Cén cineál maoinithe atá ar fáil?
Cuireann an tAontas maoiniú ar fáil le haghaidh raon leathan tionscadal agus clár. Cuireann sé rialacha dochta i bhfeidhm chun diansmacht a chinntiú ar an mbealach a mbaintear úsáid as maoiniúchán agus lena chinntiú freisin go gcaitear an t-airgead ar bhealach trédhearcach cuntasach.
Is iomaí foirm ina gcuirtear maoiniú an Aontais ar fáil:
- deontais a bhíonn maoinithe go páirteach ag an Aontas agus go páirteach ó fhoinsí eile, agus a chuirtear ar fáil de ghnáth tar éis fógraí poiblí ar a dtugtar glaonna ar thograí
- fóirdheontais a bhíonn á mbainistiú ag údaráis náisiúnta agus réigiúnacha
- iasachtaí, ráthaíochtaí agus cothromas mar fhoirmeacha cúnaimh airgeadais chun tacú le beartais agus cláir an Aontais
- duaiseanna le haghaidh bhuaiteoirí chomórtais Fís 2020.
Bainistiú mhaoiniú an Aontais
Maoiniú díreach
Maoiniú a bhainistíonn an tAontas agus a chuirtear ar fáil de ghnáth i bhfoirm deontas le haghaidh tionscadail shonracha a bhaineann le beartais an Aontais. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar an gcineál maoiniúcháin sin trí fhreagra a thabhairt ar ghlaonna ar thograí.
An próiseas iarratais ar mhaoiniú díreach
Féach na daoine i do thír féin a bhfuil maoiniú díreach faighte acu ón Aontas
Bainistiú comhroinnte
Córas maoiniúcháin a bhainistítear i gcomhar le húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha, ar 80% de bhuiséad an Aontais é. Úsáidtear 5 phríomhchiste lena aghaidh seo, faoi scáth Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa:
- Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa – forbairt réigiúnach agus uirbeach
- Ciste Sóisialta na hEorpa – cuimsiú sóisialta agus dea-rialachas
- An Ciste Comhtháthaithe – cóineasú eacnamaíoch na réigiún beagfhorbartha
- An Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe:
- An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh
Maoiniú indíreach
Maoiniú a bhainistíonn údaráis náisiúnta agus réigiúnacha, seachas an tAontas. Tugtar fóirdheontais air seo freisin, agus is féidir iarratas a dhéanamh ar an gcineál seo maoiniúcháin ar an leibhéal náisiúnta.