Oifigí an Aontais Eorpaigh - San Eoraip agus ar fud an domhain - Aontais Eorpaigh
Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union
 

Oifigí an Aontais Eorpaigh - San Eoraip agus ar fud an domhain

Ionadaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh

  • Déanann siad nasc idir polaitíocht agus pobal na mBallstát agus an Coimisiún Eorpach.
  • Cuireann siad beartais an Choimisiúin chun cinn ar bhonn áitiúil.
  • Cuireann siad an Coimisiún ar an eolas faoi chúrsaí reatha sa tír ina bhfuil siad.

Féach ionadaíochtaí uile an Choimisiúin Eorpaigh

Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa

  • Tugann siad freagraí ar cheisteanna ón bpobal agus ó na meáin maidir le Parlaimint na hEorpa agus beartais an Aontais go ginearálta.
  • Cuireann siad acmhainní oideachasúla ar fáil agus eagraíonn siad cuir i láthair agus díospóireachtaí ar cheisteanna Eorpacha.

Féach Oifigí Idirchaidrimh uile Pharlaimint na hEorpa

An tAontas ar fud an domhain

  • Tá 139 oifig ann ar fud an domhain, agus is iad ‘ambasáidí’ an Aontais iad.
  • Na beartais eachtracha atá ag an Aontas a imríonn tionchar ar an tír ina bhfuil an oifig lonnaithe, cuireann siad i láthair iad, míníonn siad iad agus cuireann siad chun feidhme iad.

Féach oifigí uile an Aontais ar fud an domhain