil faoi Chonradh Maastricht

An Ionstraim Eorpach Aonair

Sínithe: an 17 Feabhra 1986 (Lucsamburg) / an 28 Feabhra 1986 (An Háig)

Tagtha i bhfeidhm: an 1 Iúil 1987

Cuspóir: na hinstitiúidí a athchóiriú le hullmhú do bhallraíocht na Portaingéile agus na Spáinne agus dlús a chur leis an bpróiseas cinnteoireachta le hullmhú don mhargadh aonair.

Na príomhathruithe: vótáil trí thromlach cáilithe a leathnú sa Chomhairle (ionas nach aon ribín réidh d’aon tír amháin é reachtaíocht mholta a chrosadh), na nósanna imeachta comhair agus aontaithe a chruthú, rud a mhéadaíonn tionchar na Parlaiminte.

Téacs iomlán na hIonstraime Eorpaí Aonair

An Conradh Cumaisc - Conradh na Bruiséile

Sínithe: an 8 Aibreán 1965
Tagtha i bhfeidhm: an 1 Iúil 1967

Cuspóir: na hinstitiúidí Eorpacha a chuíchóiriú.

Na príomhathruithe: Coimisiún aonair agus Comhairle aonair a chruthú chun freastal ar na trí Chomhphobal Eorpacha a bhí ann an tráth sin (Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, Euratom, an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach). Arna aisghairm le Conradh Amstardam.

Téacs iomlán an Chonartha Cumaisc

Conarthaí na Róimhe: Conarthaí Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus conarthaí EURATOM

Sínithe: an 25 Márta 1957
Tagtha i bhfeidhm: an 1 Eanáir 1958

Cuspóir: Comhphobal Eacnamaíoch na hEorpa (CEE) agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) a chur ar bun.

Na príomhathruithe: lánpháirtíocht na hEorpa a leathnú chun comhar eacnamaíoch ginearálta a chur san áireamh.

Téacs iomlán an Chonartha ag bunú an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
Téacs iomlán an Chonartha ag bunú an Chonartha Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach

Sínithe: an 18 Aibreán 1951

Tagtha i bhfeidhm: an 23 Iúil 1952

Dulta in éag: an 23 Iúil 2002

Cuspóir: idirthuilleamaíocht an ghuail agus an chruach a chinntiú ionas nach bhféadfadh aon tír a cuid fórsaí armtha a shlógadh i ngan fhios do thíortha eile. Chabhraigh sin chun an mhímhuinín agus an teannas a bhí ann tar éis an Dara Cogadh Domhanda a mhaolú. Chuaigh an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach in éag in 2002.

Téacs iomlán an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach

De réir mar a tháinig méadú ar líon na dtíortha san Aontas, leasaíodh na conarthaí bunaidh:

  • 2013 (an Chróit).
  • 2007 (an Bhulgáir, an Rómáin)
  • 2004 (An tSeicia, an Chipir, an Eastóin, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an tSlóvaic, an tSlóivéin)
  • 1995 (an Ostair, an Fhionlainn, an tSualainn)
  • 1986 (an Spáinn, an Phortaingéil)
  • 1981 (an Ghréig)
  • 1973 (an Danmhairg, Éire, an Ríocht Aontaithe)

Gailearaí na bhfíseán

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 21 Aibreán 2026