Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union
 

Ráiteas Inrochtaineachta

Is le gach leathanach a fhoilsítear ar an bhfearann seo a leanas a bhaineann an ráiteas seo: ‘https://european-union.europa.eu'

Níl feidhm aige maidir le hábhar nó suíomhanna gréasáin eile a fhoilsítear ar aon fhofhearann eile dá chuid. Tá a ráitis inrochtaineachta féin ag na suíomhanna gréasáin sin agus ag an ábhar atá orthu.

Is í Ard-Stiúrthóireacht Chumarsáide an Choimisiúin Eorpaigh a bhainistíonn an suíomh gréasáin seo. Tá sé deartha lena úsáid ag an oiread daoine agus is féidir, daoine faoi mhíchumas ina measc.

Ba chóir duit a bheith in ann:

  • e.g. zúmáil suas le 200% gan aon fhadhb
  • nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin gan ach méarchlár a úsáid
  • nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin trí úsáid a bhaint as léitheoir scáileáin agus bogearraí nua-aimseartha aitheantais urlabhra (ar do ríomhaire nó ar do ghuthán)

Stádas comhlíontachta

Tá an suíomh gréasáin seo i gcomhréir go páirteach le caighdeán teicniúil EN 301 549 v.3.2.1 agus leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1 Leibhéal AA. Féach ‘Ábhar neamh-inrochtana’ chun tuilleadh sonraí a fháil.

Rinneadh an suíomh gréasáin a thástáil go deireanach an 25 Deireadh Fómhair 2024.

An ráiteas seo a ullmhú agus a athbhreithniú

Rinneadh athbhreithniú ar an ráiteas seo go deireanach an 28 Iúil 2026.

Tá an ráiteas bunaithe ar athbhreithniú a rinne saineolaí inrochtaineachta a bhfuil cáilíocht ó IAAP aige ar shampla ionadaíoch de leathanaigh ghréasáin, agus úsáid á baint as meascán de thástáil láimhe agus tástáil uathoibrithe chuige sin.

Aiseolas

Fáiltímid roimh aiseolas uait maidir le hinrochtaineacht an tsuímh gréasáin seo. Má bhíonn aon deacracht inrochtaineachta, déan teagmháil linn:

  • Fón: 00 800 6 7 8 9 10 11
  • Foirm theagmhála: Scríobh chugainn (iarrtar ort gan eolas íogair a lua san fhoirm, e.g. aon eolas a nochtfadh eolas pearsanta airgeadais, eolas a bhaineann le do shláinte, nó aon ábhar íogair eile).

Tá sé mar aidhm againn freagra a thabhairt laistigh de 15 lá gnó.

Ábhar neamh-inrochtana

Déanaimid ár ndícheall a chinntiú go bhfuil an suíomh gréasáin seo inrochtana. Tá a fhios againn, áfach, nach bhfuil codanna áirithe den suíomh gréasáin inrochtana go hiomlán go fóill, agus táimid ag obair chun iad a fheabhsú. Anseo thíos tá liosta de na príomh-fhadhbanna inrochtaineachta a bhfuilimid ar an eolas fúthu, agus, i gcás inar féidir, ár bpleananna chun iad a réiteach.

Fadhbanna aitheanta:

  • Seinnteoir físe – inrochtaineacht méarchláir: Táimid ar an eolas faoi roinnt fadhbanna le hinrochtaineacht méarchláir ár seinnteoir físe (agus teanga na bhfotheideal á roghnú ón roghchlár, ní féidir na saigheadeochracha a úsáid chun bogadh ó theanga go chéile. Ní féidir é sin a dhéanamh ach amháin leis an gcnaipe TAB).
  • Fotheidil físeán: Níl fotheidil ar fáil do roinnt dár bhfíseáin. Tá obair leanúnach ar siúl againn chun iad a chur le níos mó físeán.
  • Cur síos fuaime: Níl cur síos fuaime ag gabháil leis na físeáin ar an suíomh gréasáin seo.
  • Ordlathas na gCeannteideal: Tá roinnt ceannteideal ann nach leanann ordlathas ceart na gceannteideal, rud a d’fhéadfadh fadhbanna a chruthú d’úsáideoirí léitheoirí scáileáin.
  • Buntásc: Ní féidir i gcónaí idirdhealú a dhéanamh idir na naisc sa bhuntásc agus gnáththéacs.
  • Beochaintí: Tá beochaintí ar roinnt leathanach, cuir i gcás graif bheoite, nach féidir a chur ar sos, a stopadh ná a chur i bhfolach.
  • Leis an gcóras eagarthóireachta, ní féidir le húinéirí suíomhanna gréasáin athruithe teanga a shainaithint laistigh de leathanach ná giorrúcháin a mharcáil.

Sonraíochtaí teicniúla

Braitheann inrochtaineacht an tsuímh gréasáin seo ar HTML, WAI-ARIA, CSS agus JavaScript. Tacaíonn formhór na mbrabhsálaithe agus na dteicneolaíochtaí cúnta leis na caighdeáin sin.