Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Council of the European Union - Logo

Forléargas

  • Ról: Glór rialtais an Aontais, a ghlacann dlíthe an Aontais agus a chomhordaíonn beartais an Aontais
  • Comhaltaí: Airí rialtais do gach Ballstát, de réir an réimse beartais atá le plé
  • Uachtarán: Bíonn an uachtaránacht ag gach Ballstát ar feadh 6 mhí ar bhonn uainíochta
  • Bliain a bhunaithe: 1958 ( mar Chomhairle Chomhphobal Eacnamaíoch na hEorpa)
  • Áit: An Bhruiséil (an Bheilg)
  • Suíomh gréasáinComhairle an Aontais Eorpaigh

I gComhairle an Aontais Eorpaigh, nó an Chomhairle, mar a thugtar uirthi freisin go neamhfhoirmiúil, tagann airí rialtais ó gach Ballstát le chéile chun dlíthe a phlé, a leasú agus a ghlacadh, agus chun beartais a chomhordú. Bíonn sé d’údarás ag na hairí a ghealladh go gcloífidh a gcuid rialtas leis na bearta a ndéantar comhaontú fúthu sna cruinnithe. Is sa Bhruiséil a bhíonn cruinnithe na Comhairle ar siúl, seachas le linn trí mhí (Aibreán, Meitheamh agus Deireadh Fómhair) nuair a thionóltar i Lucsamburg iad.

In éineacht le Parlaimint na hEorpa, is í an Chomhairle príomhchomhlacht cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh.

Ní cheart é a mheascadh le:

  • An Chomhairle Eorpach - cruinniú mullaigh gach ráithe, áit a dtagann ceannairí an Aontais le chéile chun treoir ghinearálta a thabhairt do phróiseas ceaptha beartas an Aontais Eorpaigh
  • Comhairle na hEorpa - nach comhlacht de chuid an Aontais í ar chor ar bith.

Obair na Comhairle

  • déanann sí dlíthe an Aontais a chaibidliú agus a ghlacadh, in éineacht le Parlaimint na hEorpa, bunaithe ar thograí ón gCoimisiún Eorpach
  • comhordaíonn sí beartais na mBallstát
  • ceapann sí beartas eachtrach agus slándála an Aontais, bunaithe ar threoirlínte ón gComhairle Eorpach
  • tugann sí comhaontuithe chun críche idir an tAontas agus tíortha eile nó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile
  • is í a ghlacann buiséad bliantúil an Aontais - i gcomhpháirt le Parlaimint na hEorpa.

Comhdhéanamh

Níl aon chomhaltaí buana i gComhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, tagann an Chomhairle le chéile i ndeich gcumraíocht éagsúla, gach ceann ag freagairt don réimse beartais atá faoi chaibidil. Ag brath ar an gcumraíocht, seolann gach tír an t-aire atá freagrach as an réimse beartais sin chuig an gcruinniú.

Mar shampla, nuair a thionóltar cruinniú na Comhairle ar ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais (Comhairle Ecofin) freastalaíonn aire airgeadais gach tíre air.

Cé a bhíonn mar chathaoirleach ar na cruinnithe?

Tá cathaoirleach buan ag an gComhairle um Ghnóthaí Eachtracha - Ard-Ionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála. Is é aire ábhartha na tíre ag a bhfuil uachtaránacht rothlach an Aontais a bhíonn ina chathaoirleach ar chruinnithe eile uile na Comhairle.

Mar shampla, aon chruinniú den Chomhairle Comhshaoil sa tréimhse ina bhfuil an uachtaránacht ag an Eastóin, is é aire comhshaoil na hEastóine a bheidh ina chathaoirleach air.

Cinntíonn an Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta go bhfuil comhleanúnachas foriomlán ann - agus tacaíonn Coiste na mBuanionadaithe léi. Tá an coiste comhdhéanta de Bhuanionadaithe Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, atá, i ndáiríre, ina n-ambasadóirí náisiúnta chuig an Aontas.

Tíortha an Limistéir Euro

Comhordaíonn tíortha an Limistéir Euro a mbeartas eacnamaíoch tríd an nGrúpa Euro, atá comhdhéanta dá n-airí geilleagair agus airgeadais. Tagann sé le chéile an lá roimh chruinnithe Chomhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais. Déantar na comhaontuithe ar a dtagtar i gcruinnithe an Ghrúpa Euro a chinneadh go foirmiúil sa Chomhairle an lá dar gcionn, gan ach airí na dtíortha atá sa Limistéar Euro ag vótáil ar na ceisteanna sin.

Cén chaoi a n-oibríonn an Chomhairle?

  • Tagann airí an Aontais le chéile go poiblí nuair a bhíonn dréachtghníomhartha reachtacha á bplé acu nó nuair a dhéanann siad vótáil orthu.
  • de ghnáth, teastaíonn tromlach cáilithe sula nglacfar le cinntí:
    • 55% de na tíortha (tá 27 mball ann faoi láthair, mar sin bíonn 15 thír ag teastáil)
    • a sheasann do 65% ar a laghad de dhaonra iomlán an Aontais Eorpaigh
  • Féadfaidh tú féachaint ar sheisiúin phoiblí na Comhairle beo i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais. Nuair is cruinniú poiblí a bhíonn ag an gComhairle, bíonn teacht ag an bpobal ar mhiontuairiscí agus ar vótáí an chruinnithe sin.

Chun stop a chur le cinneadh, teastaíonn 4 thír ar a laghad (a sheasann do 35% ar a laghad de dhaonra iomlán an Aontais)

  • eisceacht - bíonn vóta d’aon toil (gach tír i bhfabhar) ag teastáil i gcás ábhair íogaire amhail beartas eachtrach agus cánachas.
  • Teastaíonn tromlach simplí i gcás ceisteanna nós imeachta agus riaracháin

Tusa agus an Chomhairle

Is féidir leat ceisteanna ginearálta a chur chuig seirbhís faisnéise na Comhairle don phobal.

Rochtain ar dhoiciméid

Rochtain ar fhaisnéis

Clár oibre chruinnithe Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Tuilleadh eolais

Cé hé cé

Dátaí uachtaránachtaí na Comhairle

Tabhair cuairt ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Foilseacháin

Leabharlann na Comhairle

Poist

Teagmháil

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Ainm
Comhairle an Aontais Eorpaigh
Suíomh gréasáin
https://www.consilium.europa.eu/ga/
Uimhir ghutháin
+32 2 281 61 11
Uimhir facs
+32 2 281 73 97 / 81
Seoladh poist
Rue de la Loi / Wetstraat, 175, 1048 Bruxelles/an Bhrúiséil, An Bheilg
Na meáin shóisialta