Earcaíocht foirne an Aontais
Breis agus 60,000 duine ó na 27 mBallstát den Aontas atá fostaithe ag institiúidí an Aontais. Agus 24 theanga oifigiúla ann, chomh maith le 79 gcinn d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí, is iomaí réimse agus is iomaí áit ina gcuireann an tAontas deiseanna gairme ar fáil.
Tá bealaí éagsúla ar féidir a bheith ag obair don Aontas, agus is ar do phróifíl, ar do chuid taithí, agus ar do chuid spriocanna gairme a bheadh rogha ag brath. Is deis atá i bpoist bhuana ar ghairm fhadtéarmach san Aontas Eorpach a fhorbairt, agus líontar iad sin trí chomórtais oscailte a eagraíonn an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO). Is féidir leat dul ag obair don Aontas ar chonradh ar théarma seasta freisin, agus tá róil éagsúla ar féidir tabhairt fúthu ar an gcaoi sin, róil tacaíochta riaracháin ina measc, chomh maith le róil bhainistíochta. Is deis atá i dtréimhsí oiliúna ar thaithí phraiticiúil a fháil, do chuid scileanna a fhorbairt, agus eolas a chur ar an gcaoi a n-oibríonn an tAontas ón taobh istigh.
Poist leis an Aontas Eorpach
Fáiltíonn an tAontas roimh gach iarratasóir, is cuma cén cúlra atá aige, rud a fhágann gur le grúpa comhghleacaithe ilchineálach ilchultúrtha a bheidh tú ag obair agus tú i mbun gairm leis an Aontas Eorpach. I gcás an chuid is mó de na poist sna hinstitiúidí, ní mór péire ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais a bheith agat.
In institiúidí an Aontais, is féidir leat obair a dhéanamh a bhaineann leis na ceisteanna móra a imríonn tionchar orainn ar fad: an t-athrú aeráide, an imirce, an tsábháilteacht agus an tsláinte, an trádáil, agus an chumarsáid mhóibíleach, cuir i gcás, agus níl ansin ach cuid an bheagáin. Ina theannta sin, is féidir leat dul ag obair i ngníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá lonnaithe in áiteanna éagsúla ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain.
Cén fáth ar cheart dom smaoineamh ar ghairm in institiúidí an Aontais?
Ach dul ag obair don Aontas Eorpach, féadfaidh tú lámh a bheith agat i múnlú thodhchaí na hEorpa, agus do thodhchaí féin a mhúnlú san am céanna. Beidh tú i do bhall de phobal ilchineálach idirnáisiúnta, beidh deiseanna fáis, foghlama, agus forbartha gairme agat, agus beidh socruithe oibre solúbtha chomh maith le pacáiste tarraingteach pá agus sochar ina dtacaíocht agat.
Cineálacha fostaíochta
Fostaíonn an tAontas baill foirne bhuana (státseirbhísigh), baill foirne ar conradh agus baill foirne sealadacha, agus cuireann sé tréimhsí oiliúna (intéirneachtaí) ar fáil. Coimeádann sé bunachair sonraí maidir le saineolaithe ar réimsí ábhartha freisin.
Baill foirne bhuana
Agus tú i do bhall foirne buan, is féidir leat gairm fhadtéarmach a fhorbairt in institiúidí an Aontais. Fágfaidh an ról a bheidh agat go bhféadfaidh tú a bheith ag obair mar riarthóir (AD), mar chúntóir (AST) nó mar chúntóir agus mar chléireach (AST/SC) i réimsí go leor, agus freagrachtaí éagsúla ort, an beartas agus cúrsaí anailíse san áireamh, chomh maith le tacaíocht riaracháin agus eagraíochtúil.
Chun post buan a fháil, ní mór duit pas a fháil i gcomórtas EPSO ar dtús, agus bíonn na ceanglais incháilitheachta ag brath ar an ról.
Baill foirne shealadacha
Agus tú i do bhall foirne sealadach, is féidir leat tabhairt faoi róil speisialaithe, róil bheartais nó róil bhainistíochta, agus is minic a bhíonn freagrachtaí ort atá ar aon dul le freagrachtaí na mball foirne buan. Is ar chonarthaí ar théarma seasta a chuirtear na poist sin ar fáil.
Ball foirne ar conradh
Agus tú i do bhall foirne ar conradh, tá róil éagsúla ar fud institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais ar féidir leat a bheith ag obair iontu. Tá na poist roinnte ina gceithre ghrúpa feidhme (Grúpa Feidhme I-IV), grúpaí a chuimsíonn cineálacha éagsúla oibre, róil tacaíochta riaracháin san áireamh, chomh maith le róil theicniúla, róil chomhairleacha agus róil speisialaithe. Is ar chonarthaí ar théarma seasta a chuirtear na poist sin ar fáil.
Oiliúnaithe
Cuireann institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais cláir oiliúna ar fáil i lear mór réimsí, agus tríothu sin is féidir scileanna a fhorbairt, cur le fíorthionscadail, agus eolas a chur ar an gcaoi a n-oibríonn an tAontas ón taobh istigh. Gach bliain, tugtar deis do thuairim agus 1,900 oibrí páirt a ghlacadh i gcláir oiliúna an Aontais, cláir a mhaireann idir 3 agus 5 mhí go hiondúil.
Cuireann an chuid is mó de chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais cláir oiliúna ar fáil, agus is ar a suíomh gréasáin féin a fhoilsíonn siad glaonna.
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht
Agus tú i do shaineolaí náisiúnta ar iasacht (SNI), is féidir leat do chuid thaithí agus do chuid saineolais ar an earnáil phoiblí a thabhairt leat chuig institiúid de chuid an Aontais agus tú fostaithe i gcónaí ag an údarás riaracháin náisiúnta lena mbaineann tú nó ag an eagraíocht náisiúnta lena mbaineann tú.
Iasachtaí sealadacha a bhíonn i gceist, idir 2 bhliain agus 4 bliana a mhaireann siad go hiondúil, agus tugann siad deis duit ar bheith ag obair i gcomhar le foireann an Aontais, ar chur le tionscadail agus beartais, agus ar bheith páirteach i malartú eolais agus taithí idir údaráis riaracháin éagsúla.
Saineolaithe an Aontais
Ceapann institiúidí an Aontais saineolaithe seachtracha chun cuidiú i dtaobh measúnú a dhéanamh ar thionscadail, ar thairiscintí, agus ar iarratais ar dheontais, agus chun tuairimí agus comhairle a thabhairt uathu i gcásanna ar leith, iad seo a leanas mar shampla: measúnú a dhéanamh ar iarratais ar mhaoiniú ón Aontas, monatóireacht a dhéanamh ar thionscadail agus ar chonarthaí atá á maoiniú ag an Aontas, nó comhairle a thabhairt uathu i dtaobh saincheisteanna ar leith. Coimeádann an tAontas bunachair sonraí ina bhfuil ainmneacha agus cáilíochtaí saineolaithe neamhspleácha a chabhraíonn leis na hinstitiúidí i réimsí ar leith.
Conas iarratas a dhéanamh ar phost le ceann d’institiúidí an Aontais
Is í an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) a dhéanann cúram d’iarratais i gcás an chuid is mó de na róil in institiúidí an Aontais. Mar sin féin, cuireann institiúidí aonair roinnt mhaith post ar leith agus roinnt mhaith poist shealadacha ar fáil ar a n-ardán tiomnaithe féin. Bí cinnte go bhfuil siad sin seiceáilte agat sula ndéanfaidh tú iarratas.
Parlaimint na hEorpa
Más spéis leat dul ag obair do Pharlaimint na hEorpa, is féidir leat teacht ar dheiseanna gairme ar leith agus iarratas a dhéanamh orthu, sin nó iarratas spontáineach a chur isteach, trí ardán APPLY4EP na Parlaiminte.
Fostaíonn grúpaí polaitiúla na Parlaiminte gníomhairí sealadacha freisin, agus roghnaítear iad sin trí nósanna imeachta a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin gach grúpa pholaitiúil ar leith.
Cuireann an Pharlaimint sealanna oiliúna ina Rúnaíocht ar fáil. Dhá uair sa bhliain, bíonn glao oscailte ann i dtaobh iarratais ar thréimhsí oiliúna Schuman.
Tuilleadh eolais faoi ghairmeacha le Parlaimint na hEorpa
Comhairle an Aontais Eorpaigh
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar phoist bhuana agus ar phoist shealadacha sa Chomhairle trí EPSO agus tríd an suíomh gréasáin EU Careers, faoi seach. Is féidir leat iarratas spontáineach ar phost sealadach a chur isteach freisin.
Cuireann an Chomhairle tréimhsí oiliúna 5 mhí ar fáil atá oscailte do chéimithe ollscoile ar mian leo taithí a fháil ar cheapadh beartas an Aontais.
Tuilleadh eolais faoi ghairmeacha leis an gComhairle
An Coimisiún Eorpach
Ar mhaith leat a bheith ag obair don Choimisiún Eorpach? Ar shuíomh gréasáin ‘Tar ag obair linn’ an Choimisiúin, tá gach eolas faoi na deiseanna fostaíochta agus na cineálacha fostaíochta ar fad atá ar fáil.
Reáchtálann an Coimisiún an clár oiliúna Blue Book. Dhá bhabhta sa bhliain a bhíonn tréimhsí oiliúna ar fáil, agus maireann siad 5 mhí.