Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Inimirce chuig an Aontas Eorpach

Na cearta atá agat agus rialacha an Aontais

Más náisiúnach nach den Aontas thú atá ag iarraidh aistriú go Ballstát den Aontas chun obair a dhéanamh, dul i mbun staidéir nó dul i bpáirt le ball teaghlaigh, d’fhéadfadh sé go bhfuil tú i dteideal cearta áirithe faoi rialacha an Aontais maidir le hinimirce. Tá na hinniúlachtaí céanna ag an Aontas agus ag tíortha an Aontais sa réimse sin, ach is faoi gach Ballstát atá sé an cinneadh deiridh a dhéanamh maidir le hiarratais aonair ó imircigh. I réimsí nach bhfuil aon rialacha de chuid an Aontais glactha iontu, féadfaidh Ballstáit an Aontais na coinníollacha a leagan síos maidir le cead cónaithe agus ceadanna oibre a fháil ina dtír féin.

Ba cheart i gcónaí iarratas ar víosa nó ar chead cónaithe a chur díreach chuig údaráis an Bhallstáit a bhfuil sé beartaithe agat bogadh chuige. Níl aon institiúid de chuid an Aontais ann a láimhseálann iarratais ná a eisíonn víosaí nó ceadanna cónaithe thar ceann tíortha aonair.

An bhfuil mé incháilithe?

Rialacha coiteanna an Aontais maidir le hinimirce agus víosaí, tá feidhm acu i dtaca leis na daoine seo a leanas ar mian leo aistriú go Ballstát den Aontas ar feadh tréimhse níos faide ná 90 lá:

  • oibrithe ardcháilithe
  • aistrithe laistigh de chorparáidí (náisiúnaigh nach den Aontas iad a bhfuil conradh oibre acu i gcuideachta atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus ar tairgeadh ról dóibh i mbrainse den eagraíocht i dtír de chuid an Aontais)
  • oibrithe séasúracha
  • lucht taighde
  • mic léinn
  • oiliúnaithe agus oibrithe deonacha (tá rialacha san Aontas maidir le daltaí malairte agus lucht au pair a d’fhéadfadh tíortha an Aontais a chur i bhfeidhm ina reachtaíocht náisiúnta)

Más as tír lasmuigh den Aontas thú, ach cónaí ort go dleathach i dtír de chuid an Aontais, cuireann na rialacha ar do chumas an méid seo a dhéanamh freisin:

  • baill teaghlaigh a thabhairt leat
  • a bheith i do chónaitheoir fadtéarmach tar éis 5 bliana cónaithe.

Tá feidhm ag na rialacha sin i ngach Ballstát cé is moite den Danmhairg agus d’Éirinn.

Cén chatagóir ina bhfuil mé?

Eolas faoi na catagóirí daoine a chumhdaítear leis na rialacha. Rialacha maidir le víosaí, ceadanna cónaithe agus baill teaghlaigh atá ag teacht i bpáirt leat, de réir catagóir de dhaoine aonair incháilithe.

An bhfuil tú ag smaoineamh ar aistriú chuig an Aontas Eorpach?

Eolas faoi bheith ag obair nó ag staidéar san Aontas ar feadh tréimhse níos faide ná 90 lá agus conas dul i bpáirt le do theaghlach. Foghlaim faoi na cearta atá agat agus an méid atá le déanamh más mian leat aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.

An bhfuil tú ag smaoineamh ar dhul ag staidéar san Aontas Eorpach?

Eolas faoi chórais náisiúnta ardoideachais, deiseanna maoiniúcháin, víosaí agus ceadanna cónaithe sna Ballstáit atá clúdaithe faoin tionscadal Staidéar a dhéanamh san Eoraip. Eolas praiticiúil chun cuidiú leat ullmhú le dul ag staidéar san Aontas.