Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Saintréith den Aontas is ea an éagsúlacht chultúrtha agus teanga atá le fáil ann, agus is dlúthchuid d’oidhreacht chultúrtha an Aontais iad na teangacha a labhraítear sna Ballstáit. Is é sin a fáth a dtacaíonn an tAontas leis an ilteangachas ina chláir agus in obair na n-institiúidí.

Tá 24 theanga oifigiúla san Aontas:

Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis agus Ungáiris.

Stair

Gach uair a tháinig Ballstát nua isteach san Aontas, cuireadh le líon na dteangacha oifigiúla.

Teangacha oifigiúla an Aontais agus an bhliain a tugadh isteach iad

  • 1958: Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Ollainnis
  • 1973: Béarla, Danmhairgis
  • 1981: Gréigis
  • 1986: Portaingéilis, Spáinnis
  • 1995: Fionlainnis, Sualainnis
  • 2004: Eastóinis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Polainnis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Ungáiris
  • 2007: Bhulgáiris, Gaeilge, Rómáinis
  • 2013: Cróitis

Féach an chaoi a labhraítear teangacha oifigiúla an Aontais

An tIlteangachas

an t-ilteangachas ar cheann de bhunphrionsabail an Aontais.

Tá sé mar aidhm ag an mbeartas seo:

  • cumarsáid a dhéanamh leis na saoránaigh ina dteanga féin
  • an éagsúlacht shaibhir teangacha atá ag an Eoraip a chosaint
  • foghlaim teangacha a chur chun cinn san Eoraip

Is cur chuige ar leith é sin nach bhfuil a mhacasamhail le fáil in aon tír ilteangach ná in eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Tá an t-ilteangachas cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh: Tá sé de cheart ag náisiúnaigh de chuid an Aontais aon cheann de na 24 theanga oifigiúla a úsáid chun teagmháil a dhéanamh le hinstitiúidí an Aontais, agus ní mór do na hinstitiúidí freagra a thabhairt sa teanga chéanna.

gníomhartha dlíthiúla agus na hachoimrí orthu ar fáil i ngach teanga oifigiúil den Aontas.

Déantar ateangaireacht ar chruinnithe na Comhairle Eorpaí agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh i ngach ceann de na teangacha oifigiúla. Tá sé de cheart ag Feisirí Pharlaimint na hEorpa aon cheann de na teangacha oifigiúla a úsáid agus iad ag labhairt sa Pharlaimint.

Sin an áit a bhfuil ról ag ateangairí comhdhála agus aistritheoirí chun an foca3l labhartha agus scríofa a chur in iúl i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais, agus i dteangacha eile nuair is gá.

Rialacha teanga an Aontais

Is í an Chomhairle a bhunaigh na rialacha maidir le húsáid teangacha ag institiúidí an Aontais, ag gníomhú di d’aon toil trí bhíthin rialachán a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 342 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tá na rialacha sin leagtha síos i Rialacháin Uimh. 1 ina sonraítear go bhfuil 24 theanga oifigiúla agus oibre ag na hinstitiúidí.

Tá an Béarla fós ina theanga oifigiúil den Aontas Eorpach, d’ainneoin gur fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas. Leanfaidh an Béarla de bheith ina theanga oifigiúil agus oibre de chuid institiúidí an Aontais fad a bheidh sé liostáilte i Rialachán Uimh. 1. Tá an Béarla freisin ar cheann de theangacha oifigiúla na hÉireann agus Mhálta.

Ina theannta sin, tá rialacha leagtha síos i Rialachán Uimh. 1 maidir leis na teangacha inar gá dlí an Aontais a bheith dréachtaithe agus foilsithe, agus maidir leis na teangacha a úsáidtear sna doiciméid a sheoltar idir institiúidí an Aontais agus an pobal nó idir na hinstitiúidí agus tíortha an Aontais. Tá sé de cheart ag institiúidí an Aontais freisin cinneadh a dhéanamh faoin dóigh a gcuireann siad socruithe teanga i bhfeidhm go hinmheánach.